06 Nollaig 2021
Tar éis gur léiríodh spéis sna poist go déanach, shín an Phríomh-Oifig Staidrimh (an POS) an spriocdháta d’iarratais ar Áiritheoirí Daonáirimh go dtí an 10 Nollaig. Spreagtar iad siúd ar spéis leo na 5,100 post páirtaimseartha iarratas a dhéanamh, gan mhoill, ar census.ie.
Tá Áiritheoirí Daonáirimh ag teastáil le foirmeacha daonáirimh a sholáthar do agus a bhailiú ó gach áit chónaithe in Éirinn. Titfidh seo amach i rith tréimhse 10 seachtaine ón 28 Feabhra go dtí an 6 Bealtaine 2022. Is féidir le háiritheoirí a mhéid le €3,200 a thuilleamh agus beidh an tsolúbthacht acu freisin a n-uaireanta féin a roghnú. Spreagann an POS aon duine atá ar fáil chun obair pháirtaimseartha a dhéanamh an t-earrach seo chugainn chun machnamh a dhéanamh ar iarratas a dhéanamh ar cheann de na poist thairbheacha agus thaitneamhacha seo.
Dúirt Eileen Murphy, Ceann Riaracháin an Daonáirimh, "Nuair a chuirtear na leibhéil láidre spéise agus ár riachtanas san áireamh lena chinntiú go ndéantar ionadaíocht leordhóthanach dúinn i ngach cearn den tír, tá síneadh seachtaine breise á chur againn leis an spriocdháta. Ba cheart go gcuirfeadh seo go leor ama ar fáil do dhuine ar bith ar spéis leo cur isteach air chun sin a dhéanamh. Tá spéis ar leith againn iarratais a fháil ó dhuine ar bith a chónaíonn i gcathracha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Luimnigh agus Phort Láirge agus áiteanna i nDún na nGall, Ros Comáin agus Tiobraid Árann.
“Tá post Áiritheoir Daonáirimh an-solúbtha, agus teastaíonn obair thart ar 22 uair an chloig sa tseachtain uaidh, ach is féidir leis na fostaithe na huaireanta siúd a roghnú, go mór mór. D’fhéadfadh sé a bheith ina phost tairbheach agus is rogha an-oiriúnach é do dhaoine a bhfuil obair pháirtaimseartha shealadach á cuardach acu.
"Trí pháirt a ghlacadh, beidh tú ag cabhrú go díreach le muintir do phobail áitiúil trína chinntiú go gcuirtear riachtanais do phobail san áireamh i gcinntí beartais amach anseo. Teastaíonn tacaíocht an phobail ón Daonáireamh, mar sin, má tá tú ar fáil chun obair pháirtaimseartha a dhéanamh an t-earrach seo chugainn, déan machnamh, le do thoil, ar chur isteach ar phost áiritheora inniu.”
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne ag www.census.ie go dtí an spriocdháta nua 3pm an 10 Nollaig.
Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
nó seol ríomhphost chuig censuspublicity@cso.ie
-- CRÍOCH --