27 Lúnasa 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 2 2019 [EN]
Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le Ráithe 2 2019 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (27 Lúnasa 2019). Tháinig an suirbhé seo in ionad an tSuirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) ó thús R3 2017.
Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an SLS an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,300,000 duine fostaithe san iomlán in R2 2019. Méadú bliantúil 2.0% nó 45,000 fostaí é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2018. Nuair a choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig laghdú 0.9% nó 20,900 fostaí ar fhostaíocht i gcomparáid le R1 2019.
Bhí 130,800 daoine dífhostaithe in R2 2019 agus ba laghdú bliantúil 9.4% nó 13,600 é seo i gcomparáid le R2 2018. Nuair a choigeartaítear na figiúirí de réir séasúir, tháinig mionmhéadú ar an ráta dífhostaíochta ó 5.1% go 5.2% le linn na ráithe agus méadú 3,700 ar an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir, suas go 126,100.
Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, téarma a thagraíonn do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh bliana nó níos mó, agus 31.2% den líon iomlán daoine a bhí dífhostaithe in R2 2019.
Is é 2,430,800 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 1.3% nó 31,400 an méid sin ó R2 2018. Is e 1,481,800 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 2.3% nó 32,900 é seo i gcomparáid leis an am céanna an bhliain roimhe.”
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --