Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Searmanas Bronnta CSO 2023

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Ócáid Céiliúrtha do Dhaltaí ag Searmanas Bronnta CSO

Bhí an-áthas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) searmanas bronnta a óstáil inniu (25 Deireadh Fómhair 2023) i bPáirc an Chrócaigh do dhaltaí ó gach cearn den tír a ghlac páirt inár gcomórtais i rith na mbliana.

Inniu rinneamar céiliúradh ar na buaiteoirí den Chomórtas Póstaer Staidrimh John Hooper 2023, den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO 2023 agus an Gradam um Úsáid Sonrái Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana 2023.

Buaiteoirí don Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO

Is as Crois Mhic Lionnáin i nDeisceart Ard Mhaca é Michael Harty, agus is as An Pointe i gContae an Dúin é Luke McKeveney – an bheirt acu 18 d’aois agus iad sa 6ú bhliain i Scoil na mBráithe Críostaí san Iúr i gContae an Dúin nuair a bhuaigh siad an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO 2023 ag Eolaí Óg na Bliana 2023. Bhaineadar úsáid as bogearraí foinse oscailte ‘EO browser’ chun sonraí a bhailiú ó satailítí faoi méadú ar an ráta scaoileadh meatáin ó thalamh síorshioctha sa Sibéir.

Dúradar ‘Tá sé dochreidte an gradam mór le rá seo ón CSO a bhuachaint, agus aitheantas a fháil don méid a bhaineamar amach i mbliana’. Tá Luke ag staidéar sa Mhanchain faoi láthair, agus é ar intinn aige dul leis an Róbataic. Tá Michael ag staidéar i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh agus é ag gabháil don leigheas.  Bronnadh bonn airgid steirling agus corn orthu inniu.

Buaiteoirí don Ghradam CSO ag Eacnamaí Óg na Bliana 2023

Is daltaí sa 5ú bhliain iad Alexia d’Arcy agus Keelin O’Carroll (16) as Baile Átha Cliath Theas. Bhuadar an chéad Gradam um Úsáid Sonrái Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana 2023. Déanann a dtogra imscrúdú ar chúinsí riar agus éileamh títíochta in Éirinn. Maidir lena nduais, dúirt siad ‘Ní raibh aon súil againn an comórtas a bhuachaint, mar bhí a fhios againn go raibh an caighdeán an-ard go deo. Mar sin, chun a bheith aitheanta agus an gradam seo á bhronnadh orainn, agus muid san iomaíocht leis an méid sin daoine, bhí sé mar spreagadj dúinn chun leanúint ar aghaidh lenár gcuid suimeanna.’

Bronnadh bonn airgid steirling agus corn orthu inniu.

Fuair na buaiteoirí sa Chomórtas Póstaeir Straidrimh John Hooper a ngradaim freisin.

Buaiteoirí don Chomórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper

Bhuaigh Alana McKinnon (16) agus Aisling Vaughan (15) as Scoil Mhuire gan Smál, Lios Dúin Bhearna, Co an Chláír, an Bonn Staidrimh John Hooper dá bpóstaer ar ‘Raon clúdaigh d'fhóin phóca agus an chlóghrafaíocht de Thuaisceart an Chláir’. Bronnadh bonn airgid steirling an duine orthu agus tá duaischiste €600 le roinnt eatarthu. Ina theannta sin, tá €1,000 tuillte acu dá scoil.

Nuair a iarradh a dtuairim faoina mbua, dúirt Alana agus Aisling, atá san Idirbhliain anois, go raibh idir iontas agus bród acu as a raibh bainte amach acu sa chomórtas, toisc gurb é seo an chéad bhliain a bhí foireann ón scoil sin ag glacadh páirt sa chomórtas.

Bhí a dtogra dírithe ar an éifeacht a bhí ag an clóghrafaíocht de Thuaisceart an Chláir ar raon clúdaigh d’fhóin póca, ag féachaint ar na trí príomh-soláthraí seirbhíse d’fhón póca. Dúirt siad: ‘Bhí go leor sonraí agus staidrimh againn chun cruth a chur air. D’fhoghlaimaíomar go bhfuil tionchar ar an clóghrafaíocht ar raon clúdaigh d'fhóin phóca sa cheantar.

Tar éis dóibh buachaint sa chomórtas náisiúnta, rinne an péire ionadaíocht thar ceann na hÉireann i gComórtas Staidrimh na hEorpa (CSE) sa Chatagóir Sóisir. Ba mhaith le Aisling a bheith ina péidiatraí agus tá suim ag Alana sa scannánaíocht agus sa chineamatagrafaíocht.

Áine Kelly agus Ella Enright, iad araon 15 bliana d’aois agus sa tríú bhliain, as Scoil Mhuire gan Smál freisin, a bhuaigh an tarna duais sa Chomórtas John Hooper as ucht a bpostaer ‘Cé Mhéad Plaistic a thagann i dtír ar ár gCladaigh?’ Roinnfear duaischiste €350 idir an bheirt agus tá €650 ag dul dá scoil. Ba mhian le Áine dul i mbun feirmeoireachta, agus tá suim ag Ella i gcúrsaí dlí.

Abigail O'Brien Murray, Erica O'Brien Murray agus Olivia O'Shea, iad go léir sa 6ú bhliain i Meánscoil Loreto, Baile Brigín, Co Baile Átha Cliath, a tháinig sa tríú háit i gComórtas John Hooper lena dtogra ‘Conas is féidir linn an Fhuinseog a shábháil?’ Roinnfear duaischiste €200 eathartha agus tá €400 ag dul dá scoil.  Rinne siad ionadaíocht thar ceann na hÉireann i gComórtas Staidrimh na hEorpa (CSE) sa Chatagóir Sinsear. Ba mhaith le Abigail taighde a dhéanamh sa fisic amach anseo, tá Erica ag díriú isteach ar bhithcheimic agus plandeolaíocht agus tá sé ar intinn ag Olivia dul leis an múinteoireacht.

Fuair na buaiteoirí eile sa Chomórtas John Hooper ard-mholadh as a gcuid togra freisin. Tugadh teastas frámáilte do na buaiteoirí go léir inniu mar aitheantas don méid a bhain siad amach i mbliana.

Is é Pádraig Dalton, Ard-Stiúrthóir an CSO, a bhronn na duaiseanna ag an searmanas inniu. Thug sé ard-mholadh do gach duine a chur isteach ar na comórtais as ucht a bheith ag smaoineamh ar bhealaí nua chun sonraí agus staitisticí a úsáid agus a léiriú ionas go mbeidh bonn eolais ar an saol againn.

Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt an tUasal Dalton: “Gach bliain bíonn caighdeán iontach ard le feiceáil i measc na hiontrálacha ar Chomórtáis agus Ghradaim an CSO. Léiríonn daltaí idir clisteacht agus cruthaitheacht leis an oiread ábhar éagsúla a roghnaíonn siad dá dtograí.

Cuid lárnach de chlár For-rochtana Oideachais an CSO is iad cothú tuisceana ar staitisticí agus daoine a spreagadh lena n-úsáid. Gnéithe lárnacha den chlár sin iad Comórtas John Hooper, an Gradam Sonraí Oscailte ag Eolaí Óg na Bliana agus an Gradaim d’Eacnamaí Óg na Bliana’

Maidir leis an nGradam John Hooper:

Is é is príomhchuspóir ag an CSO le Comórtas John Hooper ná feabhas a chur ar inniúlachtaí daltaí chun cur síos a dhéanamh ar a dtimpeallacht, chun breathnú thart air agus chun é a iniúchadh le staidrimh mar áis acu. Tá an comórtas náisiúnta seo, atá 13 bliana ar an bhfód, oscailte d’fhoirne a bhfuil 2 nó 3 dalta orthu, agus iad 18 mbliana d’aois nó níos óige.

Tá an comórtas seo ainmnithe in ómós don Chorcaíoch a ceapadh ina chéad Stiúrthóir Staidrimh ar Saorstát Éireann in 1923.  Idir sin agus an tráth ar cailleadh é, gan coinne, in 1930 agus é díreach 51 bliain d’aois, chuaigh John Hooper i bhfeidhm go mór ar fhorbairt ábhar staidrimh oifigiúil de chuid an Stát. Is le linn a shaol oibre a forbraíodh ábhair úra staidrimh (m.sh. an chéad Daonáireamh agus an chéad Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail don stát úr, sa bhliain 1926 araon) agus ar achtaíodh an tAcht Staidrimh, 1926.

Maidir leis an nGradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO:

Seo hí an naoú bhliain den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig. Tá sé mar aidhm leis an ngradam daoine óga a spreagadh chun sonraí oscailte a úsáid. Is éard is ciall le sonraí oscailte ná sonraí gur féidir a rochtain, a úsáid, nó a roinnt gan costas agus gan dualgas a bheith ann cead a lorg. Is féidir le rialtais, comhlachtaí agus daoine ar leith úsáid a bhaint as sonraí oscailte chun buntáistí sóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta a bhaint amach.

Bronntar an gradam as ucht an úsáid, nó an úsáid féideartha, is nuálaí de shonraí an CSO, bíodh sin in anailísí staitistiúla, próisis staitistiúla nó aschur staitistiúil; in uirlis léirmhínithe nó léarscáil sonraí léirmhínithe; i bhforbairt ghléis; i bhfeidhmchlár bogearra nó in úsáid sonraí an CSO ar bhealach nuálach eile. 

Maidir leis na Gradaim Náisiúnta d’Eacnamaí Óg na Bliana

Tá na Gradaim Náisiúnta d’Eacnamaí Óg na Bliana eagraithe ag an Seirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST).Tá an CSO an-bhródúil as urraíocht a chur ar fáil don Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte in éineacht le Eacnamaí Óg na Bliana. Spreagann an Comórtas  Eacnamaí Óg na Bliana daltaí chun saincheisteanna gnáth-shaol a iniúchadh tré mheán dul i mbun tionscadal ar chursaí eacnamaíochta a bhaineann le ceann amháin de Spriocanna um Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (Spriocanna eacnamaíochta, Sochaí nó Timpeallachta).

Nótaí d'Eagarthóirí

I gcomhair tuilleadh eolais nó iarratais agallamh, déan teagmháil le:

Aeidín Sheppard, Bainisteoir Imeachtaí, Margaíochta agus Dearadh Grafaic

(+353) 85 800 2267

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --