Skip navigation

Eisíodh torthaí ón Suirbhé ar Airgeadas agus ar Thomhaltas Líon Tí (SATLT) 2018 den chéad uair ar an 30 Eanáir 2020. Leasaíodh sonraí san fhoilseachán sin ar an 04 Meitheamh 2020, mar gheall ar bheachtú ar na hualaithe a úsáideadh chun staitisticí SATLT a mheas. Leasaíodh sonraí san fhoilseachán don dara huair ar an 16 Bealtaine 2023. B'í an phríomhchúis leis seo ná gur cuireadh sonraí ón bPríomh-Chlár Creidmheasa le bunsonraí an tsuirbhé. Is foinse sonraí riarachán é an clár seo, agus rochtain ag an bPríomh-Oifig Staidrimh air ó 2021 i leith. Luíonn gach ábhar maidir le torthaí SATLT 2018 - lena n-áirítear téacs, graif agus táblaí san fhoilseacháin féin, an ghrafaic faisnéise, na preasráitis agus na táblaí ar ardán PxStat - leis na sonraí leasaithe is déanaí. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi oiread na leasuithe is déanaí agus a dtionchar ar shonraí a bhí eisithe roimhe seo sa Nóta Eolais ar Leasuithe SATLT 2018 [en].

30 Eanáir 2020

Torthaí Leasaithe ón Suirbhé ar Airgeadas agus ar Thomhaltas Líon Tí (SATLT) 2018

Luach glan airmheánach maoine de €159,100 ag líonta tí in Éirinn
  • Luach airmheánach €250,000 ar phríomháit chónaithe líonta tí
  • Luach airmheánach ar shócmhainní airgeadais ná €7,800 an líon tí
  • Glanmhaoin is airde i réigiún ‘Oirthir agus Lár na Tíre’ le luach airmheánach de €173,400
  • 71.8% de líonta tí i bhfiachas de chineál éigean
  • Glamhaoin €756,000 ar a laghad i measc an 10% is saibhre de líonta tí
  • Oidhreacht nó bronntanas suntasach faighte ag dhá trian (66.6%) den 10% is saibhre de líonta tí

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Airgeadas agus ar Thomhaltas Líon Tí (SATLT) 2018 [en]

Rinneadh an preasráiteas seo a nuashonrú (16 Bealtaine 2023) chun figiúirí leasaithe ón Suirbhé ar Airgeadas agus ar Thomhaltas Líon Tí 2018 a léiriú go beacht. Tá tuilleadh míniú ar an ábhar seo le fáil sa bhFógra Eolais faoi Leasuithe SATLT 2018 [en]

Ag tabhairt don tuarascáil, dúirt Stephen Lee, Staitisteoir: “Is é an SATLT an t-aon suirbhé líon tí lena mbailítear faisnéis comhcheangailte ar na leibhéil sócmhainní, ioncaim agus fiachais atá ag líonta tí in Éirinn.

Léirítear sna torthaí go bhfuil glanmhaoin de bhreis is €756,000 ag an 10% is saibhre de líonta tí go léir in Éirinn agus glanmhaoin níos ísle ná €100 ag an 10% is boichte. Áirítear luach glanmhaoine mar sócmhainní go léir lúide fiachas.

In 2018, bhí luach glanmhaoine airmheánaí de €159,100 ag líonta tí in Éirinn.

Tagtar ar an luach airmheánach ach líonta tí go léir a rangú in ord ardaitheach ón luach is lú go dtí an luach is mó agus an luach lárnach a roghnú. Ó thaobh maoine de, bíonn léargas níos cruinne leis an airmheán maidir leis an meánlíon tí, ós rud é nach mbíonn tionchar ag luachanna iontach mór nó iontach beag air.

Is cuid lárnach maoine é luach phríomháit chónaithe an líon tí. In Éirinn, tá úinéireacht ag 68.8% de líonta tí ar a n-áit chónaithe féin. In 2018, €250,000 ab ea luach airmheánach ar phríomháit chónaithe líonta tí.

Is é an glanmhaoin airmheánach i measc líonta tí le húinéireacht ar a mbaile féin ná €267,500. Lena hais sin, tá figiúr i bhfad níos lú i measc cíosaithe, díreach €3,900.

Feictear dúinn go bhfuil an mhaoin níos comhchruinnithe sa réigiúin ‘Oirthir agus Lár Tíre’ áit a bhfuil glanmhaoin €173,400, i gcomparáid le €164,100 i réigiún an ‘Deiscirt’ agus le €133,100 i réigiún an ‘Tuaiscirt agus Iarthair’.

Thug beagnach aon trian (32.6%) de líonta tí le fios go bhfuair siad oidhreacht nó bronntanas suntasach ag pointe éigean san am a caitheadh. Tá éagsúlachtaí ann, áfach, ag brath ar cé chomh saibhir is atá líon tí. Fuair dhá trian (66.6%) den 10% líon tí is saibhre oidhreacht nó bronntanas suntasach ach níorbh amhlaidh ach do ceann as gach deich líon tí (10.2%) den sciar 10% líon tí leis an an glanmhaoin is lú.

Tá sócmhainn airgeadais de shaghas éigean ag breis is naoi as deich líon tí (94.8%), lena n-áirítear coigilteas, scaireanna, bannaí, infheistíochtaí agus pinsin ranníocaíochta saorálaí. I gcás líonta tí a bhfuil a sócmhainní airgeadais ina seilbh, tá luach glanmhaoine airmheánaí €7,800 acu.

Tá fiachas de chineál éigean ag cúig as seacht líon tí (71.8%), lena n-áirítear morgáistí, iasachtaí, cártaí creidmheasa agus rótharraingtí. Ar an iomlán, tá luach airmheánach fiachais de €21,400 ag na líonta tí a bhfuil fiachas acu.

Tá cóimheas iasachta/luacha - sin é an cóimheas idir an suim le híoc ar mhorgáiste agus luach reatha na réadmhaoine - de 48.3% i measc líonta tí a bhfuil morgáiste ar a mbaile acu.

In 2018, bhí 6.7% de thithe/árasáin faoi úinéireacht le morgáiste i gcothromas diúltach.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Stephen Lee (+353) 21 453 5045 nó Gerard Reilly (+353) 21 453 5700

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --