Skip navigation

21 Bealtaine 2020

Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 1 2020

Margadh Saothair in Éirinn buailte ag COVID-19 i dtreo deireadh Ráithe 1 2020
  • Léirítear i dtorthaí R1 2020 go raibh iomlán 2,353,500 daoine i bhfostaíocht, agus Ráta Fostaíochta comhfhreagrach de 69.8% i measc daoine 15-64 bliana d’aois
  • Ag deireadh Márta 2020, meastar an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ag 2,070,371 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 61.1%
  • Faoi dheireadh Aibreán 2020, is é meastachán reatha an Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19 ná 1,751,393 daoine le Ráta Coigeartaithe Fostaíochta comhfhreagrach de 51.4%
  • Bhí 114,400 daoine rangaithe mar Dífhostaithe i R1 2020 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 4.7% i measc iad siúd 15-74 bliana d’aois
  • Ag deireadh Márta 2020, meastar an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ag 382,311 le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 comhfhreagrach de 15.5%
  • Faoi dheireadh Aibreán 2020, is é meastachán an Tomhas Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 ná 694,683 daoine le Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta comhfhreagrach de 28.2%

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 1 2020 [en]

Tá torthaí á fhoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (21 Bealtaine 2020) ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) le haghaidh Ráithe 1 2020.

Is é an SLS an fhoinse oifigiúil do staitisticí faoin margadh saothair in Éirinn, lena n-áirítear na tomhais oifigiúla fostaíochta agus dífhostaíochta. Tá na tomhais oifigiúla seo bunaithe ar coincheapa agus sainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO). Is iad tomhais an ILO an caighdeán idirnáisiúnta agus tá sé d’oiblgeáid dhlíthiúil ag ballstáit uile an Aontais Eorpaigh sonraí ar an samhail seo a chur i dtoll a chéile agus a sholáthar ar bhonn ráithiúil do Eurostat, áisíneacht staidrimh an AE. Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an Suirbhé ar an Lucht Saothair [en] le haghaidh tuilleadh eolais.

Déanann Jim Dalton, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu: “Tá tionchar nach beag imeartha ag an bpaindéim COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn agus thosaigh an tionchar sin roimh dheireadh Ráithe 1 2020. Ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Oifig sainmhínithe agus modheolaíochtaí caighdeánacha a úsáid le meastacháin oifigiúla an tSuirbhé ar an Lucht Saothair a ríomh, tá cinneadh glactha na meastacháin SLS le haghaidh Ráithe 1 2020 a chur i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach agus Meastacháin Coigeartaithe COVID-19 faoi leith a chur ar fáil in éineacht leo. Ar an gcaoi seo, coinnítear modheolaíocht an SLS slán agus ag an am céanna tá eolas trédhearcach á sholáthar faoin tionchar reatha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn.

De réir gnáthchritéir an ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15 bliana agus os a cionn i bhfostaíocht ná 2,353,500 i R1 2020 le Ráta Fostaíochta comhfhreagrach de 69.8% i measc iad siúd 15-64 bliana d’aois.

Nuair a thógtar éifeachtaí COVID-19 san áireamh, meastar faoin Tomhas Coigeartaithe Fostaíochta COVID-19, an luach féideartha is ísle de dhaoine 15 bliana d’aois agus os a cionn i bhfostaíocht, go raibh 2,070,371 fostaithe faoi dheireadh Márta 2020 agus go raibh Ráta Coigeartaithe Dífhostaíochta COVID-19 de 61.1% ann do dhaoine 15-64 bliana d’aois.

De réir gnáthchritéir ILO, is é an líon neamhchoigeartaithe daoine in aois 15-74 bliana a bhí dífhostaithe i R1 2020 ná 114,400 le Ráta Dífhostaíochta comhfhreagrach de 4.7%.

Ar an 8 Bealtaine 2020, mar chuid d’eisiúint an CSO ar Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Aibreán 2020, foilsíodh Toirteanna agus Rátaí Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 don staid ag deireadh Márta 2020. De réir na heisiúna sin, 382,311 daoine a bhí dífhostaithe agus ráta 15.5% a bhí i gceist do dhaoine in aois 15-74 bliana ag an am.

I R1 2020, de réir na gnáthmhodheolaíochta, bhí méadú 2.1% nó 51,600 go 2,467,900 daoine tagtha ar an líon iomlán daoine sa lucht saothair le hais R1 2019. Bhí líon 1,490,500 daoine nach raibh sa lucht saothair i R1 2020, méadú 0.7% nó 10,300 ar an ráithe chéanna bliain roimhe.

I gcomhair a thuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Jim Dalton, Rannóg Anailísithe Margadh Saothair - 086 678 0316 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Martina O’Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --