Skip navigation

08 Meán Fómhair 2021

Feithiclí a ceadúnaíodh den chéad uair, Lúnasa 2021

Méadú 16% ar cheadúnú gluaisteán nua i Lúnasa 2021 le hais Lúnasa 2020
  • Líon gluaisteán nua príobháideacha a ceadúnaíodh i Lúnasa 2021 ardaithe 1,203 ó Lúnasa 2020 agus 1,361 níos mó ná an líon i Lúnasa 2019, roimh na paindéime
  • Sa chéad ocht mí de 2021, hibridí inluchtaithe (PHEV) nó feithiclí leictreacha (EV) a bhí i 15% de ghluaisteán nua a ceadúnaíodh den chéad uair, le hais 7% sa tréimhse chéanna i 2020
  • Laghdú 2,685 tagtha ar ghluaisteáin phríobháideacha athláimhe a cheadúnú i Lúnasa 2021 le hais Lúnasa 2020

Breathnaigh ar an eisiúint: Feithiclí a ceadúnaíodh den chéad uair, Lúnasa 2021[en]

Tá figiúirí maidir le Ceadúnú Feithiclí i Lúnasas 2021 foilsithe inniu (08 Meán Fómhair 2021) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na figiúirí seo bunaithe ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe a chuireann an Roinn Iompair ar fáil.

In eisiúint an lae inniu, léirítear gur 8,563 gluaisteán nua a ceadúnaíodh den chéad uair i Lúnasa 2021, le hais 7,360 ceann in Lúnasa 2020 agus 7,202 i Lúnasa 2019.

Agus í ag trácht ar shonraí an lae inniu, deir an Dr Nele van der Wielen, Staitisteoir:

“Léirítear i dtorthaí an CSO inniu go bhfuil líon na ngluaisteán nua a ceadúnaíodh níos airde ná leibhéil 2019 iLúnasa, ag leanacht an treocht atá feicthe le cúpla mí anuas. Tháinig ardú 1,203 ar líon na ngluaisteán nua príobháideacha a ceadúnaíodh i Lúnasa 2021 le hais Lúnasa 2020 agus bhí sé seo 1,361 níos mó ná an líon i Lúnasa 2019.

Sa chéad ocht mí de 2021, ceadúnaíodh 88,618 gluaisteán nua príobháideacha san iomlán, sin méadú 23% le hais an tréimhse chéanna in 2020. Tá tionchar na paindéime COVID-19 fós le brath sa chéad ocht mí den bhliain seo, áfach, agus figiúirí 14% níos ísle ná mar a bhí don tréimhse chéanna in 2019.

Scéal difriúil atá againn maidir le gluaisteáin phríobháideacha athláimhe (iompórtálaithe). Tháinig borradh fúthu sin i mbliana le hais 2020 ach tá siad fós níos ísle ná leibhéil 2019. Sa chéad ocht mí de 2021, ceadúnaíodh 50,771 feithicil sa chatagóir seo, sin méadú 18% ar chéad cheadúnú ghluaisteán athláimhe le hais an tréimhse chéana in 2020 agus tá siad fós 28% níos ísle ná an tréimhse sin in 2019.

Tá hibridí (de gach cineál) agus gluaisteáin leictreacha ag éirí níos coitianta i gcónaí, iad ag cuimsiú sciar 33% de ghluaisteáin nua a ceadúnaíodh i 2021 go dtí seo, le hais 19% sa chéad ocht mí de 2020.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Clárú feithicle

Déantar feithicil a chlárú nuair a íoctar an cháin cláraithe feithicle atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim. Ina dhiaidh sin, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim uimhir chlárúcháin don fheithicil

Ceadúnú feithicle

Déantar feithicil a cheadúnú nuair a íoctar an mhótarcháin atá dlite di den chéad uair.

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

An Dr Nele van der Wielen (+353) 21 453 5260

nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie

-- CRÍOCH --