Skip navigation

25 Samhain 2021

Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 3 2021

Méadú 4.3 milliún uair oibre in aghaidh na seachtaine (+6.0%) in R3 2021 le hais R3 2020 de bharr méadú ar an líon daoine fostaithe
  • Méadú 4.3 milliún tagtha ar uaireanta oibre go 77.1 milliún uair sa tseachtain, don bhliain go R3 2021, mionmhéadú ar an 77.0 milliún uair sa tseachtain in R3 2019 roimh na paindéime
  • Méadú 9.8% go 2,471,200 ar an líon daoine i bhfostaíocht sa bhliain go R3 2021, bhí neamhláithreacht ón obair sa tseachtain tagartha 19.5% ní b’airde (303,200) ná mar a bhí bliain ní ba luaithe agus, de bharr an dá rud seo, feictear ardú 6.0% (4.3 milliún uair) ar an líon uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine go 77.1 milliún in R3 2021
  • Ag deireadh Meán Fómhair 2021, meastar an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ag 2,369,731 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 69.1%
  • Agus Deireadh Fómhair 2021 ag teacht chun críche, is é meastachán reatha an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ná 2,393,394 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 69.8%
  • Bhí 149,100 daoine rangaithe mar Dífhostaithe in R3 2021 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 5.7% i measc an fórsa saothair 15-74 bliana d’aois
  • Ag deireadh Meán Fómhair 2021, meastar an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ag 232,866 le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 comhfhreagrach de 8.9%

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 3 2021 [en]

Féach: Grafaic Faisnéise

Tá torthaí á fhoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (25 Samhain 2021) ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) le haghaidh Ráithe 3 2021.

Déanann Jim Dalton, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu: “Tá tionchar nach beag fós á imirt ag an bpaindéim COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn, tionchar a chonacthas a rian den chéad uair roimh dheireadh Ráithe 1 2020. Ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Oifig sainmhínithe agus modheolaíochtaí caighdeánacha a úsáid le meastacháin oifigiúla an tSuirbhé ar an Lucht Saothair a ríomh, tá na meastacháin SLS le haghaidh Ráithe 3 2021 curtha i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach agus, ina theannta sin, Meastacháin Coigeartaithe COVID-19 faoi leith curtha ar fáil in éineacht leo. Ar an gcaoi seo, coinnítear modheolaíocht an SLS slán agus ag an am céanna tá eolas trédhearcach á sholáthar faoin tionchar reatha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn.

De réir gnáthchritéir an ILO, tháinig méadú 9.8% nó 221,200 ar an líon neamhchoigeartaithe daoine 15-89 bliain d’aois i bhfostaíocht go 2,471,200 sa bhliain dar críoch R3 2021. Tháinig méadú i ngach earnáil fostaíochta, agus na méaduithe is suntasaí le feiceáil sna hearnálacha Lóistín & Seirbhísí Bia (+28.7% nó +39,400), agus Gníomhaíochtaí Gairmiúla, Eolaíocha agus Teicniúla (+17.3% nó +24,300). Sheas an Ráta Fostaíochta ag 72.2% i measc daoine 15-64 bliana d’aois in R3 2021.

Ceist shuntasach is ea neamhláithreacht oibrithe (m.sh. iad scaoilte chun bealaigh go sealadach, ar shaoire teaghlaigh nó ar ghnáthshaoire) agus an éifeacht a bhaineann léi ar uaireanta oibre sa ngeilleagar. Bhí méadú 19.5% go 303,200 ar an lion cásanna neamhláithreachta sa tseachtain tagartha. Le méadú 9.8% ar an líon daoine i bhfostaíocht sa tréimhse chéanna, fágadh gur tháinig méadú 6.0% nó 4.3 milliún ar an líon uaireanta oibre sa ráithe, go 77.1 milliún uair. Bhí difríochtaí le brath idir uaireanta oibre sna hearnálacha geilleagracha éagsúla. In R3 2021, bhí uaireanta oibre i móramh mór na n-earnálacha ní b’airde ná an tréimhse chéanna in 2020 agus ag druidim, nach mór, ar leibhéil in R3 2019. Cé go raibh sé fós níos ísle ná R3 2019, bhí fás suntasach ar an líon uaireanta oibre san earnáil Lóistín & Seirbhísí Bia sa bhliain go R3 2021, le méadú 1.2 milliún uair sa tseachtain (+32.4%).

Nuair a thógtar éifeachtaí COVID-19 san áireamh, meastar faoin Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 – an luach féideartha is ísle de dhaoine 15-89 bliana d’aois i bhfostaíocht – go raibh 2,369,731 fostaithe ag deireadh Mheán Fómhair 2021 agus go raibh Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 de 69.1% ann do dhaoine 15-64 bliana d’aois. Agus Deireadh Fómhair 2021 ag teacht chun críche, sheas an dá táscaire seo ag 2,393,394 daoine agus 69.8% faoi seach.

De réir gnáthchritéir ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15-74 bliana a bhí dífhostaithe in R3 2021 ná 149,100 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 5.7%.

Mar chuid d’eisiúint an CSO ar Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Deireadh Fómhair 2021, foilsíodh Toirteanna agus Rátaí Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 mar a bhí ag deireadh Mheán Fómhair 2021. De réir na heisiúna sin, 232,866 daoine a bhí dífhostaithe agus ráta dífhostaíochta 8.9% a bhí i gceist do dhaoine in aois 15-74 bliana ag an am. Agus Deireadh Fómhair 2021 ag teacht chun críche, 205,246 daoine a bhí dífhostaithe ionann le ráta 21.9%.

In R3 2021, de réir na gnáth-mhodheolaíochta, bhí méadú 7.9% nó 191,100 go 2,620,300 daoine tagtha ar an líon iomlán daoine sa lucht saothair le hais R3 2020. Bhí líon 1,407,700 daoine nach raibh sa lucht saothair in R3 2021, laghdú 9.5% nó 147,100 ar an ráithe chéanna bliain roimhe.”

Maidir leis an tábhacht atá le daoine roghnaithe páirt a ghlacadh san SLS, deir Jim Dalton: “I gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19, faigheann líonta tí roghnaithe litreacha roimh ré ina dtugtar rogha dóibh glaoch a chur ar an agallóir go díreach agus ag tabhairt le fios cá huair a mbeidh siad sa chóngar chun labhairt le líonta tí.

Is foinse eolais fíorthábhachtach iad na suirbhéanna seo as a n-eascraíonn léargas ar an staid shóisialta agus geilleagrach ina bhfuil muintir na hÉireann ar leibhéal cruinnis nach bhféidir a shárú. Má dhéantar teagmháil le haon duine chun páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na hOifige, iarraim orthu amhlaidh a dhéanamh chun leasa na tíre. Is féidir libhse, muintir na hÉireann, braith ar chruinneas fhigiúirí CSO toisc gur sibhse a insíonn dúinn iad.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is é an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) an fhoinse oifigiúil le haghaidh staitisticí faoin margadh saothair in Éirinn, lena n-áirítear tomhais oifigiúla fostaíochta agus dífhostaíochta. Tá na tomhais oifigiúla seo bunaithe ar choincheapa agus sainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO). Seasann tomhais an ILO mar caighdeán idirnáisiúnta agus tá sé d’oibleagáid dhlíthiúil ag ballstáit uile an Aontais Eorpaigh sonraí ar an samhail seo a chur i dtoll a chéile agus a sholáthar ar bhonn ráithiúil do Eurostat, áisíneacht staidrimh an AE.

Ar an 01 Eanáir 2021, tháinig creat-rialachán nua i bhfeidhm lena rialaítear táirgeadh staitisticí ar an lucht saothair ar fud an AE. Mar gheall air seo, tá mionleasuithe tagtha ar shraitheanna sonraí de chuid an CSO a foilsíodh roimhe seo. Ba chóir d’úsáideoirí tabhairt dá n-aire go bhféadfadh athruithe breise a bheith ag teastáil idir seo agus deireadh 2021.

Tá an mhodheolaíocht chéanna a leagtar amach sa Nóta Eolais a foilsíodh in éineacht le torthaí SLS do R2 2020 ar an 24 Lúnasa 2020 fós ábhartha do thorthaí SLS R3 2021. Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an Suirbhé ar an Lucht Saothair [en] 

Le haghaidh eolais ar an SLS i gcoitinne, féach - https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/er/lfs/labourforcesurvey

Déan teagmháil le:

Jim Dalton, Labour Market Analysis – 087-678-0316

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Martina O’Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --