Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

25 Meitheamh 2019

Tuartha Réigiúnacha Daonra 2017-2036

Réigiúin Bhaile Átha Cliath agus Lár-Oirthir is mó atá tuartha le fás go dtí 2036
  • 4.74 milliún ab ea daonra áirithe na hÉireann in 2016, agus táthar ag tuar go mbeidh sé idir 5.34 milliún agus 5.81 milliún faoin mbliain 2036
  • B’ionann an Lár-Oirithir agus 14.6% den daonra iomlán in 2016 agus ceaptar i ngach cás féideartha go dtiocfaidh ardú ar an sciar seo le bheith idir 15.1% agus 16.6% den daonra faoi 2036
  • De réir na dtuartha, i ngach cás beidh sciar níos ísle den daonra lonnaithe i réigiúin an Iar-dheiscirt, an Lár-Iarthair, an Iarthair agus na Teorann faoi 2036
  • Feictear go dtiocfaidh méadú breis is 65.0% ar an líon daoine in aois 65 bliana agus os a cionn i ngach réigiún den stát faoi 2036

Breathnaigh ar an eisiúint: Tuartha Réigiúnacha Daonra 2017-2036 [EN]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Tuartha Réigiúnacha Daonra 2017 - 2036 inniu (25 Meitheamh 2019).

Ag tagairt don tuarascáil seo, dúirt James Hegarty, Staitisteoir “Le hinimirce idirnáisiúnta go hÉirinn de 20,000 duine in aghaidh na bliana agus srutha imirce inmheánacha sa stát go Baile Átha Cliath ó na réigiúin eile, meastar go dtiocfadh méadú 31.9% ar dhaonra Bhaile Átha Cliath ó 1.34 milliún daoine in 2016 go 1.76 milliún faoi 2036. B’ionann a leithéid agus 31.6% de dhaonra iomlán an Stáit sa chás sin. Leis an leibhéal céanna imirce idirnáisiúnta isteach go hÉirinn, ach le bogadh daonra ó Bhaile Átha Cliath go réigiúin eile, bheifí ag súil le méadú díreach 11.6% ar dhaonra Bhaile Átha Cliath go 1.49 milliún daoine faoi 2036. Sa chás seo, táthar ag tuar go mbeadh an borradh daonra ba mhó i réigiún an Lár-Oirthir, ag méadú 35.6% ó 690,900 daoine in 2016 go 937,100 daoine faoi 2036.

Léirítear sa tuarascáil seo sé torthaí éagsúla de thuartha réigiúnacha daonra in aghaidh na bliana don tréimhse 2017 go 2036. Tá na cásanna féideartha ag cloí leis na tuartha náisiúnta daonra agus mhargadh saothair, a foilsíodh mí Meithimh 2018. Mar a mhínigh an tUasal Hegarty: “Níltear ag maíomh leis an tuarascáil seo go bhfuil fios beacht againn ar a tharlóidh sa todhchaí ach is é is cuspóir leis réamh-meastacháin a thabhairt ar fhorbairtí an daonra bunaithe ar sé fhéidearthacht éagsúla. Trí glacadh le toimhdí faoi threochtaí básmhaireachta, torthúlachta, imirce inmheánaigh agus eachtraigh, is féidir linn meastacháin a thabhairt maidir leis an daonra amach anseo agus na tionchair fhéideartha den a leithéid ar ghrúpaí deimeagrafacha ar nós an daonra in aois scoile, an daonra in aois oibre agus seandaoine.

Ar deireadh, dúirt an tUasal Hegarty: “Fuair an CSO cabhair i dtiomsú na tuarascála seo ó Shainghrúpa ina raibh ionadaithe ó ranna rialtais, na hollscoileanna agus ó eagrais ábhartha eile. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo as a gcuid ama ag obair ar an taighde seo.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Achoimre atá sa mhéid a leanas de na toimhdí a chuireann bonn faoi na tuartha sa tuarascáil:

  • I gcás an toimhde torthúlachta (F2), ceaptar go dtiocfadh laghdú ar an Ráta Iomlán Torthúlachta (TFR) ón ráta 1.8 a bhí ann in 2016 go 1.6 faoin mbliain 2031 agus go bhfanfadh sé seo seasta ón bpointe sin ar aghaidh.
  • Glactar leis go dtiocfadh méadú ar ionchas saoil ó leibhéil 2015, ag ardú ó 79.3 mbliana go 83.6 bliana d’fhir faoi 2036. Do mhná, ardódh sé ó 83.3 bliana go 86.5 bliana sa tréimhse chéanna.
  • Sa chás imirce féideartha is suntasaí, M1, glactar leis go mbeadh inimirce glan bliantúil de 30,000 thar tréimhse na dtuartha. I gcás imirce féideartha M2, meastar go mbeadh inimirce glan ní chomh mór sin de 20,000 in aghaidh na bliana go dtí 2036. I gcás féideartha M3, glactar leis go mbeadh inimirce glan bliantúil de 10,000 duine.
  • Sa chás imirce inmheánaigh féideartha ‘As Baile Átha Cliath’, thiocfadh athrú ar an imirce amach bliantúil ón réigiún de -4,400 duine a chonacthas in 2016, ag ardú go -10,200 duine faoin mbliain 2021 agus ag fanacht seasta ón bpointe sin ar aghaidh. Taifeadadh a leithéid d’imirce amach glan sa bhliain 2006.
  • Sa chás imirce inmheánaigh ‘Go Baile Átha Cliath’ athrófaí ó -4,400 imirce amach glan as Baile Átha Cliath mar a bhí in 2016 go +2,100 imirce isteach glan sa réigiún faoi 2021 agus ag fanacht seasta ón bpointe sin ar aghaidh. Tá an figiúr seo ag teacht le patrún coitianta stairiúil don réigiún.
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

James Hegarty (+353) 21 453 5429 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485

nó seol ríomhphost chuig demography@cso.ie

-- CRÍOCH --