Skip navigation

22 Aibreán 2022

Suirbhé Sciobtha an CSO:
Labhair linn faoi do shaol amuigh faoin aer

An dtaitníonn sé leat am a chaitheamh amuigh faoin aer? An bhfuil bua na garraíodóireachta agat? An mbíonn tú i mbun oibre caomhnaithe ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht? Ba mhór againn cloisteáil uait faoi do thaithí féin ar an saol lasmuigh agus tábhacht an nádúir duitse – más í sin siúlóid laethúil nó snámh mara nó fiú an cúpla nóiméad féin a chaitheamh ag ligin do scíth sa ghairdín.

Seoltar an Suirbhé Sciobtha is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), ‘An Saol Amuigh Faoin Aer’ inniu an 22 Aibreán 2022. Tá an ceistneoir seo dírithe ar an gcaidreamh atá ag daoine leis an nádúr agus le spásanna glasa, mar aon le lochanna, aibhneacha, tránn, srl agus a dhéanaimid sna háiteanna sin.

Tá fáil ar an Suirbhé Sciobtha ar shuíomh gréasáin agus ar chuntais na meáin shóisialta de chuid na hOifige óna 11rn inniu ar aghaidh. Is féidir le haon duine 18 mbliana d’aois nó níos sine atá ag maireachtáil sa stát páirt a ghlacadh. Is é múnla na Suirbhéanna Sciobtha ná ceistneoirí gairide a reáchtáil go rialta ag tabhairt sracfhéachaint ar mheon na ndaoine ar thopaic ar leith ag am ar leith. Iarrtar tuairim an fhreagróra sa suirbhé. Úsáidtear na Suirbhéanna Sciobtha chun sonraí atá tráthúil agus ábhartha a aimsiú.

Déanann Sylvie Clappe, Staitisteoir sa Rannóg um Chuntais Éiceachórais, trácht ar an suirbhé nuasheolta:

“Fágann an caidreamh le nádúr agus an t-am a chaitear amuigh faoin aer rian ar shláinte agus ar fholláine daoine, rud a bhí thar a bheith soiléir dúinn go léir le linn na paindéime COVID-19. Deis atá sa suirbhé seo don Oifig seo, mar ghníomhaireacht staidrimh náisiúnta, an taithí a bhíonn ag daoine in Éirinn ar an nádúr agus an úsáid a bhaineann siad as spásanna glasa a thomhas.

Tá tábhacht le taithí an uile duine don suirbhé seo. Tá an ceistneoir roinnte ina thrí chuid agus cuideoidh sé linn tuiscint a fháil ar do thaithí leis an nádúr, beag beann ar cé chomh mór nó chomh beag is atá sí sin. Mura bhfuil teacht ag freagróir ach ar bhalcóin nó ar ghairdín beag bídeach, fós féin iarrtar orthu cén leas a bhaineann siad as an spás sin agus cén ní a fhásann siad ann. I gceisteanna eile, iarrtar cén oiread ama a chaitear amuigh faoin aer agus cé na caithimh aimsire a bhíonn acu lena linn. Ina dteannta sin, iarrtar cén athrú (más aon cheann) atá tagtha ar chaidreamh an fhreagróra leis an nádúr ó thosaigh an phaindéim, go háirithe maidir le nósanna a athrú chun an comhshaol a chaomhnú.”

Deir Fiona O’Riordan, Ceannasaí na Rannóige um Chuntais Éiceachórais:

“Is mian leis an Oifig seo an bealach a éascú do dhaoine déileáil linn. Bíonn suirbhéanna líon tí ar siúl ag an Oifig ó thús deireadh na bliana ar réimse leathan ábhar, amhail sláinte, taisteal, coireacht agus folláine. Cuireann torthaí na suirbhéanna seo leis an mbonn eolais as ar féidir le lucht cinnteoireachta leas a bhaint.

É sin ráite, tugann na Suirbhéanna Sciobtha CSO ar líne deis do dhaoine bheith páirteach i suirbhéanna ar bhonn deonach agus cur lenár dtuiscint ar mheon daoine faoi thopaicí ar leith a bhfuil tionchar acu orainne go léir. Is mór againn cloisteáil ó dhaoine, mar sin labhraigí linn.”

Mar an gcéanna le suirbhéanna uile na hOifige, beidh gach eolas a thabharfar dúinn sa Suirbhé Sciobtha faoi rún daingean. Ní thabharfaimid riamh do shonraí pearsanta, nó aon eolas eile a d’fhéadfadh tú a aithint, d’aon roinn rialtais nó eagras eile. Ní úsáidfear freagraí ach chun críocha staidrimh amháin, agus is eolas ginearálaithe anaithnid atá in aon mhír a dhéantar anailís air.

Bailíonn an Oifig sonraí ar ghnéithe éagsúla de shaolta mhuintir na hÉireann ar mhaithe le heolas a chur ar fáil don phobal féin mar aon le lucht cinnteoireachta; an rialtas, eagrais eile stáit, gnólachtaí, srl. Leis an eolas sin, bíonn sé ar chumas na grúpaí seo cinntí feasacha a dhéanamh, acmhainní a dháileadh ar bhealach cothrom agus pleanáil don todhchaí. Foilseoidh an Oifig torthaí ó ‘An Saol Amuigh Faoin Aer’ roimh dheireadh mí Bealtaine.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Sylvia Clappe (+353) 1 498 4042 nó Fiona O’Riordan (+353) 21 453 5277

nó seol ríomhphost chuig ecosystems@cso.ie

-- CRÍOCH --