Bhí breis is 6,600 (+7%) níos mó daoine ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta in Aibreán 2022 i gcomparáid le hAibreán 2016 agus dá réir bhí breis is 106,000 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht.
Lean sciar na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ag laghdú ó 69% in 2011 go dtí 66% in 2022.
Thug beagnach 1.9 milliún duine (trí bliana d’aois agus níos sine) le fios go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt, ardú ó bhreis is 112,500 duine ó Dhaonáireamh 2016 (+6%).
Bhí duine amháin as gach deichniúr in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith agus bhí 32% a dúirt go raibh siad go maith á labhairt. Ní raibh tromlach na gcainteoirí Gaeilge (55%) go maith á labhairt.
Ní raibh cáilíocht tríú leibhéal ach ag 35% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana agus níos sine in 2011, bhí an figiúir seo ag 45% in 2022.
Bhí an t-oideachas lánaimseartha críochnaithe ag beagnach 270,000 duine nó 8% sula raibh siad 16 bliana d’aois, síos ó 13% in 2011.
Ba é ba dhóichí go mbeadh oideachas tríú leibhéal faighte ag daoine 15 bliana d’aois agus níos sine i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin (65%).
Ba ag 20.8 bliana d’aois an mheánaois go náisiúnta ag ar chríochnaigh daoine a n-oideachas lánaimseartha i nDaonáireamh 2022.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Tá Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (19 Nollaig 2023).
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.
Thug beagnach 1.9 milliún duine le fios go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt go dtí pointí áirithe líofachta ó gan bheith in ann í a labhairt go maith go dtí a bheith an-mhaith á labhairt. Bhí duine as gach deichniúr (195,029 duine) an-mhaith ag labhairt na teanga, 32% (593,898 duine) a bhí go maith ag labhairt Gaeilge, agus 55% (1,034,132 duine) de na cainteoirí Gaeilge nach raibh go maith á labhairt. Tá sé spéisiúil líon na saoránach neamh-Éireannach a bhí in ann Gaeilge a labhairt a fheiceáil, ina measc 13% de shaoránaigh ón bPolainn, 13% de shaoránaigh ón Laitvia agus 15% de shaoránaigh ón Astráil.
Léirigh anailís ar thorthaí daonáirimh ar chúrsaí oideachais go raibh cáilíocht tríú leibhéal ag 45% den daonra a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine, an sciar ab airde go dtí seo. Bhí duine as gach deichniúr (10%) a raibh a gcuid oideachais críochnaithe acu ag an mbunleibhéal nó nach raibh aon oideachas foirmiúil acu agus 39% a raibh oideachas dara leibhéal acu.
Ag féachaint ar rátaí tríú leibhéal i measc saoránaigh neamh-Éireannacha, ba i measc saoránach de chuid na hIndia a bhí an ráta ab airde ag 86%, le saoránaigh de chuid na Fraince agus de chuid Meiriceá ag 74% ag teacht ina ndiaidh, agus saoránaigh de chuid na Gearmáine ag 73%.
An Ghaeilge agus Oideachas – Roinnt Buaicphointí
Cainteoirí Gaeilge i gCeantair Ghaeltachta
D’fhás líon na ndaoine a bhí ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta díreach os cionn 6,600 duine go dtí breis is 106,000 duine de réir Dhaonáireamh 2022 (+7%) agus bhí ardú le feiceáil i ngach ceantar Gaeltachta. Ba i gceantar Gaeltachta Chontae na Gaillimhe a bhí an fás ab airde le breis is 2,900 níos mó daoine ina gcónaí ann. Ba i gceantar Gaeltachta Mhaigh Eo a bhí an fás ab ísle le 129 duine sa bhreis ina gcónaí ann idir Daonáireamh 2022 agus Daonáireamh 2016.
Díreach os cionn 65,000 duine a bhí trí bliana d’aois agus níos síne a bhí ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta a bhí in ann Gaeilge, ardú beagnach 1,500 duine ó 2016. Mar sin féin, lean sciar na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ag titim, síos go dtí 66% in 2022 ó bheith ag 67% in 2016 agus ag 69% in 2011.
Labhari díreach os cionn 20,000 duine a bhí ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta Gaeilge go laethúil (31%), 325 níos lú daoine ná 2016 (-2%) Labhair beagnach 6,500 duine Gaeilge go seachtainiúil, ardú 2% ó 2016. Ba i gceantar Gaeltachta Chontae na Gaillimhe a bhí an sciar ab airde de chainteoirí laethúla Gaeilge ag 39%, cé go raibh sé sin tite ó 40% in 2016. Labhair díreach 8% de chainteoirí Gaeilge i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe an teanga go laethúil, an sciar ab ísle de na ceantair Ghaeltachta ar fad.
Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt. Bhí tromlach na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta go maith (29%) nó an-mhaith (41%) ag labhairt na teanga agus ní raibh 28% eile go maith á labhairt.
Cainteoirí Gaeilge ar an Iomlán
Tá ardú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír ó Dhaonáireamh 2016 ach sa chuid ba mhó de cásanna, ní raibh siad á labhairt chomh minic céanna. Thug beagnach 1.9 milliún duine (trí bliana d’aois agus níos sine) le fios go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt, ardú ó bhreis is 112,500 duine ó 2016 (+6%). Ba 40% den daonra trí bliana agus níos sine a bhí sna daoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt. Díreach os cionn 1 milliún cainteoir Gaeilge mná a bhí ann agus beagnach 844,000 cainteoir fir. Bhí beagnach 57,000 saoránach nach saoránaigh Éireannacha a bhí iontu in ann Gaeilge a labhairt.
D’ardaigh líon na ndaoine a dúirt go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt, ach nach labhraíonn siad riamh í, 13% go dtí beagnach 473,000. Bhí beagnach 72,000 duine a labhair Gaeilge go laethúil, figiúr a bhí beagnach 1,900 duine níos lú ná 2016 (-2%), agus díreach os cionn 115,000 duine a labhair Gaeilge go seachtainiúil. Labhair beagnach 615,000 duine an teanga níos lú ná go seachtainiúil, ardú 5% ó 2016. Bhí beagnach 554,000 duine nár labhair Gaeilge ach laistigh den chóras oideachais, laghdú beag ó 2016 (1% nó beagnach 4,700 duine).
Áiríodh ar na saoránaigh neamh-Éireannacha a labhair Gaeilge 13% de shaoránaigh de chuid na Polainne (breis is 10,800 duine), 13% de shaoránaigh de chuid na Laitvia (breis is 2,100 duine) agus 15% de shaoránaigh de chuid na hAstráile (breis is 500 duine).
An Leibhéal Oideachais
Taispeántar sa treocht níos fadtéarmaí le cúpla daonáireamh anuas go bhfuil méadú mór tagtha ar an leibhéal oideachais agus na cáilíochtaí atá bainte amach ag daonra na hÉireann atá 15 bliana d’aois agus níos sine. Ní raibh cáilíocht tríú leibhéal ach ag 35% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine in Éirinn in 2011 agus faoi 2022 bhí an sciar sin ag 45%. Sin méadú ó 39% in 2016.
I measc na saoránach Éireannach a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine, bhí oideachas tríú leibhéal bainte amach ag 45%. Ba ag saoránaigh de chuid na hIndia a bhí ina gcónaí in Éirinn a raibh an ráta tríú leibhéal ab airde acu ag 86%, le saoránaigh de chuid na Fraince agus de chuid Mheiriceá ag 74% ag teacht ina ndiaidh, agus saoránaigh de chuid na Gearmáine ag 73%.
Bhí díreach os cionn duine amháin as gach deichniúr a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh a gcuid oideachais críochnaithe acu ar leibhéal bunscoile amháin nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%). Sin laghdú ó 12% in 2016. Ní raibh aon oideachas foirmiúil ag níos mó ná 81,000 de na daoine sin.
Bhí oideachas tríú leibhéal bainte amach ag beagnach dhá thrian (65%) de dhaoine (15 bliana d’aois agus níos sine) i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, an ráta ab airde sa tír. Ba iad Cathair na Gaillimhe (53%) agus Fine Gall (50%) na céad cinn eile ab airde san aoisghrúpa céanna a raibh oideachas tríú leibhéal bainte amach acu.
Difríochtaí Inscne agus Aoise sa Leibhéal Oideachais
Taispeántar bearna idirghlúine maidir le cáilíochtaí oideachais i dtorthaí Dhaonáireamh 2022.
Bhí oideachas i bhfad níos fearr ar dhaoine níos óige a raibh a gcuid oideachais lánaimseartha críochnaithe acu ná mar a bhí ar dhaoine níos sine. Ní raibh cáilíocht tríú leibhéal ag ach 22% de dhaoine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine i gcomparáid le 58% de na daoine a bhí idir 15-44 bliain d’aois. I measc na ndaoine a bhí 65 bliain d’aois agus níos sine, bhí oideachas ar leibhéal bunscoile amháin bainte amach ag 28% i gcomparáid le 3% de na daoine ar fad a bhí idir 15-44 bliain d’aois.
Bhí roinnt difríochtaí suntasacha inscne le feiceáil freisin maidir leis an bhfeabhas ar cháilíochtaí agus críochnú oideachais, agus tríd is tríd, chruthaigh na mná níos fearr ná na fir. In 1991 ní raibh oideachas tríú leibhéal bainte amach ach ag 13% de mhná agus ag 14% d’fhir. Faoi 2022, bhí oideachas tríú leibhéal bainte amach ag 50% de mhná i gcomparáid le 46% d’fhir. Ba iad na fir ba mhó is dóichí a raibh oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí amháin bainte amach acu ag díreach os cionn 12% i gcomparáid le 10% de mhná.
Torthaí Oideachais Eile
Ba 20.8 bliain d’aois an mheánaois go náisiúnta ag ar chríochnaigh daoine a n-oideachas lánaimseartha i nDaonáireamh 2022, sin ardú de bheagnach aon bhliain amháin ar an meánaois i nDaonáireamh 2016. Sainmhínítear luathfhágálaí scoile mar dhuine a chríochnaigh a gcuid oideachais sula raibh siad 16 bliana d’aois. In 2022 bhí an t-oideachas lánaimseartha críochnaithe ag beagnach 270,000 duine sula raibh siad 16 bliana d’aois. B’ionann sin agus 8% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine, ba laghdú é sin ó 10% in 2016. Daoine níos sine a bhí i bhformhór mór na ndaoine a d’fhág an scoil go luath - 60 bliain d’aois agus níos sine a bhí díreach os coinn 184,000 (68%) acu in 2022, i gcomparáid le 55% in 2011 agus 62% in 2016. B’fhir iad 57% de na luathfhágálaithe scoile ar fad.
Bhí oideachas ar leibhéal bunscoile amháin bainte amach ag níos mó ná 51,000 duine a bhí idir 20 agus 49 bliain d’aois. Bhí an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair a bhí ag na daoine sin i bhfad níos ísle i gcomparáid leis na daoine a bhí ar comhaois agus a raibh oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí bainte amach acu, ag 61% agus 86% faoi seach.