Skip navigation

Leasaíodh torthaí ón SATLT 2018 ar an 16 Bealtaine 2023 chun sonraí ón bPríomh-Chlár Creidmheasa a chur le bunsonraí an tsuirbhé. Fágann an t-athrú seo go bhfuil na staitisticí maidir le sócmhainní, fiachas agus maoin de chuid líonta tí in Éirinn inchomparáide le SATLT 2020.

19 Bealtaine 2022

Preasráiteas - Suirbhé Airgeadais agus Tomhaltas Líon Tí (SATLT) 2020

Glanmhaoin airmheánach ionann le €303,900 i measc úinéirí baile, le hais €5,300 i measc cíosaithe
  • In 2020, sheas airmheán glanmhaoine de chuid líonta tí uile na hÉireann ag €193,100
  • €260,000 is ea an luach airmheánach ar áit chónaithe líon tí
  • Luach glanmhaoine is airde taifeadta sa réigiún ‘Oirthir agus Lár Tíre’ (Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, An Iarmhí, Laois, An Longfort, Lú, An Mhí agus Uíbh Fhailí) sin €223,000
  • Breis is dhá trian (68%) de líonta tí le fiacha de chineál éigean
  • I measc an 10% is saibhre de líonta tí, tá glanmhaoin €788,400 ar a laghad acu

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé Airgeadais agus Tomhaltas Líon Tí (SATLT) 2020 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (19 Bealtaine 2022) ón Suirbhé ar Airgeadas agus ar Tomhaltas Líon Tí 2020.

Déanann Stephen Lee - Staitisteoir sa Rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine - trácht ar an tuarascáil:

“Is é an SATLT an t-aon suirbhé líon tí lena mbailítear faisnéis comhcheangailte ar na leibhéil sócmhainní, ioncaim agus fiachais ag líonta tí in Éirinn.

Tá sé tábhachtach tabhairt faoi ndeara nach bhfuil torthaí SATLT 2020 inchomparáide leis na figiúirí a foilsíodh roimhe seo d’eagráin 2013 agus 2018 an tsuirbhé. I gcás eagrán 2020, i dteannta le gnáth sonraí suirbhéireachta ar líonta tí baineadh leas as sonraí riaracháin ón bPríomh-Chlár Creidmheasa (CCR).

A bhuí leis an rochtain ar shonraí CCR, tá meastacháin níos iontaofa, caighdeán sonraí feabhsaithe agus tá léargas tábhachtach sa mbreis againn ar fhiachas líonta tí. Mar shampla, ag tógáil sonraí CCR san áireamh tá an ráta rannpháirtíochta fiachais 15 pointe céatadáin níos airde ná mar a shílfí ó fhoinsí suirbhéireachta amháin.

Glanmhaoin

Léirítear i dtorthaí na tuarascála inniu go raibh, amhail 2020, glanmhaoin de bhreis is €788,400 ag an 10% is saibhre de líonta tí in Éirinn agus glanmhaoin faoi bhun €600 ag an 10% is boichte. Áirítear luach glanmhaoine mar iomlán sócmhainní lúide iomlán fiachais.

I 2020, bhí luach airmheánach glanmhaoine de €193,100 ag líonta tí in Éirinn. Aimsítear an luach airmheánach ach líonta tí go léir a rangú in ord ardaitheach ón luach is lú go dtí an luach is mó agus mír lárnach an liosta sin a roghnú. Ó thaobh maoine de, bíonn léargas níos cruinne leis an airmheán maidir leis an líon tí tipiciúil, ós rud é nach mbíonn tionchar ag luachanna iontach mór nó iontach beag air.

Is cuid lárnach dá mhaoine é luach phríomháit chónaithe an líon tí. In Éirinn, tá úinéireacht ag nach mór 70% de líonta tí ar a n-áit chónaithe féin. In 2020 €260,000 ab ea an luach airmheánach ar phríomháit chónaithe i measc líonta tí an stáit.

Is é an glanmhaoin airmheánach i measc líonta tí le húinéireacht ar a n-áit chónaithe féin ná €303,900. Lena hais sin, tá figiúr i bhfad níos lú i measc líonta tí a bhfuil a n-áit chónaithe ar cíos acu, sin €5,300.

Feictear an leibhéal maoine is airde sa réigiún ‘Oirthir agus Lár Tíre’ áit a bhfuil glanmhaoin airmheánach de €223,000 le hais €181,000 i réigiún an ‘Deiscirt’ agus €173,300 sa réigiún ‘Tuaiscirt agus Iarthair’.

Sócmhainní agus Coigilteas

Tá sócmhainn airgeadais de chineál éigean ag 97% de líonta tí go léir sa stát, lena n-áirítear coigilteas, scaireanna, bannaí, infheistíochtaí agus pinsin ranníocaíochta saorálaí. I gcás líonta tí a bhfuil úinéireacht acu ar shócmhainní airgeadais, tá luach airmheánach €13,300 leo seo.

Tá fiachas de chineál éigean ag 68% de líonta tí go léir, lena n-áirítear morgáistí, iasachtaí, cártaí creidmheasa agus rótharraingtí. Is é luach airmheánach an fhiachais i measc na líonta tí sin ná €25,000.

Tá cóimheas iasachta/luacha (LTV) - sin é an cóimheas idir an suim le híoc ar mhorgáiste agus luach reatha na réadmhaoine – de 45.2% i measc líonta tí a bhfuil morgáiste acu ar a mbaile. In 2020, bhí 4% de bhailte in úinéireacht le morgáiste i gcothromas diúltach."

Nótaí d'Eagarthóirí:

Leasaíodh torthaí ón SATLT 2018 ar an 16 Bealtaine 2023 chun sonraí ón bPríomh-Chlár Creidmheasa a chur le bunsonraí an tsuirbhé. Fágann an t-athrú seo go bhfuil na staitisticí maidir le sócmhainní, fiachas agus maoin de chuid líonta tí in Éirinn inchomparáide le SATLT 2020.

Tá tuilleadh eolais faoin bPríomh-Chlár Creidmheasa le fáil anseo [en].

 

Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre = Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, An Iarmhí, Laois, An Longfort, Lú, An Mhí agus Uíbh Fhailí

Réigiún an Deiscirt = Ceatharlach, Ciarraí, Cill Chainnigh, An Clár, Corcaigh, Loch Garman, Luimneach, Port Láirge, Tiobraid Árann

Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair = An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach

Féach chomh maith Réigiúin NUTS 2 agus NUTS 3 na hÉireann

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Stephen Lee (+353) 21 453 5045 nó Brian Cahill (+353) 21 453 5173

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --