Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 8 Dhaonáireamh 2022: An Ghaeilge agus Oideachas– Corcaigh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Cáilíocht tríú leibhéal bainte amach ag beagnach 180,000 duine i gCorcaigh de réir thorthaí Dhaonáireamh 2022

Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (19 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Chorcaigh. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.”

Roinnt buaicphointí faoi Chorcaigh

Cainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta

Tháinig méadú ó dhíreach os cionn 3,900 duine i nDaonáireamh 2016 go 4,110 duine i nDaonáireamh 2022 ar dhaonra Ghaeltacht Chorcaí. Áirítear orthu sin 3,972 duine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine agus astu sin bhí 2,942 duine in ann Gaeilge a labhairt.

Tháinig méadú ó 246 duine go dtí 292 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 555 duine a labhair Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin laghdú ó 626 duine in 2016. Tháinig laghdú de bheagán ó 437 duine go dtí 432 ar an líon daoine a labhair Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin).

Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt. Bhí 1,167 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, 1,094 duine a bhí in ann í a labhairt go maith agus 638 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith.

Cainteoirí Gaeilge ar an Iomlán

Tháinig méadú díreach os cionn 14,000 duine go dtí 238,226 ar an líon daoine (trí bliana d’aois agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt i gCorcaigh i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 44.8% de dhaonra an chontae a bhí trí bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 44.1% i nDaonáireamh 2016. In Éirinn ar an iomlán, bhí beagnach 1.9 milliún duine in ann Gaeilge a labhairt, nó 40% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine. Sin méadú níos mó ná 112,500 duine ó 2016 i leith (+6%).

Bhí níos mó ban ná fear i gCorcaigh in ann Gaeilge a labhairt. I limistéar Chomhairle Cathrach Chorcaí, bhí níos mó ná 46,300 bean in ann Gaeilge a labhairt agus bhí beagnach 39,200 fear in ann í a labhairt. Bhí díreach os cionn 83,000 cainteoir mná i limistéar an chontae agus bhí beagnach 69,600 cainteoir fir ann.

Go náisiúnta, ba mhná ba mhó is dóichí freisin a bhí in ann Gaeilge a labhairt seachas fir agus b’ionann iad agus 55% de na cainteoirí Gaeilge ar fad.

Na hÁiteanna ar Labhair Daoine Gaeilge

Tháinig méadú de bheagán ó bheagnach 68,000 duine i nDaonáireamh 2016 go dtí 68,539 duine i nDaonáireamh 2022 ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil (laistigh den chóras oideachais amháin). 4,819 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin) i gcomparáid le 4,984 duine in 2016. 13,737 duine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin ardú ó 13,430 duine a rinne amhlaidh in 2016.

Líofacht i Labhairt na Gaeilge

I measc na gcainteoirí Gaeilge i limistéar Chomhairle Cathrach Chorcaí, 9,603 duine a bhí in ann í a labhairt go han-mhaith (11%), beagnach 27,000 duine a bhí in ann í a labhairt go maith (31%) agus beagnach 47,000 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (55%).

B’ionann an scéal i measc cainteoirí Gaeilge i limistéar na Comhairle Contae, inar raibh beagnach 15,000 duine (10%) in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, 49,000 duine a bhí go maith á labhairt (32%) agus 84,607 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (55%).    

In Éirinn ar an iomlán, bhí 10% de na cainteoirí Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, labhair 32% acu go maith í agus bhí 55% nach raibh in ann í a labhairt go maith. 

An Leibhéal Oideachais

Tháinig méadú ó dhíreach faoi 145,000 duine in 2016 go díreach os cionn 180,000 duine in 2022 ar an líon daoine a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu i gCorcaigh, nó ráta 47%, i gcomparáid leis an ráta náisiúnta de 45%. Bhí 5,342 duine i gCorcaigh a raibh PhD bainte amach acu agus b’ionann sin agus 14% de na daoine ar fad sa tír a raibh PhD acu.

Bhí oideachas lánaimseartha ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag níos mó ná 99,000 duine, nó ag 26% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Ba mhéadú é sin ó bheagnach 98,000 duine in 2016.

Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 867,400 duine (26%).

Bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag beagnach 52,000 duine i gCorcaigh i nDaonáireamh 2022 (13% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine), i gcomparáid le níos mó ná 52,800 duine i nDaonáireamh 2016 a chuir in iúl go ndearna siad amhlaidh. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 446,000 duine (13%).

Níos mó ná 32,500 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (8%). Ba laghdú é sin ó dhíreach os cionn 38,700 duine in 2016 (Go náisiúnta, bhí beagnach 332,500 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%).

Aois nuair a Críochnaíodh Oideachas

Tháinig ardú ar an meánaois inar chríochnaigh daoine oideachas lánaimseartha i ngach contae idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022. D’ardaigh an mheánaois i gCorcaigh ó 20.2 bliain d’aois go 21 bliain d’aois. D’ardaigh an mheánaois go náisiúnta ó 19.9 bliain d’aois go 20.8 bliain d’aois.  

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreaán 2022. 
  • Tá próifílí uile Dhaonáireamh 2022 atá foilsithe go dtí seo ar fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • I nDaonáireamh 2022, fiafraíodh de na daoine a dúirt go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt cé chomh minic is a labhair siad í agus cuireadh rogha de chúig fhreagra ar fáil – (i) Go laethúil, taobh istigh den chóras oideachais; (ii) Go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais; (iii) Go seachtainiúil; (iv) Ní chomh minic sin; (v) Riamh. D’fhéadfadh daoine a labhraíonn Gaeilge laistigh den chóras oideachais freisin a bheith san áireamh i gcatagóirí (ii) go (v).
  • Fiafraíodh freisin de dhaoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt agus bhí rogha as na freagraí seo a leanas ann – (i) go han-mhaith; (ii) go maith; (iii) go dona.
  • In Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956, 1967, 1974 agus 1982, rinneadh cur síos ar an nGaeltacht mar 155 Toghroinn nó codanna de Thoghroinn i gcontaetha Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí, Mhaigh Eo, na Mí agus Phort Láirge. Tá daonra na dToghrann sin nó codanna díobh ar fáil i dTábla 2 san Aguisín - Daonra na Gaeltachta de réir Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta de réir Inscne, 2022 sna Nótaí Cúlra de Phróifíl 1 Dhaonáireamh 2022: Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra.
  • Taispeántar an líon daoine sa Ghaeltacht de réir teorainneacha Contae mar gheall ar inchomparáideacht idir na daonáirimh.
  • I nDaonáireamh 2022 cuireadh dhá cheist a bhain leis an oideachas ar dhaoine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Sa chéad cheist, fiafraíodh do fhreagróirí an raibh siad críochnaithe lena gcuid oideachais lánaimseartha. Má d’fhreagair siad ‘Tá’, fiafraíodh díobh ansin cén aois a bhí siad nuair a críochnaíodh é. Sa dara ceist, fiafraíodh díobh cén leibhéal is airde oideachais (lánaimseartha nó páirtaimseartha) a baineadh amach. Bhí idir gan aon oideachas foirmiúil go céim iar-dhochtúireachta tríú leibhéal sna leibhéil sin. Baineadh an cheist a bhain le Réimse Staidéir, a bhí san áireamh i nDaonáireamh 2011 agus i nDaonáireamh 2016 araon, d’fhoirm Dhaonáireamh 2022. Tá sé i gceist ag an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí maidir le Réimse Staidéir ó Dhaonáireamh 2022 a chur ar fáil trí fhreagraí ó Dhaonáireamh 2016 agus sonraí ón Údarás um Ard-Oideachas a chur le chéile agus na freagraí a bhunú ar shlite beatha agus tionscal. Cuirfear na sonraí maidir le Réimse Staidéir leis an PxStat sna míonna amach romhainn.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.
  • Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tuilleadh foilseachán ó Dhaonáireamh 2022 a eisiúint in 2024. Beidh sonraí faoi sin ar fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --