Skip navigation

17 Nollaig 2021

Suirbhé ar Ioncam & Dálaí Maireachtála (SILC) 2020

Ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de bheagnach 12% i measc cíosaithe in 2020, le hais níos lú ná 2% i measc daoine i gcóiríocht úinéir-áitithe
  • Príomhphointí eolais ó SILC 2020:
    • Ráta i mbaol bochtaineachta de 13.2% agus ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 4.7%
    • Ar na dreamanna ba mhó i mbaol bochtaineachta bhí daoine gan a bheith ag obair de bharr breoiteachta nó míchumais (33.4%) agus daoine dífhostaithe (32.2%)
    • Chuaigh 9.1% de fhreagróirí gan teasa de bharr cúinsí airgeadais sa 12 mhí sular cuireadh faoi agallamh iad

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2021 [en]

Rinneadh torthaí SILC 2020 a nuashonrú ag 11rn an 06/05/2022 chun léiriú níos cruinne a thabhairt ar dháileadh an tionacht cóiríochta i measc líonta tí in Éirinn.

Ualaítear na sonraí SILC chun a chinntiú go bhfuil na torthaí ag teacht le taithí an daonra trí chéile. Tá leasú anois déanta ar ualú torthaí SILC 2020 chun teacht níos fearr leis an dáileadh measta líonta tí i gcóiríocht ar cíos. Cé nach ndéanann seo difear don ráta foriomlán 'i mbaol bochtaineachta' (fós 13.2%), tá sé tar éis an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí a laghdú (4.7% anois, le hais an 5.0% a foilsíodh roimhe seo). Féach le haghaidh miondealú ar na torthaí chéadfhoilsithe agus torthaí leasaithe i leith SILC 2020.

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (17 Nollaig 2021) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) le haghaidh 2020.

Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

“Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Don bhliain 2020, tá briseadh sa sraith ama SILC. Féach an Nóta Eolais anseo [en] i gcomhair mínithe ar an mbriseadh seo agus na himpleachtaí atá aige. Tá torthaí ioncaim agus bochtaineachta an SILC le haghaidh 2020 bunaithe ar ioncam na bliana féilire 2019.

I measc na príomhthorthaí as SILC 2020, léirítear dúinn go raibh ioncam airmheánach diúscartha líon tí de €43,915 sa bhliain. Déantar ioncam indiúscartha líon tí a ríomh ach eisíocaíochtaí a thógáil ón ollioncam líon tí, sin iad cánacha, ranníocaíochtaí árachais shóisialaí agus aistrithe íoctha idir líonta tí.

Tá comhghaol idir ioncam indiúscartha líon tí agus leibhéal oideachais ceann an líon tí – is é is airde an oideachas is airde an t-ioncam. I gcás cinn líon tí le hoideachas bunleibhéil nó gan aon oideachas foirmiúil bhí ioncam airmheánach líon tí de €24,196 in 2020. I gcás cinn líon tí le céim tríú leibhéal nó cáilíocht níos airde, bhí figiúr inchomparáide de €58,714.

Tugtar léargas leis an suirbhé chomh maith ar an mbochtaineacht in Éirinn. Sheas an ráta i mbaol bochtaineachta - sin é an sciar daoine a raibh ioncam faoi bhun 60% den ioncam airmheánach náisiúnta acu - ag 13.2% sa bhliain 2020. Tá nóta (i mBéarla) faoi na táscairí ‘I mBaol Bochtaineachta' le fáil anseo: Poverty Indicators Explained (PDF 719KB)

Ar na dreamanna ba mhó i mbaol bochtaineachta in 2020 bhí daoine nach raibh ag obair de bharr breoiteachta nó míchumais (33.4%) agus daoine dífhostaithe (33.2%). I gcás daoine a thuairiscigh go mbíonn siad ag obair ní raibh ach ráta i mbaol bochtaineachta faoi bhun 6% acu sin.

Sheas an ráta i mbaol bochtaineachta do dhaoine i gcóiríocht ar cíos ag 25.7% in 2020. Dá bhfágfaí íocaíochtaí cíosa ar lár ón ioncam, bheadh ráta 43.0% i gceist. I meas daoine i gcóiríocht le morgáiste arbh í príomháit chónaithe an líon tí, bhí ráta i mbaol bochtaineachta de 5.4% ann, ag ardú go 7.7% dá bhfágfaí íocaíochtaí morgáiste ar lár.

Bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 4.7% ann in 2020. Áirítear sa ráta seo daoine a sainítear a bheith i mbaol bochtaineachta agus ag fulaingt díothacht fhorghníomhach araon.

Ó thaobh comhréir líon tí de, bhí an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí ab airde acu siúd ag maireachtáil i líonta tí le duine fásta amháin agus páiste nó páistí faoi 18 mbliana d’aois, sin 19.3%. Bhí an ráta comhfhreagrach ba lú ag daoine ag maireachtáil i líonta tí le beirt fásta nó níos mó, gan páistí, agus ar a laghad duine amháin díobh 65 bliana d’aois nó ní ba shine, sin 0.4%.

Bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí i measc cíosaithe de bheagnach 11.7%. Bhí ráta inchomparáide de 1.6% i measc daoine i gcóiríocht úinéir-áitithe.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eva O’Regan (+353) 21 453 5243 nó Lianora Bermingham (+353) 21 453 5665

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --