Skip navigation

21 Iúil 2020

Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19

Luach airmheánach €10,000 caite ag fiontair mheánmhéide ar bhearta chun riachtanais trádála COVID-19 a chomhlíonadh
  • Costas airmheánach €4,000 ar fhiontair bheaga chun na riachtanais a chomhlíonadh
  • Beagnach leath (46.7%) d’fhiontair freagartha tar éis riachtanas a dhéanamh de Threalamh Cosanta Pearsanta sa láthair oibre
  • 92.1% d'fhiontair freagartha i mbun trádála an tseachtain dar chríoch 28 Meitheamh 2020
  • Tuairiscíonn breis is aon trian d'fhiontair (33.9%) méadú ar an láimhdeachas tar éis maolú cuid de na srianta an 8 Meitheamh 2020
  • Bhí meánciar 58.3% d'fhostaithe ag an ngnátháit oibre i measc fiontar freagartha

Breathnaigh ar an eisiúint: Business Impact of COVID-19 Survey 1 Jun to 28 Jun 2020

Tá torthaí an ceathrú bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19 (SIGC) foilsithe inniu (21 Iúil 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Áirítear ar thorthaí an lae inniu eolas tábhachtach maidir le gnó in Éirinn fad is a bhí srianta á maolú i measc an phobail agus an geilleagar á athoscailt.

Cuireadh an suirbhé ar líne seo ar shampláil de 3,000 gnólacht agus bailíodh an t-eolas idir Máirt an 30 Meitheamh agus Céadaoin an 15 Iúil 2020. Bhí ráta freagartha 27.1% ar an suirbhé.

Déanann Colin Hanley, Staitisteoir, trácht ar na torthaí: “Léirítear dúinn go raibh 92.1% d’fhiontair freagartha ag trádáil ar bhealach éigean, trádáil curtha ar fionraí sealadach ag 7.4% díobh agus trádáil stoptha go buan ag 0.5% faoin 28 Meitheamh 2020.

Thug sé ceann as gach deich fiontar freagartha (61.6%) le fios go raibh laghdú de 10% nó níos mó ar an láimhdeachas don tréimhse ceithre seachtaine idir Luan 1 Meitheamh agus Domhnach 28 Meitheamh, sin i gcomparáid lena mbeifí ag súil leis de ghnáth don am sin den bhliain. É sin ráite, dúirt 33.9% go raibh méadú tagtha ar a láimhdeachas tar éis maolú cuid de na srianta ar an 8 Meitheamh.

Deir 30.4% d’fhiontair freagartha go raibh tástáil teochta curtha in úsáid acu sa láthair oibre de bharr COVID-19 agus bhí riachtanas le trealamh cosanta pearsanta curtha i bhfeidhm ag 46.7% d’fhiontair.

Maidir le costais a bhain le hathruithe sa láthair oibre chun cloí le riachtanais COVID-19, bhí difríocht le brath de réir méid an fhiontair. Costas airmheánach  €500 a bhí ag micrifhiontair (níos lú ná 10 fostaí), agus €4,000 ab ea an figiúr d’fhiontair bheaga (idir 10 agus 49 fostaí). I gcás fiontar meánmhéide (50-249 fostaí) bhí costas airmheánach €10,000 ann agus bhain costas €42,500 le fiontair mhóra.

I measc na bhfiontar freagartha, bhí meánsciar 58.3% d’fhostaithe ag a ngnátháit oibre agus 26.8% d’fhostaithe, ar an meán, i mbun cianoibre. Le linn an tréimhse ceithre seachtaine idir 1 Meitheamh agus 28 Meitheamh 2020 d’fhill 19.1% den bhfórsa saothair ar an obair ó shaoire shealadach agus chuaigh 7.1% ar ais chuig a ngnátháit oibre tar éis tréimhse cianoibre.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi ndeara go mbaineann torthaí an tsuirbhé seo le fiontair a thug freagraí agus iad sin amháin - níl aon ualú déanta ar na torthaí.”

Tosófar ar an cúigiú bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Gnó ag COVID-19 a bhailiú an 27 Iúil 2020.

Gabhann an CSO buíochas leis na gnólachtaí as a bheith páirteach sa suirbhé ag an am dúshlánach seo.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Colin Hanley (+353) 21 453 5559 nó Eamonn Cleary (+353) 21 453 5483

nó seol ríomhphost chuig business_stats@cso.ie

-- CRÍOCH --