Skip navigation

05 Lúnasa 2020

Dífhostaíocht Mhíosúil, Iúil 2020

Rian suntasach go fóill ag an ngéarchéim COVID-19 ar an margadh saothair in Iúil 2020
  • Ráta Dífhostaíochta Míosúil coigeartaithe de réir séasúir le haghaidh Iúil 2020 ag úsáid na gnáthmhodheolaíochta:
    • 5.0% den iomlán daoine, méadaithe ó 4.6% i Meitheamh 2020
    • 5.2% d’fhir agus 4.7% de mhná
    • 16.0% de dhaoine 15-24 bliana d’aois agus 3.7% de dhaoine 25 bliana d’aois nó níos sine
  • Tomhas malartach dífhostaíochta coigeartaithe do COVID-19 (luach féideartha is airde) do Mheitheamh 2020 lena n-áirítear daoine i bhfáltas an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime:
    • 16.7% den iomlán daoine
    • 16.5% d’fhir agus 16.9% de mhná
    • 41.2% de dhaoine 15-24 bliana d’aois agus 13.7% de dhaoine 25 bliana d’aois agus níos sine

Breathnaigh ar an eisiúint: Dífhostaíocht Mhíosúil, Iúil 2020 [en]

Tá Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil eisithe inniu (05 Lúnasa 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) le haghaidh Iúil 2020.

Míníonn Catalina Gonzalez, Staitisteoir, an cur chuige ar úsáideadh chun na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil agus na Meastacháin Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 a fhoilsiú inniu:

‘Níl stádas na ndaoine i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ag deireadh Iúil 2020 ag teacht leis na critéir aontaithe idirnáisiúnta chun iad a rangú mar dífhostaithe chun críocha na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil a thiomsaítear de ghnáth.

Dá bharr sin, tá tomhas forlíontach dífhostaíochta á réiteach ag an Oifig in éineacht le gnáth-thomas na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil.

Áirítear ar an tomhas forlíontach seo, Dífhostaíocht Míosúil Coigeartaithe COVID-19, na daoine atá i bhfáltas Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime chun ráta coigeartaithe dífhostaíochta a ríomh. Breathnaítear air seo a bheith ina chuimse uachtair, an luach féideartha is airde, den fhíor-ráta dífhostaíochta agus ar an ráta míosúil caighdeánach a bheith ina chuimse íochtair dífhostaíochta, sin é an luach féideartha is ísle.

Leis an gcur chuige seo, coinnítear modheolaíocht na gnáthsraithe sonraí, Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil, agus ag an am céanna cinntítear go bhfuil léargas ar fáil maidir le tionchar COVID-19 ar an margadh saothair.”

Féach an Fógra Eolais - Tionchar COVID-19 ar an mBeochlár agus na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla (Márta 2020) agus an Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 (leasú Iúil 2020) [EN] chun teacht ar a thuilleadh sonraí.

Ag tagairt d'eisiúint an lae inniu, lean Catalina Gonzalez uirthi:

“Tá tionchar suntasach imeartha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn, agus lean seo ar aghaidh in Iúil 2020. Cé gur 5.0% a taifeadadh leis an ngnáth-thomhas Dífhostaíochta Míosúil don mhí sin, léiríonn an tomhas coigeartaithe COVID-19 ráta chomh hard le 16.7% dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime mar dífhostaithe.

5.0% is ea an Ráta Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Iúil 2020 de réir na gnáthmhodheolaíochta, méadaithe ón ráta 4.6% i Meitheamh 2020. I mí Iúil, seasann an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 5.2% d’fhir agus 4.7% do mhná faoi seach. Le miondealú ar na torthaí de réir aoisghrúpa leathan, seasann an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 16.0% i measc daoine 15 go 24 bliana d’aois agus ag 3.7% i measc daoine 25 go 74 bliana d’aois.

Chomh maith leis na gnáth-thorthaí Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Iúil 2020, tá tomhas malartach dífhostaíochta coigeartaithe ag COVID-19 chun meastachán a thabhairt ar an sciar den lucht saothair in Iúil 2020 nach raibh ag obair de bharr dífhostaíochta nó a bhí as obair de bharr COVID-19 agus i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime.

Dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go léir mar dífhostaithe, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 16.5% i measc fear agus16.9% i measc ban. De réir aoisghrúpa leathan, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 41.2% i measc daoine 15-24 bliana d’aois agus 13.7% i measc daoine 25-74 bliana d’aois.”

Ar deireadh, i bhfianaise na hathruithe féideartha atá molta le déanaí ar thacaí ioncaim sealadacha COVID-19, ar nós an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (ÍDP) agus an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP), tá an méid seo le rá ag Catalina Gonzalez:

“Cuireadh na scéimeanna taca ioncaim COVID-19 ar bun an chéad lá mar thacaí ioncaim gearrthéarmacha éigeandála, ach tá síneadh ama curtha leo roinnt uaireanta ó shin agus táthar tar éis athruithe a dhéanamh ar na critéir cáilithe agus ar an gcaoi ina ndéantar na scéimeanna a riaradh. Cé go rabhthas ag súil leis go dtí le déanaí go gcuirfí deireadh leis leis an ÍDP agus an SFSP i mí Lúnasa, is í an tuiscint atá againn anois ón méid atá ráite ag an rialtas ná go leanfar leis an ÍDP go pointe in 2021 agus go gcuirfear scéim nua, an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta, in áit an SFSP ón 01 Meán Fómhair 2020.

Leanfaidh an Oifig seo de na scéimeanna taca ioncaim reatha agus aon scéimeanna nua a thiocfaidh ar an bhfód a chíoradh, féachaint an gá athruithe a dhéanamh ar mhodheolaíocht na ngnáth-mheastacháin dífhostaíochta agus na meastacháin coigeartaithe COVID-19 araon. Tarraingeofar aird ár n-úsáideoirí ar aon athruithe modheolaíochta a dhéanfar amach anseo san eisiúint staitistiúil féin agus in aon ábhair tánaisteacha.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Fiosruithe:

Catalina Gonzalez, Anailísiú an Mhargadh Saothair - (+353) 87 646 7535

Rphost: labour@cso.ie

 

Eolas cúlra faoin eisiúint:

Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 (leasú déanta le haghaidh Iúil 2020) [leathanach i mBéarla]

Fógra Eolais - Tionchar COVID-19 ar an mBeochlár agus na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla (Márta 2020)

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Catalina Gonzalez (+353) 21 453 5163

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --