Skip navigation

30 Aibreán 2021

Póstaí 2020

Méid na searmanais pósta in 2020 níos lú ná leath an mhéid in 2019
  • Aois an phósta ag ardú i gcónaí – meánaois 35.7 bliana i measc brídeoga agus 37.8 mbliana i measc fear nuaphósta i bpóstaí heitrighnéasacha
  • I bpóstaí comhghnéis b’ionann meánaois brídeoga agus meánaois fear nuaphósta, 40.0 bliain
  • Searmanas sibhialta ar an gcineál searmanais is coitianta in 2020, i measc lánúineacha heitreaghnéasacha agus comhghnéis araon
  • Aoine an lá agus Nollaig an mhí ba choitianta do phóstaí anuraidh

Breathnaigh ar an eisiúint: Póstaí 2020 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an foilseachán ‘Póstaí 2020’ inniu (30 Aibreán 2021), ag baint leas as sonraí ó iomlán na bpóstaí a cláraíodh in Éirinn anuraidh.

Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

“Cláraíodh 9,523 pósadh sa stát in 2020, 314 pósadh comhghnéis san áireamh. Is ionann an méid seo agus ráta garbh (neamhchoigeartaithe) pósta de 1.9 in aghaidh 1,000 den daonra. Tháinig laghdú 53.1% ar an líon póstaí a ceiliúradh anuraidh le hais 2019, rud a léiríonn tionchar na srianta sláinte poiblí.

In 2020, bhí meánaois na bhfear nuaphósta i bpóstaí heitrighnéasacha níos airde ná riamh ar 37.8 mbliana. É sin ráite, bhí meánaois na bhfear i bpóstaí comhghnéis níos airde fós ar 40.0 bliain. Feictear bearna aoise níos mó i measc ban; 35.7 bliana ab ea meánaois na mbrídeog i bpóstaí heitrighnéasacha agus figiúr comhionann de 40.0 bliain a bhí ann do mhná i bpósadh comhghnéis.

Den chéad uair riamh, roghnaigh níos mó lánúin heitrighnéasacha searmanas sibhialta (41.0%) ná searmanas Caitliceach (35.8%) in 2020. Phioc 228 lánúin comhghnéis searmanas sibhialta leis. Bhí searmanas Daonnachach ag 701 lánúin heitrighnéasacha agus 38 lánúin comhghnéis anuraidh.

Chomh fada is a bhain sé le lá na bainise, feictear treocht shoiléir de bharr na srianta COVID-19. Anuraidh reáchtáladh an líon is airde póstaí heitrighnéasacha i mí na Nollag – tráth ar scaoileadh cuid de na srianta sláinte poiblí -  agus an líon is airde póstaí comhghnéis i mí Feabhra – roimh an chéad bhabhta de shrianta. I gcás an dá dream, taifeadadh an líon is lú póstaí i mí Aibreáin.

Is ar an Aoine agus an Satharn ba mhinice a pósadh lánúineacha heitrighnéasacha in 2020. An Aoine agus Déardaoin ab iad na laethanta ba choitianta do lánúineacha comhghnéis. B’iad an Domhnach agus an Chéadaoin na laethanta is annamha do bhainis i measc an dá dream anuraidh.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó John G. O'Connor (+353) 21 453 5787

nó seol ríomhphost chuig Vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --