Skip navigation

07 Lúnasa 2020

Áireamh Talmhaíochta 2020

An tÁireamh Talmhaíochta le bailiú ag an CSO i mí Mheán Fómhair

Fógraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) go mbaileofar freagraí don Áireamh Talmhaíochta 2020 an mhí seo chugainn, Meán Fómhair. Bhí sé i gceist ag an Oifig an comhaireamh seo ar ghníomhaíochtaí feirme a dhéanamh i mí an Mheithimh ach b’éigean é a chur ar athló mar gheall ar an ngéarchéim COVID-19.

Seolfar ceistneoir an Áireamh Talmhaíochta chuig thart ar 140,000 feirm tríd an bpost in am don chéad seachtain de Mheán Fómhair. San fhoirm ceithre leathanaigh sin, iarrtar cuntas ar staid na feirme amhail an chéad lá de Mheán Fómhair i mbliana, lena n-áirítear ceisteanna ar úsáid talún, beostoc agus cé atá i bhfeighil ar an bhfeirm.

Ag labhairt dó faoin Áireamh Talmhaíochta, deir Cathal Doherty, Staitisteoir: “Reáchtáiltear an tÁireamh Talmhaíochta gach deich mbliana chun staitisticí tagarmharcála a fháil ar líon agus struchtúr na bhfeirmeacha in Éirinn. Luíonn sé seo le clár áireamh talmhaíochta atáthar ag rith ar fud an Aontais Eorpaigh i mbliana chomh maith.

Ós rud é gurbh éigean an tÁireamh a chur siar le linn na dianghlasála COVID-19, ghlacamar an t-am sin chun an fhoirm a shimpliú d’fheirmeoirí. Tá laghdú déanta ar an bhfoirm ó ocht leathanach go ceithre cinn. Beidh an ceistneoir clóite ann dar ndóigh, agus don chéad uair beidh fáil ag feirmeoirí ar rogha freagartha ar líne. Tá súil againn leis na hathruithe seo an t-ualach oibre a laghdú agus é a dhéanamh níos éasca ar fheirmeoirí an tÁireamh Talmhaíochta a fhreagairt.

Ba chóir tabhairt faoi ndeara go bhfuil rogha ag feirmeoirí an ceistneoir a chomhlánú i nGaeilge nó i mBéarla.

Toisc an oiread ceisteanna a chuirfear ar fheirmeacha uile a bheith níos lú i mbliana, beidh an Oifig ag reáchtáil suirbhé samplach faoi dheireadh 2020 le sciar díobh chun ceisteanna eile a chur maidir le hoibrithe feirme, cróithe ainmhithe agus bainistiú aoiligh.

Idir seo agus Dé Máirt an 01 Meán Fómhair, beidh tuilleadh eolais á chur ar fáil ag an Oifig maidir leis an eagrán is déanaí seo den Áireamh Talmhaíochta.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Tá fáil ar cháipéisí an Áireamh Talmhaíochta agus breis eolais anseo

Áireamh Talmhaíochta 2020

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Cathal Doherty (+353) 21 453 5099

nó seol ríomhphost chuig agri@cso.ie

-- CRÍOCH --