Skip navigation

25 Feabhra 2021

Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 4 2020

Laghdú 6.6 milliún uair oibre in aghaidh na seachtaine de bharr neamhláithreachta i R4 2020, sampla eile d’éifeachtaí COVID-19 ar an margadh saothair
  • Ag deireadh Nollaig 2020, meastar an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ag 1,970,609 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 57.5%
  • Agus Eanáir 2021 ag teacht chun críche, is é meastachán reatha an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ná 1,826,567 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 53.1%
  • Bhí 138,9000 daoine rangaithe mar Dífhostaithe i R4 2020 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 5.7% i measc iad siúd 15-74 bliana d’aois
  • Ag deireadh Nollaig 2020, meastar an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ag 468,655 le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 comhfhreagrach de 19.4%
  • Faoi dheireadh Eanáir 2021, is é meastachán an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ná 607,190 daoine le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta comhfhreagrach de 25.0%

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 4 2020 [en]

Tá torthaí á fhoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (25 Feabhra 2021) ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) le haghaidh Ráithe 4 2020.

Déanann Jim Dalton, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu: “Tá tionchar nach beag imeartha ag an bpaindéim COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn agus thosaigh an tionchar sin roimh dheireadh Ráithe 1 2020. Ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Oifig sainmhínithe agus modheolaíochtaí caighdeánacha a úsáid le meastacháin oifigiúla an tSuirbhé ar an Lucht Saothair a ríomh, tá cinneadh glactha na meastacháin SLS le haghaidh Ráithe 4 2020 a chur i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach agus Meastacháin Coigeartaithe COVID-19 faoi leith a chur ar fáil in éineacht leo. Ar an gcaoi seo, coinnítear modheolaíocht an SLS slán agus ag an am céanna tá eolas trédhearcach á sholáthar faoin tionchar reatha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn.

De réir gnáthchritéir an ILO, tháinig titim 2.3% nó 55,000 ar an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15 bliana agus os a cionn i bhfostaíocht go 2,306,200 sa bhliain dar críoch R4 2020. Tá na laghduithe is suntasaí le feiceáil sna hearnálacha Riarachán & Seirbhísí Tacaíochta (-26.8% nó -30,000), Lóistín & Seirbhísí Bia (-25.7% nó -46,100) agus Gníomhaíochtaí Eile NACE (-15.3% nó -18,100) faoina rangaítear gníomhaíochtaí ealaíona, siamsaíochta, áineasa agus spóirt. Sheas an Ráta Fostaíochta ag 67.8% i measc daoine 15-64 bliana d’aois in R4 2020.

Ceist shuntasach is ea neamhláithreacht oibrithe (m.sh. scaoilte chun bealaigh go sealadach, ar shaoire teaghlaigh nó ar ghnáthshaoire) agus an éifeacht ar uaireanta oibre sa ngeilleagar. Cé gur tháinig titim 2.3% ar an líon daoine i bhfostaíocht sa bhliain dar críoch R4 2020, bhí méadú 70.5% go 324,900 ar an lion cásanna neamhláithreachta sa tseachtain tagartha. Mar gheall air seo, bhí laghdú 8.5% nó 6.6 milliún ar an líon uaireanta oibre sa ráithe, go 70.8 milliún uair. Laghdú éagothrom a bhí ann i measc na n-earnálacha geilleagracha éagsúla. In R4 2020, bhí uaireanta oibre sna hearnálacha Riarachán Poiblí & Cosaint agus Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide nach mór chomh hard le R4 2019. Ar an dtaobh eile de, bhí neamhláithreacht i bhfad níos airde in earnálacha ar nós Lóistín & Seirbhísí Bia, Gníomhaíochtaí Eile (áineas agus cultúr) agus Iompar & Stóras in R4 2020 le hais na bliana roimhe.

Nuair a thógtar éifeachtaí COVID-19 san áireamh, meastar faoin Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19, an luach féideartha is ísle de dhaoine 15 bliana d’aois agus os a cionn i bhfostaíocht, go raibh 1,970,609 fostaithe ag deireadh Nollaig 2020 agus go raibh Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 de 57.5% ann do dhaoine 15-64 bliana d’aois. Agus Eanáir 2021 ag teacht chun críche, sheas an dá táscaire seo ag 1,826,567 daoine agus 53.1% faoi seach.

De réir gnáthchritéir ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15-74 bliana a bhí dífhostaithe i R4 2020 ná 138,900 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 5.7%.

Ar an 03 Feabhra 2021, mar chuid d’eisiúint an CSO ar Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Eanáir 2021, foilsíodh Toirteanna agus Rátaí Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 mar a bhí ag deireadh Nollaig 2020. De réir na heisiúna sin, 468,655 daoine a bhí dífhostaithe agus ráta 19.4% a bhí i gceist do dhaoine in aois 15-74 bliana ag an am. Agus Eanáir 2021 ag teacht chun críche, 607,190 daoine a bhí dífhostaithe ionann le ráta 25.0%.

In R4 2020, de réir na gnáthmhodheolaíochta, bhí laghdú 1.1% nó 26,700 go 2,445,100 daoine tagtha ar an líon iomlán daoine sa lucht saothair le hais R4 2019. Bhí líon 1,546,600 daoine nach raibh sa lucht saothair in R4 2020, méadú 5.1% nó 75,500 ar an ráithe chéanna bliain roimhe.

Maidir leis an tábhacht atá le daoine roghnaithe páirt a ghlacadh san SLS, deir Jim Dalton: “I gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19, níl ár n-agallóirí ag tabhairt cuairt ar dhaoine sa bhaile. Ina áit sin, tá agallaimh ar an nguthán á ndéanamh acu. Faigheann líonta tí roghnaithe litreacha roimh ré ag iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh leis an agallóir chun am a shocrú le haghaidh agallaimh.

Is foinse eolais fíorthábhachtach iad na suirbhéanna seo as a n-eascraíonn léargas ar an staid shóisialta agus geilleagrach ina bhfuil muintir na hÉireann ar leibhéal cruinnis nach bhféidir a shárú. Má dhéantar teagmháil le haon duine chun páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na hOifige, iarraim orthu amhlaidh a dhéanamh chun leasa na tíre. Is féidir libhse, muintir na hÉireann, braith ar chruinneas fhigiúirí CSO toisc gur sibhse a insíonn dúinn iad.”

Ag tagairt d’eisiúint nua atá á fhoilsiú inniu in éineacht leis na torthaí SLS, deir Jim Dalton: ‘Tá foireann Margadh Saothair na hOifige ag foilsiú feasachán eile i dteannta leis na torthaí SLS inniu, an cúigiú Fheasachán Léargais ar an Margadh Saothair. Is é is aidhm leis na feasacháin seo ná a thuilleadh léargas agus anailís a chur ar fáil faoin tionchar atá imeartha agus á imirt ag COVID-19 ar an margadh saothair sa Stát i dteannta le heisiúintí agus táscairí rialta. Faightear an buneolas ón SLS mar aon le tacair sonraí riaracháin agus déantar iad a nascadh. I gcás feasachán an lae inniu, dírítear ar ghnáth-thorthaí SLS le haghaidh R4 2020 a chur i gcomhthéacs (Léargas ar an Margadh Saothair, Eagrán 3 - Ráithe 3 2020). Leagfar béim ar ghnéithe eile den margadh saothair le feasacháin eile amach anseo.”

Is é an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) an fhoinse oifigiúil le haghaidh staitisticí faoin margadh saothair in Éirinn, lena n-áirítear tomhais oifigiúla fostaíochta agus dífhostaíochta. Tá na tomhais oifigiúla seo bunaithe ar coincheapa agus sainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO). Is iad tomhais an ILO an caighdeán idirnáisiúnta agus tá sé d’oibleagáid dhlíthiúil ag ballstáit uile an Aontais Eorpaigh sonraí ar an samhail seo a chur i dtoll a chéile agus a sholáthar ar bhonn ráithiúil do Eurostat, áisíneacht staidrimh an AE. Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an Suirbhé ar an Lucht Saothair [en] le haghaidh tuilleadh eolais.

Breathnaigh ar an eisiúint:https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/er/lfs/labourforcesurveyquarter42020

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Jim Dalton, Labour Market Analysis – 087-678-0316

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Martina O’Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --