30 Eanáir 2023
In ómós don chomóradh ar Naomh Bríde ar 01 Feabhra 2023, agus leis an gcéad lá saoire bainc don Fhéile Bríde ag teannadh linn (an chéad ceann riamh sa stát luaite le bean), déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) cíoradh ar na leaganacha dá hainm arna baiste ar leanaí in Éirinn. Tá an t-eolas anseo thíos tógtha ónár sraith staitisticí ar Ainmneacha Leanaí ó na 1960idí i leith.
Go dtí an bhliain 2018, níl taifead sonrach ar na leaganacha Bríd agus Brid (le síneadh fada nó gan ceann), óir go rangaíodh an dá leagan le chéile. É sin ráite, bhí buaicthréimhse ag an ainm seo i dtús na 1980idí, tráth ar baisteadh Bríd ar os cionn leathchéad cailín nuabheirthe i ngach ceann de 1980 (58 leanbh), 1982 (52 leanbh) agus 1983 (52 leanbh arís).
Tá Bríd imithe i léig ó shin, mar atá tarlaithe le go leor ainmneacha traidisiúnta, agus í suas síos le líon beag ainmneacha na laethanta seo – 5 leanbh in 2017, 8 leanbh in 2018, níos lú ná 3 leanbh in 2020 agus 6 leanbh in 2021.
Is é 1964 tús na sraithe sonraí de chuid na hOifige, agus an líon is airde cailín den ainm Brigid le fáil sa bhliain dar gcionn in 1965 (293 leanbh), tráth a raibh sí ar an 26ú hainm ba mhó tóir do chailíní.
Cé go raibh laghdú ar úsáid an ainm ina diaidh sin, bhí breis is céad cailín den ainm Brigid gach bliain go dtí 1972, tráth ar baisteadh í ar 126 leanbh. D’fhan Brigid sa chéad 100 ainm cailín in Éirinn cúpla bliain eile, go dtí 1975.
Tháinig athbheochan beag ar an ainm in 1995, tráth ar tugadh Brigid ar 62 leanbh ach thit sí arís, go 28 leanbh, in 1996. Ar thairseach na mílaoise, in 1999, bhí níos lú ná 8 leanbh den ainm agus lean an treocht seo sna blianta ina diaidh ach amháin in 2006 nuair a bhí 10 leanbh. Laghdú níos suntasaí é go raibh faoi bhun triúr leanbh den ainm Brigid i ngach ceann de 2014, 2015, 2016 agus 2017.
Feictear 5 leanbh arís in 2018, agus 3 leanbh an ceann in 2019 agus 2020. Níos lú ná 3 a bhí ann in 2021.
Is é an leagan is coitianta sa lá inniu ná an t-ainm galldaithe Bridget. Tugadh Bridget ar 23 leanbh in 2020 agus ar 20 leanbh in 2021, bliain ina raibh sí ar an 228ú ainm ba mhó tóir.
Bhí réimeas nach beag ag an ainm seo agus í ar theastas breithe na mílte cailín thar na blianta. Bhí Bridget ar an 8ú ainm ba mhó tóir in 1964 (chéad bhliain na sraithe) le 595 leanbh den ainm sin. Is le réasúnta déanaí, in 1998, ar thit Bridget amach as an chéad 100 ainm cailín.
Breda: Níor tháinig buaicphointe an ainm seo go dtí na 1980idí, murach ionann le leaganacha eile luaite anseo thuas. Sa chéad bhliain den tsraith, in 1964 tugadh Breda ar 37 leanbh ach ba í an bhliain ba fhlúirsí di ná 1982 le 49 leanbh. Tá laghdú síoraí tagtha ar a úsáid ó shin seachas in 1988, nuair a bhí ar 27 cailín nuabheirthe. Tugadh Breda ar 6 leanbh in 2020 ach níos lú ná triúr in 2021.
Bridgid: Idir 1967 agus 1971, tugadh Bridgid ar 23 cailín san iomlán. Bhí 3 leanbh den ainm arís in 1980.
Brighid: An líon is mó cailín den ainm Brighid ar an taifead, ná 6 leanbh a rugadh in 1964. Is é 1982 an bhliain dheireanach le hiontráil soiléir don ainm, le 3 leanbh.
Ar ndóigh, tá ainmneacha eile taifeadta sa sraith Ainmneacha Leanaí atá nasctha leis an Naomh Bríd. Ina measc sin tá Breada, Breeda, Breege, Breedge, Bridge (bliain amháin), Bridgeen, Bridie, Brídín, Briege agus Briget. Is féidir iad sin a chuardach agus teacht ar a thuilleadh eolais fúthu ag an nasc thíos.
Tá íosmhéid de 3 leanbh den inscne céanna i gceist le hiontrálacha ar tháblaí Ainmneacha Leanaí na hÉireann, ar mhaithe le príobháideachas an duine a chosaint. Má fheictear go bhfuil easpa iontrála i leith ainm, ciallaíonn sé sin nach raibh triúr cláraithe in aon bhliain leis an litriú ceannann céanna ó thús na sraithe (1964) i leith. Má fheictear nach bhfuil eolas faoi ainm i mbliain faoi leith, ciallaíonn sé sin nach raibh triúr cláraithe faoin ainm sin sa mbliain tagartha, .i. d’fhéadfadh go raibh leanbh ar bith, leanbh amháin nó beirt leanbh an bhliain sin.
Tagraítear sa phreasráiteas seo d’ainmneacha leanaí a cláraíodh ó dheas in Éirinn leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) agus a bhfuil anailís déanta orthu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Chun teacht ar shonraí faoi ainmneacha leanaí ó thuaidh, féach ar shuíomh Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) anseo: https://www.nisra.gov.uk/statistics/births/baby-names.
Gerard Doolan (+353) 21 453 5130
nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie
-- CRÍOCH --