Skip navigation

11 Nollaig 2018

Athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta 2017

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh an tríú Athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta
  • Feabhsuithe leanúnacha cáilíochta sonraí faighte i neamhthaifeadadh, aicmiú agus neamhbhailíochtú cásanna coireachta ar an gcóras PULSE
  • A thuilleadh cruinnis de dhíth maidir le cur i bhfeidhm prionsabal comhairimh coireanna mar aon le coireanna a raibh cúis leithchealach leo agus coireanna drochíde teaghlaigh

Breathnaigh ar an eisiúint: Athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí ar Choireacht Thaifeadta 2017 (PDF 539KB)

Tá an tríú athbhreithniú ar Chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (11 Nollaig 2018). Tá an t-athbhreithniú is déanaí seo bunaithe ar shonraí a taifeadadh ar an stór sonraí PULSE maidir le coireanna a tuairiscíodh don Gharda Síochána sa bhliain 2017.

Fuarthas tríd an athbhreithniú go bhfuil forbairt shuntasach tagtha ar chaighdeán Staitisticí Coireachta Taifeadta ó fhoilsíodh athbhreithniú caighdeán an CSO sa bhliain 2016, lena n-áirítear:

  • Laghdú feiceálach ar neamhthaifeadadh cásanna coireachta taifeadta ar chóras PULSE
  • Líon níos ísle earráidí mí-aicmithe
  • Feabhas ar thaifeadadh cásanna coireachta in am trátha ar chóras PULSE
  • Feabhas ó thaobh taifid chásanna coireachta a bheith marcáilte neamhbhailí ag pointe níos déanaí

Bhí raon feidhme níos leithne leis an athbhreithniú seo i gcomparáid le hathbhreithnithe roimhe seo chun ceisteanna cáilíochta sonraí a d’éirigh as cíoradh taifid sonraí dúnmharaithe le linn 2017 a chlúdach. I measc na gceisteanna seo tá úsáid cheart na bprionsabal comhairimh coireanna mar aon le measúnú ar choireanna a raibh cúis leithchealach leo agus ar choireanna drochíde teaghlaigh. Is é tátal an CSO ná go bhfuil a thuilleadh oibre ag teastáil chun cruinneas taifeadta sna réimsí seo a fheabhsú.

Ag tagairt don Athbhreithniú Caighdeán is déanaí seo, dúirt Sam Scriven, Staitisteoir: “Is acmhainní tábhachtacha iad staitisticí Coireachta Taifeadta do lucht déanta beartais agus do shaoránaigh. Braitheann caighdeán agus tairbhe na Staitisticí Coireachta Taifeadta i ndeireadh na dála ar cháilíocht na sonraí a bhíonn á dtaifead agus á gcoimeád ar chóras PULSE ag an nGarda Síochána.

Sa tuarascáil seo, feictear le comhthéacs a thabhairt d’úsáideoirí na staitisticí coireachta faoi na saincheisteanna cáilíochta sonraí atá ábhartha do shonraí coireachta agus an chaoi a bhaineann siad seo le staitisticí coireachta. Meabhraítear d’úsáideoirí go bhfanfaidh an t-aicmiú de staitisticí Coireachta Taifeadta mar ‘Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas’ i bhfeidhm go dtí gur deimhin leis an CSO gur de cháilíocht leordhóthanach é leibhéal cruinnis agus iomláine na sonraí bunúsacha.

Is é cinneadh na tuarascála seo ná go bhfuil fianaise ann d’fhorbairt sa phróiseas taifeadta agus i gcáilíocht sonraí ach go bhfuil tuilleadh oibre ag teastáil chun torthaí seasmhacha staitistiúla a chinntiú. Tá an CSO tiomanta cabhair a thabhairt don Gharda Síochána cáilíocht sonraí a fheabhsú pé áit gur féidir, agus tá plean feabhsaithe cáilíochta sonraí molta ag an Oifig don Gharda Síochána.

 

Eolas cúlra:

Ceisteanna Coitianta - Staitisticí Faoi Fhorchoimeádas

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Sam Scriven (+353) 21 453 5276

nó seol ríomhphost chuig crime@cso.ie

-- CRÍOCH --