Skip navigation

17 Aibreán 2019

Íospartaigh na Coireachta Taifeadta 2018 – Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

An chéad eisiúint staitistiúil mar gheall ar íospartaigh na coireachta taifeadta in Éirinn
  • Fireannaigh a bhí i móramh na n-íospartach dúnbhásaithe (77%) agus ionsaithe (59%), ach baineannaigh a bhí i móramh na n-íospartach choireanna gnéis
  • Tharla aon cheathrú de choireanna gnéis a tuairiscíodh in 2018 deich mbliana nó níos mó sular tuairiscíodh don Gharda Síochána iad
  • Íospartaigh na Coireachta Taifeadta 2018 foilsithe faoin aicmiú Staitisticí faoi Fhorchoimeádas

Breathnaigh ar an eisiúint: Íospartaigh na Coireachta Taifeadta 2018 [EN]

Tá staitisticí mar gheall ar íospartaigh coireanna taifeadta foilsithe inniu (17 Aibreán 2019) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Baineann na staitisticí seo le coireanna dúnbhásaithe, ionsaithe agus coireanna gnéis agus tá siad bunaithe ar sonraí arna thaifead ag an nGarda Síochána.

Ag tagairt d'fhoilseachán an lae inniu, dúirt Sam Scriven, Staitisteoir: “Léirítear san fhoilseachán nua seo eolas faoin líon íospartach a taifeadadh i roinnt catagóirí coireachta tromchúiseacha mar aon le comhthéacs maidir le tuairisciú a leithéid de choireanna don Gharda Síochána le linn 2018.”

Fireannaigh a bhí i 77% d’íospartaigh dúnbhásaithe agus i 59% d’íospartaigh in ionsaithe fisiciúla agus cionta gaolmhara a tuairiscíodh in 2018. É sin ráite, baineannaigh a bhí i mbreis is ceathrar as gach cúigear íospartach, nó 82%, i gcionta fhoréigean gnéis a cuireadh ar an taifead don bhliain seo chaite.

Áirítear i dtuairisciú ar fhoréigean gnéis eachtraí a tharla le déanaí mar aon le cásanna stairiúla den fhoréigean gnéis. In 2018, thuairiscigh 63% d’íospartaigh fhoréigean gnéis ar eachtraí a tharla dóibh laistigh den 12 mhí roimhe sin agus baineannaigh a bhí i mbeagnach 90% de na híospartaigh seo.

Bhain aon cheathrú de chásanna fhoréigean gnéis a tuairiscíodh in 2018 le heachtraí a tharla deich mbliana nó níos mó sular tuairiscíodh don Gharda Síochána iad. Le linn an óige a tharla formhór mór na cásanna seo."

Le foilsiú na staitisticí seo, tá tús á chur le sraith úr bhliantúil mar gheall ar Íospartaigh na Coireachta Taifeadta. Is féidir amhlaidh a dhéanamh anois tar éis measúnú a bheith déanta ar chaighdeán na sonraí iontrálaithe ar an gcóras PULSE mar a bhaineann siad le híospartaigh i gcatagóirí coireachta tromchúiseacha, mar a pléadh in Athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta 2017, tuarascáil ón Oifig seo a fhoilsíodh in 2018. Faoi mar a léiríodh san Athbhreithniú, taifeadadh na sonraí íospartach do na cineálacha coireachta seo go cruinn. Tá measúnú le déanamh ar chaighdeán sonraí maidir le ciontóirí tar éis nuashonruithe ar an gcóras PULSE le déanaí, mar sin tá staitisticí mar gheall ar chiontóirí gan a bheith ar fáil san fhoilseachán don am i láthair.

 

Eolas cúlra:
Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Sam Scriven (+353) 21 453 5276

nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie

-- CRÍOCH --