Skip navigation

26 Aibreán 2019

Suirbhé ar an Lucht Saothair - Meastacháin Phá Íosta Náisiúnta Ráithe 4 2018

  • Thuill 137,200 fostaí Pá Íosta Náisiúnta nó níos lú in R4 2018, laghdú 9.0% nó 13,500 fostaí ó R4 2017
  • B’ionann daoine ar Phá Íosta Náisiúnta nó níos lú agus 7.6% d’fhostaithe go léir, tite ó sciar 8.6% in R4 2017
  • Méadú 5.2% nó 83,400 ar an líon fostaithe a thuill níos mó ná an Pá Íosta Náisiúnta i R4 2018 thar R4 2017 go 1,679,600 san iomlán
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair - Meastacháin Phá Íosta Náisiúnta Ráithe 4 2018

    Tá Meastacháin Phá Íosta Náisiúnta eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Aibreán 2019), bunaithe ar eolas a bailíodh mar chuid den Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) i Ráithe 4 2018.

     Agus é ag tagairt d’eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Cuirtear ceisteanna maidir le stádas Phá Íosta Náisiúnta ar fhostaithe mar chuid den SLS, rud a tosaíodh i Ráithe 2 2016. I dtuairisc an lae inniu, tugtar meastacháin bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Ráithe 4 2018.

     I measc na torthaí is suntasaí, léirítear dúinn go raibh 137,200 fostaí ann ag saothrú an Phá Íosta Náisiúnta nó níos lú ná sin i Ráithe 4 2018, laghdú 9.0% nó 13,500 ón tréimhse chéanna i 2017. As an dream seo, bhí 24,500 ag saothrú níos lú ná an Pá Íosta Náisiúnta.

     I Ráithe 4 2018, b’ionann an 137,200 fostaí agus 7.6% d’fhostaithe go léir, tite ón sciar 8.6% a tuairiscíodh i Ráithe 4 2017.

    B’ionann an líon fostaithe a thuill níos mó ná an Pá Íosta Náisiúnta agus 1,679,600 i Ráithe 4 2018, laghdú 5.2% nó 83,400 duine ón mbliain roimhe.

    Nótaí d'Eagarthóirí:

    Eisiúint is déanaí den tsraith príomha Suirbhé ar an Lucht Saothair
    https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/er/lfs/labourforcesurveyquarter42018/ [EN]

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O' Callaghan (+353) 21 453 5491

    nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

    -- CRÍOCH --