Skip navigation

15 Márta 2019

Ceadanna Pleanála Ráithe 4 2018

In 2018, deonaíodh ceadanna pleanála i gcomhair 29,243 aonad cónaithe, méadú 41% ó 2017
  • Deonaíodh 26,584 chead pleanála san iomlán d’fhorbairtí anuraidh, méadú 6% ó 2017
  • 20,019 dteach san iomlán a deonaíodh cead pleanála dóibh in 2018, méadú 30% ar an mbliain roimhe agus an líon is aird ó 2009 i leith

Breathnaigh ar an eisiúint: Ceadanna Pleanála Ráithe 4 2018 [EN]

Tá sonraí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (15 Márta 2019) maidir le ceadanna pleanála i Ráithe 4 2018.

Agus é ag tagairt do na sonraí, dúirt Paul Murphy, Staitisteoir “Deonaíodh ceadanna pleanála do 20,019 dteach in 2018, é sin i gcomparáid le 15,440 in 2017, méadú 30%. Tá méadú tagtha ar an bhfigiúr seo gach bliain ón íoslíon 5,389 dteach in 2012 ach tá sé i bhfad níos ísle ná an buaiclíon 75,650 sa mbliain 2005.

Deonaíodh ceadanna pleanála i gcomhair 9,224 aonad árasáin, i gcomparáid le 5,336 aonad in 2017, méadú 73%. Líon 14,538 dteach i bhforbairtí ilaonad a ceadaíodh anuraidh, i gcomparáid le 10,215 in 2017, méadú 42% bliain ar bhliain.

In 2018, deonaíodh cead pleanála don chéad uair i gcomhair iarratais tríd an bpróiseas Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta (FST). Próiseas é seo trínar féidir iarratais ar fhorbairtí de íosmhéid 100 aonad cónaithe nó íosmhéid 200 spás leapa mac léinn a chur faoi bhráid an Bhord Pleanála go díreach. Deonaíodh ceadanna do 3,284 theach nua agus 3,818 n-árasán nua trí iarratais FST anuraidh.

Ba é líon iomlán na gceadanna pleanála a deonaíodh i gcomhair forbairtí de gach cineál anuraidh ná 26,584, é sin i gcomparáid le 25,083 chead in 2017; méadú 6% ó bhliain go bliain. As an líon seo, bhí sciar 26% ceadanna i gcomhair aonaid nua cónaithe, 30% i gcomhair dhéantúis úra eile agus 44% i gcomhair sínte, athruithe nó athchóirithe.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Paul Murphy (+353) 21 453 5201 nó Alan Finlay (+353) 21 453 5211

nó seol ríomhphost chuig business_stats@cso.ie

-- CRÍOCH --