Skip navigation

03 Márta 2022

Preasráiteas do Sheoladh Daonáirimh 2022

Beidh Daonáireamh 2022 ar siúl ar an 3 Aibreán

Ní mór gach éinne atá i láthair in Éirinn ar an dáta sin a thaifeadadh i bhfoirm daonáirimh

3 Márta 2022: Beidh an chéad daonáireamh eile in Éirinn ar siúl mí amháin ón lá inniu ar Dé Domhnaigh 3 Aibreán. Agus Daonáireamh 2022 á sheoladh, dúirt an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) go gcuirfidh daonáireamh na bliana seo tuairisc mionsonraithe ar fáil maidir le dálaí sóisialta agus maireachtála na hÉireann.

Chuir an fhoireann 5,100 áiritheoirí tús leis an bpróiseas chun breis agus 2 mhilliún foirm a sheachadadh chuig gach teaghlach sa tír. Ní mór na foirmeacha seo a líonadh isteach oíche an daonáirimh agus baileoidh áiritheoir iad roimh an 6 Bealtaine. Ní mór gach éinne atá i láthair in Éirinn ar an 3 Aibreán a thaifeadadh ar fhoirm daonáirimh.

Ag labhairt dó ag seoladh Daonáireamh 2022 i dTithe an Rialtais inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin TD - “ Trí gach éinne atá i láthair in Éirinn a chomhaireamh, cuireann an daonáireamh, cuntas cuimsitheach ar leith ar fáil den phobal. Tá i bhfad níos mó sa chleachtadh ná an comhaireamh amháin, cuireann an daonáireamh ceisteanna éagsúla a thugann an t-eolas dúinn atá ríthábhachtach maidir le pleanáil na seirbhísí poiblí. Ní ghlactar cinneadh ar bith maidir le soláthar na seirbhísí poiblí, ón tsláinte go dtí an t-oideachas agus an tithíocht, nach bhfuil bunaithe ar bhealach éigin ar torthaí an daonáirimh.

“Trí pháirt ghníomhach á nglacadh acu sa daonáireamh, táimid go léir ag tacú lenár bpobail, ag cinntiú go ndéantar cinntí beartais atá bunaithe ar léargas cruinn ar na riachtanais a mbaineann le gach pobal ar leith. Cuireann an daonáireamh taifead stairiúil luachmhar freisin ar fáil do na glúine atá le teacht chun staidéar a dhéanamh air. Agus Deich mBliain na gCéad Bliain á gcomóradh againn, tá scrúdú á dhéanamh againn ar an dul chun cinn atá déanta againn go dtí seo mar náisiún. Beidh sé an-shuimiúil a fheiceáil an méad a insíonn Daonáireamh 2022 dúinn faoinár dtír atá ann inniu.”

D’iarr Pádraig Dalton, Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh ar thacaíocht leanúnach ón bpobail, “Bhain an daonáireamh an-tacaíocht i gcónaí ó dhaoine ar fud na tíre. Táimid ag tnúth go leanfar ar aghaidh lena leithéid arís sa bhliain 2022. Tá roinnt ceisteanna nua sa daonáireamh lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite, cúram na leanaí, caitheamh tobac agus an obair ón mbaile. Cuirfidh siadsan leis an luach ollmhór a chuireann an daonáireamh ar fáil.”

Leag an tUasal Dalton béim ar phríobháideachas an eolais a bailíodh sa daonáireamh. “Tá meas againn ar an bpríobháideachas agus geallaimid go ndéanfar gach eolas ar gach aon fhoirm daonáirimh a chosaint. Is féidir le gach éinne a ghlacann páirt ann a bheith cinnte go bhfuil an fhaisnéis a chuireann siad ar fáil faoi rún, nach dtuairisceofar í ach mar shonraí comhiomlána, agus nach scaoilfear le haon tríú páirtí nó gníomhaireacht an rialtais riamh í.”

Chuir Eileen Murphy, Ceannaire Riaracháin an Daonáirimh comhairle phraiticiúil ar fáil dóibh siúd a bhí ag ullmhú do Dhaonáireamh 2022. “Gabhfaidh áiritheoir chuig do theach sna laethanta nó sna seachtainí amach romhainn chun d’fhoirm daonáirimh a thabhairt duit. Beidh éadaí so-aitheanta á gcaitheamh acu agus beidh suaitheantas aitheantais an daonáirimh ina seilbh acu. Iarraimid oraibh tacú leis an daonáireamh trí thabhairt ar ais d’fhoirme a éascú.

“Nuair a fhaigheann d’fhoirm daonáirimh, coinnigh in áit shábháilte í le líonadh isteach oíche an 3 Aibreán. Léigh na treoracha go cúramach agus déan á líonadh le peann gorm nó dubh. Má tá aon cheist agat, is féidir le d’áiritheoir cabhrú leat.”

Tá foirmeacha an daonáirimh ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus tá treoraithe ar fáil freisin i 22 teanga eile chun cabhrú leo siúd nach bhfuil an Ghaeilge ná an Béarla mar phríomhtheanga acu. Tá raon na dtacaíochtaí breise um rochtain agus treoracha ‘conas is féidir’ le feiceáil ag census.ie.

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir

  • Sí an Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) a dhéanann an daonáireamh. Is Oifig neamhspleách í an Phríomh-Oifig Staidrimh a bunaíodh sa bhliai 1949. Sé an daonáireamh an oibríocht staidrimh is mó a ritheann an Phríomh-Oifig Staidrimh. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh bunaithe go dlíthiúil mar aonán neamhspleách, agus coimeádtar gach sonraí a bhailíonn sí faoi rún.
  • Déanann an tAcht Staidrimh, 1993 agus an tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 2020 an riachtans dlíthiúil ar gach éinne a bheidh atá i láthair in Éirinn ar Oíche an Daonáirimh (3 Aibreán 2022) a gcuid faisnéise a thaifeadadh ar fhoirm daonáirimh.

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413 nó Tony Downes (+353) 1 895 1319

nó seol ríomhphost chuig censuspublicity@cso.ie

-- CRÍOCH --