Skip navigation

19 Lúnasa 2019

Suirbhé ar an Lucht Saothair: Meastacháin um Fhostaíocht Oibrithe Gníomhaireachta - Ráithe 1 2019

  • 50,400 fostaí a dúirt gurbh oibrithe gníomhaireachta iad i R1 2019, ionann le 2.6% d'iomlán na bhfostaithe sa Stát
  • Mná ab iad breis is leath d’oibrithe gníomhaireachta, sciar 52.0% den iomlán
  • Beagnach beirt as gach cúigear oibrí gníomhaireachta a luaigh go raibh 40 uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine á dhéanamh acu
  • Sciar dhá oiread níos mó d'oibrithe gníomhaireachta ná fostaithe go léir a thuairiscigh go raibh siad i bhfostaíocht le níos lú ná aon bhliain
  • Trí oiread níos coitianta ag oibrithe gníomhaireachta a rá go raibh siad i bhfostaíocht shealadach ná ag fostaithe go léir
  • Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair: Meastacháin um Fhostaíocht Oibrithe Gníomhaireachta R1 2019 [EN]

    Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) eisiúint inniu (19 Lúnasa 2019) maidir le Meastacháin um Fhostaíocht Oibrithe Gníomhaireachta ón Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) i dtaobh R1 2019.

    Ag tagairt don eisiúint seo, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Leagtar amach san eisiúint seo torthaí anailíse ar fhostaithe a thug le fios go raibh siad i bhfostaíocht íoctha le gníomhaireacht fostaíochta i R1 2019. Tugtar oibrithe gníomhaireachta ar na daoine seo dá bharr.

    I measc na príomhthorthaí, léirítear go raibh 50,400 oibrí gníomhaireachta ann i R1 2019 agus gurbh ionann an grúpa seo agus 2.6% d’iomlán na bhfostaithe sa Stát.

    Léirítear dúinn go raibh níos mó ban na fir ina n-oibrithe gníomhaireachta (52.0%). Bhí breis is beirt as gach cúigear oibrí gníomhaireachta idir 15 agus 34 bliana d’aois (43.3%). Ó thaobh áit chónaithe de, bhí sciar mórán mar an gcéanna d’oibrithe gníomhaireachta ina gcónaí sa Deisceart (41.1%) agus san Oirthear agus Lár Tíre (44.0%), sin iad réigiúin NUTS 2.

    Bhí 17.9% d’oibrithe gníomhaireachta ag obair san earnáil Sláinte Daonna agus Obair Shóisialta, agus sciar nach mór mar an gcéanna (17.5%) ag obair i slí beatha Bunúsach, de réir sainmhíniú SOC2010.

    Thuairiscigh 38.5% d’oibrithe gníomhaireachta go n-oibríonn siad 40 uair nó níos mó in aghaidh na seachtaine, agus dúirt beagán le cois seachtar as deichniúr (72.0%) go raibh siad i bhfostaíocht lánaimseartha.

    Bhí sé dhá oiread níos coitianta ag oibrithe gníomhaireachta (38.5%) ná ag fostaithe go léir (18.3%) a thuairisciú go raibh siad i bhfostaíocht leanúnach le tréimhse faoi bhun 12 mhí. Ina theannta sin, bhí sé trí oiread níos coitianta ag oibrithe gníomhaireachta (28.0%) ná ag fostaithe go léir (9.0%) a thuairisciú go raibh siad i bhfostaíocht shealadach.

    I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

    Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491

    nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

    -- CRÍOCH --