Skip navigation

23 Meitheamh 2021

Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 1 2021

Laghdú 7.6 milliún uair oibre in aghaidh na seachtaine (-9.9%) de bharr titim ar an líon daoine fostaithe agus neamhláithreacht ón obair sa bhliain go R1 2021
  • Cé gur tháinig laghdú 5.0% go 2,230,600 ar an líon daoine i bhfostaíocht sa bhliain go R1 2021, bhí neamhláithreacht ón obair sa tseachtain thagartha 48.5% ní b’airde (309,500) ná mar a bhí bliain ní ba luaithe agus titim 9.9% (7.6 milliún) dá bharr seo ar an líon uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine go 68.7 milliún in R1 2021
  • Ag deireadh Márta 2021, meastar an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ag 1,785,923 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 52.0%
  • Agus Bealtaine 2021 ag teacht chun críche, is é meastachán reatha an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ná 1,921,085 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 56.1%
  • Bhí 612,443 daoine rangaithe mar Dífhostaithe in R1 2021 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 7.1% i measc iad siúd 15-74 bliana d’aois
  • Ag deireadh Márta 2021, meastar an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ag 612,443 le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 comhfhreagrach de 25.7%
  • Faoi dheireadh Bealtaine 2021, is é meastachán an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ná 6487,122 daoine le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta comhfhreagrach de 21.9%

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 1 2021 [en]

Féach: Grafaic Faisnéise

Tá torthaí á fhoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (23 Meitheamh 2021) ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) le haghaidh Ráithe 1 2021.

Déanann Jim Dalton, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu: “Tá tionchar nach beag imeartha ag an bpaindéim COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn agus thosaigh an tionchar sin roimh dheireadh Ráithe 1 2020. Ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Oifig sainmhínithe agus modheolaíochtaí caighdeánacha a úsáid le meastacháin oifigiúla an tSuirbhé ar an Lucht Saothair a ríomh, tá cinneadh glactha na meastacháin SLS le haghaidh Ráithe 1 2021 a chur i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach agus Meastacháin Coigeartaithe COVID-19 faoi leith a chur ar fáil in éineacht leo. Ar an gcaoi seo, coinnítear modheolaíocht an SLS slán agus ag an am céanna tá eolas trédhearcach á sholáthar faoin tionchar reatha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn.

De réir gnáthchritéir an ILO, tháinig titim 5.0% nó 116,600 ar an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15 bliana agus os a cionn i bhfostaíocht go 2,230,600 sa bhliain dar críoch R1 2021. Tá na laghduithe is suntasaí le feiceáil sna hearnálacha Lóistín & Seirbhísí Bia (-43.6% nó -73,900), Gníomhaíochtaí Eile Seirbhíse (-29.8% nó -34,700) – faoina rangaítear gníomhaíochtaí ealaíona, siamsaíochta, áineasa agus spóirt – agus Riarachán & Seirbhísí Tacaíochta (-29.8% nó -33,300). Sheas an Ráta Fostaíochta ag 65.6% i measc daoine 15-64 bliana d’aois in R1 2021.

Ceist shuntasach is ea neamhláithreacht oibrithe (m.sh. scaoilte chun bealaigh go sealadach, ar shaoire teaghlaigh nó ar ghnáthshaoire) agus an éifeacht a bhaineann léi ar uaireanta oibre sa ngeilleagar. Cé gur tháinig titim 5.0% ar an líon daoine i bhfostaíocht sa bhliain dar críoch R1 2021, bhí méadú 48.5% go 309,500 ar an lion cásanna neamhláithreachta sa tseachtain tagartha. Mar gheall air seo, bhí laghdú 9.9% nó 7.6 milliún ar an líon uaireanta oibre sa ráithe, go 68.7 milliún uair. Laghdú éagothrom a bhí ann i measc na n-earnálacha geilleagracha éagsúla. In R1 2021, bhí uaireanta oibre sna hearnálacha Riarachán Poiblí & Cosaint agus Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide ní b’airde ná leibhéil R1 2020. Ar an dtaobh eile de, taifeadadh na leibhéil ab airde neamhláithreachta in earnálacha ar nós Lóistín & Seirbhísí Bia, Gníomhaíochtaí Eile Seirbhíse (áineas agus cultúr) agus Foirgníocht in R1 2021 agus bhí laghdú suntasach ar an líon uaireanta oibre iontu sin le hais mar a bhí bliain roimhe.

Nuair a thógtar éifeachtaí COVID-19 san áireamh, meastar faoin Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 – an luach féideartha is ísle de dhaoine 15 bliana d’aois agus os a cionn i bhfostaíocht – go raibh 1,785,923 fostaithe ag deireadh Márta 2021 agus go raibh Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 de 52.0% ann do dhaoine 15-64 bliana d’aois. Agus Bealtaine 2021 ag teacht chun críche, sheas an dá táscaire seo ag 1,921,085 daoine agus 56.1% faoi seach.

De réir gnáthchritéir ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15-74 bliana a bhí dífhostaithe in R1 2021 ná 170,500 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 7.1%.

Inniu (23 Meitheamh 2021), mar chuid d’eisiúint an CSO ar Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Bealtaine 2021, foilsíodh Toirteanna agus Rátaí Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 mar a bhí ag deireadh Márta 2021. De réir na heisiúna sin, 612,443 daoine a bhí dífhostaithe agus ráta 25.7% a bhí i gceist do dhaoine in aois 15-74 bliana ag an am. Agus Bealtaine 2021 ag teacht chun críche, 487,122 daoine a bhí dífhostaithe ionann le ráta 21.9%.

In R1 2021, de réir na gnáth-mhodheolaíochta, bhí laghdú 2.5% nó 60,800 go 2,401,100 daoine tagtha ar an líon iomlán daoine sa lucht saothair le hais R1 2020. Bhí líon 1,603,400 daoine nach raibh sa lucht saothair in R1 2021, méadú 7.1% nó 106,800 ar an ráithe chéanna bliain roimhe.”

Maidir leis an tábhacht atá le daoine roghnaithe páirt a ghlacadh san SLS, deir Jim Dalton: “I gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí a bhaineann le COVID-19, tá ár n-agallóirí ag cnagadh ar dhoirse díreach chun iarraidh ar dhaoine páirt a ghlacadh sa suirbhé (féach an preasráiteas faoin obair seo) Sa chás go bhfuil líonta tí báúil ceisteanna a fhreagairt, déanfaidh an t-agallóir an méid seo leo thar an nguthán. Faigheann líonta tí roghnaithe litreacha roimh ré ina dtugtar rogha dóibh glaoch a chur ar an agallóir go díreach agus ag tabhairt le fios cá huair a mbeidh siad sa chóngar chun labhairt le líonta tí.

Is foinse eolais fíorthábhachtach iad na suirbhéanna seo as a n-eascraíonn léargas ar an staid shóisialta agus geilleagrach ina bhfuil muintir na hÉireann ar leibhéal cruinnis nach bhféidir a shárú. Má dhéantar teagmháil le haon duine chun páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na hOifige, iarraim orthu amhlaidh a dhéanamh chun leasa na tíre. Is féidir libhse, muintir na hÉireann, braith ar chruinneas fhigiúirí CSO toisc gur sibhse a insíonn dúinn iad.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is é an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) an fhoinse oifigiúil le haghaidh staitisticí faoin margadh saothair in Éirinn, lena n-áirítear tomhais oifigiúla fostaíochta agus dífhostaíochta. Tá na tomhais oifigiúla seo bunaithe ar coincheapa agus sainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO). Is iad tomhais an ILO an caighdeán idirnáisiúnta agus tá sé d’oibleagáid dhlíthiúil ag ballstáit uile an Aontais Eorpaigh sonraí ar an samhail seo a chur i dtoll a chéile agus a sholáthar ar bhonn ráithiúil do Eurostat, áisíneacht staidrimh an AE.

Ar an 01 Eanáir 2021, tháinig creat-rialachán nua i bhfeidhm lena rialaítear táirgeadh staitisticí ar an lucht saothair ar fud an AE. Mar gheall air seo, tá mionleasuithe tagtha ar shraitheanna sonraí de chuid an CSO a foilsíodh roimhe seo. Ba chóir d’úsáideoirí tabhairt dá n-aire go bhféadfadh athruithe breise a bheith ag teastáil idir seo agus deireadh 2021.

Tá an mhodheolaíocht chéanna a leagtar amach sa Nóta Eolais a foilsíodh in éineach le torthaí SLS do R2 2020 ar an 24 Lúnasa 2020 fós ábhartha do thorthaí SLS R1 2021. Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an Suirbhé ar an Lucht Saothair [en] 

Le haghaidh eolais ar an SLS i gcoitinne, féach - https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/er/lfs/labourforcesurvey

 

Déan teagmháil le:

Jim Dalton, Labour Market Analysis – 087-678-0316

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Martina O’Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --