Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

09 Nollaig 2021

Áireamh Talmhaíochta – Réamhthorthaí 2020

Líon na bhfeirmeacha in Éirinn tite 3.4% go 135,037 idir 2010 agus 2020
  • Meánmhéid feirme ionann le 33.4 heicteár, is iad feirmeacha Speisialtóra Déiríochta (65.1 heicteár) an catagóir is mó ar an meán, agus feirmeacha Táirgthe Mairteola (26.9 heicteár) an catagóir is lú a taifeadadh in 2020
  • Bhí feirmeacha Speisialtóra Déiríochta 9.8 heicteár ní ba mhó, ar an meán, ná 2010
  • Bhí sciar 20.8% d’fheirmeacha faoi bhun 10 heicteár
  • Aon trian (33%) d’fheirmeacha le sealbhóir 65+ bliana d’aois, le hais 7% le sealbhóir faoi bhun 35 bliana
  • Mná a bhí i 13.4% de shealbhóirí feirme in 2020
  • Bhí 7.3m eallach, 5.5m caorach, 1.6m muc agus nach mór 16.5m éanlaith chlóis ar fheirmeacha na hÉireann anuraidh

Breathnaigh ar an eisiúint: Áireamh Talmhaíochta – Réamhthorthaí 2020 [en]

Tá réamhthorthaí á fhoilsiú inniu (09 Nollaig 2021) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ón Áireamh Talmhaíochta 2020. Séard atá san Áireamh ná cuntas cuimsitheach ar ghníomhaíocht talmhaíochta in Éirinn.

Déanann Cathal Doherty, Staitisteoir, trácht ar thorthaí an lae inniu: “Léargas iontach atá san Áireamh Talmhaíochta maidir le feirmeacha na hÉireann agus na gníomhaíochtaí talmhaíochta orthu. Cuirtear an tÁireamh ar shealbhóirí feirme gach 10 mbliain agus clúdaítear struchtúr na feirme, déimeagrafaíocht na bhfeirmeoirí, beostoc agus úsáid talún ar fheirmeacha.

Bhí 135,037 feirm ann in 2020, sin laghdú 3.4% ar an líon a taifeadadh d’Áireamh Talmhaíochta 2010. Ina theannta sin, tháinig méadú 0.7 heicteár, sin 2.2%, ar mheánmhéid feirme náisiúnta sa deich mbliain go 2020.

As an líon iomlán feirmeacha, bhí 42% lonnaithe i réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair le meánmhéid feirme de 25.8 heicteár, 40% lonnaithe i réigiún an Deiscirt le feirmeacha 38.8 heicteár ar an meán, agus bhí an 18% eile lonnaithe i réigiún an Oirthir agus Lár Tíre le meánmhéid de 39.4 heicteár.

Bhí feirmeacha Speisialtóra Déiríochta 9.8 heicteár ní ba mhó (+17.7%) agus feirmeacha Speisialtóra Curaíochta 7.6 heicteár ní ba mhó (+13.6%) le hais mar a bhí in 2010.

Bhí feirmeacha Speisialtóra Caorach 1.9 heicteár ní ba lú (-6.2%) agus feirmeacha Táirgthe Mairteola 0.8 heicteár ní ba lú (-2.9%) in 2020 ná mar a bhí deich mbliana roimhe.

In 2020, bhí 33% d’fheirmeoirí le sealbhóir in aois 65 bliana nó ní ba shine agus méadú 7,496 ar líon na sealbhóirí san aoisghrúpa seo le hais 2010. Bhí 7% de shealbhóirí feirme faoi bhun 35 bliana d’aois in 2020 agus líon 655 breise díobh ná mar a bhí in 2010.

Tá méadú aon phointe céatadáin tagtha ar sciar na mná i measc sealbhóirí feirme ó 2010, an líon 18,101 díobh in 2020 ionann le 13.4% den iomlán.

Ar deireadh, dúirt Cathal Doherty: “Is mian le foireann na hOifige a mbuíochas a ghabháil le feirmeoirí as an Áireamh Talmhaíochta agus suirbhéanna eile talmhaíochta a fhreagairt.

Tá leagan críochnúil de thorthaí Áireamh Talmhaíochta 2020 le foilsiú in 2022, ina dtabharfar miondealú níos doimhne, sonraí réigiúnacha níos cuimsithí, torthaí ar lucht saothair feirme agus ar bhainistiú aoiligh ar fheirmeacha.”

 

Buaicphointí d’Eagarthóirí

 

Struchtúr Feirme

  • Taifeadadh 135,037 feirm ó dheas in Éirinn in 2020 le meánmhéid feirme de 33.4 heicteár
  • Bhí an líon iomlán feirme seo 4,823 ní ba ísle (-3.4%) ná an t-eagrán roimhe den Áireamh Talmhaíochta in 2010, agus tá méadú 0.7 heicteár (+2.2%) tagtha ar an meánmhéid feirme sa tréimhse sin

 

Déimeagrafaíocht Feirmeoirí

  • Bhí 33% de shealbhóirí feirme 65 bliana d’aois nó ní ba shine, agus bhí 7% faoi bhun 35 bliana
  • Tá méadú aon phointe céatadáin tagtha ar sciar na mná i measc sealbhóirí feirme ó 2010, an líon 18,101 díobh in 2020 ionann le 13.4% den iomlán.

 

Úsáid Talún

  • Bhí breis is 4.93 milliún heicteár sa Limistéar Talmhaíochta a Úsáidtear don Fheirmeoireacht (AAU) in 2020. Talamh féaraigh a bhí i mbeagnach 4.15 milliún heicteár de seo, ar a n-áirítear 0.45 milliún heicteár de thalamh féaraigh garbh.

 

Beostoc

  • In 2020, bhí 7.3 milliún eallach (méadú 10.7% ar 2010), 5.5 milliún caorach (méadú 16.3%) 1.6 milliún muc (méadú 4.4%) agus beagach 16.5 milliún éanlaith chlóis (méadú 50.8%)

 

Táirgeadh Speisialtóra Mairteola

  • Is é Táirgeadh Speisialtóra Mairteola an cineál feirmeoireachta is coitianta in Éirinn, le 74,159 feirm i mbun na gníomhaíochta seo in 2020
  • Bhí na feirmeacha seo ní ba lú, de ghnáth (méid airmheánach de 21 heicteár) agus 46% díobh lonnaithe sa Tuaisceart agus san Iarthar
  • Ba gnách don sealbhóir feirm Táirgthe Mairteola a bheith níos sine (meánaois de 58 bliain) ná cineálacha eile feirme (is é 56 bliain meánaois an t-iomlán sealbhóirí)

 

Speisialtóirí Caorach

  • In 2020, bhí nach mór dhá trian (64.2%) den 17,435 feirm Speisialtóra Caorach lonnaithe sa Tuaisceart agus san Iarthar
  • Bhí na feirmeacha seo ní ba lú, de ghnáth (méid airmheánach 17 heicteár) agus ba gnách dá sealbhóirí a bheith níos óige (meánaois 56 bliain) ná sealbhóirí na feirmeacha Táirgthe Mairteola.

 

Speisialtóirí Déiríochta

  • Bhí 15,319 feirm Speisialtóra Déiríochta sa stat in 2020, agus an móramh díobh ní ba mhó (méid airmheánach 5 heicteár)
  • Bhí 71.6% d’fheirmeacha Speisialtóra Déiríochta lonnaithe i réigiún an Deiscirt
  • Bhí sealbhóirí na bhfeirmeacha Speisialtóra Déiríochta ní b’óige, ar an meán, ná aon chineál feirme eile, le meánaois 52 bliain

 

Speisialtóirí Curaíochta

  • Bhí 4,567 feirm Speisialtóra Curaíochta ann in 2020, agus móramh mór díobh (95.6%) lonnaithe i réigiún an Deiscirt, agus réigiún an Oirthir agus Lár Tíre
  • De ghnáth, bhí na feirmeacha seo níos mó ná an meán náisiúnta, le méid airmheánach 42 heicteár
  • Bhí aois na sealbhóirí feirm Speisialtóra Curaíochta (meánaois 57 bliain) cosúil a dhóthain le meán an stáit
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Cathal Doherty (+353) 21 453 5099 nó Carmel Hinchion (+353) 21 453 5272

nó seol ríomhphost chuig agri@cso.ie

-- CRÍOCH --