Ar fhiafraigh tú díot féin riamh cén chaoi a dtaistealaíonn daoine i do cheantar áitiúil chuig an obair nó scoil? Nó cé mhéad duine a dhéanann obair dheonach i ngrúpaí pobail áitiúla nó i ngníomhaíochtaí spóirt? Nó cé mhéad duine atá ar comhaois leatsa agus atá ina gcónaí i do cheantar agus a d’fhéadfadh tacú le do smaoineamh nua gnó?
D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS) ó Dhaonáireamh 2022 inniu (an 21 Meán Fómhair 2023). Is é seo an tacar sonraí is mionsonraithe atá curtha ar fáil ó thorthaí Dhaonáireamh 2022 lena gclúdaítear ábhair amhail inscne, aois agus stádas pósta, teaghlaigh, tithíocht, oideachas, comaitéireacht agus slí bheatha chomh maith le hábhair nua amhail obair dheonach agus cúram leanaí. Trí úsáid a bhaint as ár mapaí idirghníomhacha, is féidir leat zúmáil isteach ar do cheantar áitiúil agus tuilleadh a fháil amach faoi do phobal.
Tá Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga Dhaonáireamh 2022 ar fáil trí mhapa idirghníomhach Dhaonáireamh 2022. Lenár mapa idirghníomhach atá éasca le húsáid, cuirtear ar do chumas do cheantar a chuardach de réir ainm nó de réir Éirchóid agus ábhar spéise a roghnú chun taighde a dhéanamh air. Is féidir na sonraí a íoslódáil freisin i bhformáid PDF nó Excel.
Mhínigh an Staitisteoir Sinsearach, Cormac Halpin: “Is é seo an tacar sonraí is mionsonraithe a chuirtear ar fáil ón daonáireamh. Cuirtear sonraí den scoth ar fáil leis an staidreamh seo ar réimsí a bhaineann le pobail áitiúla agus toghranna díreach suas go dtí leibhéal na gcontaetha agus na gcúigí trí úsáid a bhaint as an Roghchlár anuas teorann.
Ciallaíonn foilseachán an lae inniu go bhfuil sonraí ar fáil don tacar iomlán de 18,919 Ceantar Beag, ina gclúdaítear idir 60 agus 120 líon tí go hiondúil i ngach ceann acu. Úsáidtear na sonraí do gach rud idir eolas faoina gcomharsanacht áitiúil a chur ar fáil do dhaoine agus cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí chun cinntí a dhéanamh faoin áit ar cheart dóibh lonnú. D’fhéadfadh siopa rothar a bheith i gceist atá ag súil le forbairt a dhéanamh i gceantar nua, nó d’fhéadfadh oibritheoir iompair áitiúil a bheith ann a dhéanann measúnú ar inmharthanacht na seirbhíse bus nua nó d’fhéadfadh gnólacht áitiúil a bheith ann atá ag lorg sonraí ar chomhdhéanamh líonta tí ina gceantar. Is féidir le sonraí faoi cheantair bheaga daonáirimh cuidiú le heolas a dhéanamh do na cineálacha cinntí sin. Is féidir le pobail na sonraí a úsáid chun a gcás a láidriú chun seirbhísí breise a lorg, is cuma más ar mhaithe le háiseanna feighlíochta leanaí, seirbhísí don óige nó tacaíocht do dhaoine scothaosta é. Is acmhainn náisiúnta thábhachtach iad na sonraí seo, is féidir teacht orthu go héasca agus tá siad ar fáil saor in aisce chách lena n-úsáid.”
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Nótaí d'Eagarthóirí