29 Aibreán 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil, Márta 2021 [en}
Tá Staitisticí Aerthaistil agus Muirthaistil le haghaidh Márta 2021 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (29 Aibreán 2021).
Déanann Gregg Patrick, Staitisteoir, trácht ar an eisiúint seo: “Léirítear dúinn i bhfigiúirí Márta 2021 go raibh méadú ar thaisteal thar sáile le hais na míosa roimhe. Tháinig 61,400 paisinéir i dtír in Éirinn i Márta 2021 le hais 54,800 i bhFeabhra 2021, sin méadú 12%. An mhí seo chaite d’imigh 66,500 paisinéir amach as Éirinn ar bhealaí thar sáile i gcomparáid le 53,200 i mí Feabhra, méadú 25% in aon mhí amháin.
Sna staitisticí do Mhárta 2021, feictear dúinn gur ar bhealaí na mór-roinne a thaistil móramh na bpaisinéirí. Tháinig 34,800 paisinéirí i dtír ar na bealaí seo agus d’imigh 36,600 paisinéir amach orthu. Lena hais sin, níor tháinig ach 17,500 paisinéir isteach sa tír ar bhealaí thar Mhuir Éireann (as Manainn agus an Bhreatain Mhór) agus ar an treo eile d’fhág 20,400 paisinéir an tír ar na bealaí céanna. Ní raibh ach beagán daoine a thaistil ar bhealaí trasatlantacha i bhFeabhra, 2,800 a tháinig isteach go hÉirinn agus 2,700 a d’imigh amach aisti.
Ag fágáil an Bhreatain Mhór as áireamh, b'iad na tíortha is lárnaí i dtaisteal thar sáile i Márta 2021 ná an Spáinn (5,900 isteach, 5,800 amach), an Ísiltír (5,200 isteach, 5,800 amach) agus an Fhrainc (5,100 isteach, 5,300 amach).
Ag breathnú ar an mbliain go dtí seo (Eanáir-Márta 2021), tá 224,200 paisinéir idirnáisiúnta tagtha go hÉirinn agus 238,400 paisinéir imithe amach as an tír. Sa tréimhse chomhionann in 2020, tháinig nach mór 3 milliún paisinéir chun na tíre agus chuaigh 3 milliún amach aisti. Léiriú suntasach eile iad na figiúirí seo ar an tionchar mór leanúnach atá á imirt ag COVID-19 ar thaisteal idirnáisiúnta sa tír seo.”
Gregg Patrick (+353) 21 453 5202 nó James Mahon (+353) 21 453 5463
nó seol ríomhphost chuig tourism@cso.ie
-- CRÍOCH --