Skip navigation

26 Deireadh Fómhair 2021

Mol Eolais ar an bhFolláine seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Léargas cuimsitheach sa Mhol Eolais ar an bhFolláine faoi cén chaoi a bhfuil ag éirí le muintir na hÉireann
  • Cnuasach 34 táscaire éagsúla sa Mhol chun gnéithe den saol in Éirinn a thomhas ar bhealach níos ionchuimsithí
  • Beidh úsáideoirí in ann teacht ar eolas cothrom le dáta i dtaobh réimse mór dálaí a mbíonn tionchar acu ar an gcaighdeán saoil
  • Ardú ag teacht ar thuilleamh agus ioncam, ar an meán
  • Leibhéil oideachais in Éirinn os cionn an mheáin idirnáisiúnta
  • Méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le tamall fada anuas
  • An-éagsúlacht i dtaithí saoil ag grúpaí difriúla a bhfuil cónaí orthu in Éirinn

Breathnaigh ar an eisiúint: Mol Eolais Folláine [en]

Eisítear an foilseachán idirghníomhach Mol Eolais ar an bhFolláine de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2021). Leis an uirlis seo táthar ag súil aghaidh a thabhairt ar an gceist “Cén chaoi a bhfuil ag éirí le muintir na hÉireann?”

Déan Keith McSweeney, Staitisteoir Sinsearach, trácht ar an seoladh seo: “Ní leor dúinn ar na laethanta seo brath ar na táscairí geilleagracha traidisiúnta chun éagsúlacht agus raidhse an tsaoil ag muintir na hÉireann a thomhas nó a mhíniú. Tá gá le réimse níos leithne táscairí chun scéalta agus taithí saoil na ndaoine in Éirinn a léiriú. Óir, ó thús na paindéime in Éirinn ba rí-shoiléir dúinn a thábhachtaí is atá sé cnuasach cuimsitheach de tháscairí sóisialta a bheith ar fáil – ceangail shóisialta nó an sláinte intinne cur i gcás. Leis an Mol Eolais ar an bhFolláine, déantar imeascadh idir na hábhar níos teibí seo agus na sonraí geilleagracha chun go dtugtar léiriú níos cothroime ar an saol in Éirinn agus an éagsúlacht a bhaineann leis.

Is iomaí bealaí atá ann chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ina bhfuil ag éirí le muintir na hÉireann – athruithe a thaifead thar tréimhse ama, comparáidí idirnáisiúnta a dhéanamh, difríochtaí idirghlúine agus idir mná agus fir a thomhas. Leis an Mol Eolais ar an bhFolláine, bailítear a leithéid seo eolais maidir leis an stát in aon áit amháin. Gné suntasach den Mhol is ea gur uirlis idirghníomhach é – nasctar leis na mbunsonraí é sa chaoi is go mbeidh fáil ar aon sonraí nua laistigh den Mhol féin chomh luath is go bhfoilsítear nuashonrú míosúil, ráithiúil, bliantúil, nó mar sin. Leis an gcur chuige nuálach seo, beifear in ann teacht ar shonraí fíor-ama tríd an Mol agus beidh léiriú ar an bpointe boise dúinn faoin gcaoi ina bhfuil ag éirí le daoine in Éirinn. Tá an Mol dírithe ar úsáideoirí a bhfuil achoimre sciobtha uathu ar an staid ina bhfuilimid mar shochaí. Ar ndóigh, beidh fáil i gcónaí le sraitheanna sonraí níos cuimsithí agus anailís níos deimhne ar na hábhair seo d’úsáideoirí a mbeidh an leibhéal sin mioneolais ag teastáil uathu.”

Struchtúr an Mhol Eolais ar an bhFolláine

Tá tionscadal an Mhol Eolais seo ar chuid amháin d’obair idirdhisciplíneach sa státchóras chun cur chuige comónta bunaithe ar an bhfolláine a chothú agus a chur chun cinn a fhad is a bhaineann sé le ceapadh beartais agus anailís ar a leithéid. Tá Creat Folláine uileghabhálach réitithe ag an rialtas faoina leagtar amach go soiléir na dálaí atá lárnach don bhfolláine chomhchoiteann in Éirinn. Is de bharr an Chreat seo a tugadh faoin Mol Eolais ar an bhFolláine a chur ar bun. Tá an Mol Eolais le fáil ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh anseo. Áirítear na téamaí a leanas ann, téamaí faoina leagtar amach líon mór táscairí oibiachtúla agus suibiachtúla araon:

  1. Folláine Féinmheasta
  2. Sláinte Intinne agus Sláinte Fhisiciúil
  3. Ioncam agus Saibhreas
  4. Eolas agus Scileanna
  5. Dídean agus Ceantar Áitiúil
  6. Comhshaol, Aeráid agus Bithéagsúlacht
  7. Sábháilteacht agus Slándáil
  8. Caighdeán Oibre agus Poist
  9. Úsáid Ama
  10. Pobal, Ceangail Shóisialta agus Páirtíocht Chultúrtha
  11. Rannpháirtíocht an tSaoránaigh agus Léiriú Cultúrtha

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Keith McSweeney (+353) 21 453 5423 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485

nó seol ríomhphost chuig health@cso.ie

-- CRÍOCH --