Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

29 Lúnasa 2018

Preasráiteas: Oideachas Aosach 2017

Os cionn leath de dhaoine fásta (54%) páirteach i bhfoghlaim feadh an tsaoil in 2017
  • Díreach 9% de dhaoine fásta páirteach in oideachas foirmiúil le linn na bliana
  • Ghlac beagnach leath de dhaoine fásta (49.7%) páirt in oideachas neamhfhoirmiúil in 2017
  • Luaigh aon trian de dhaoine fásta (33%) éileamh éigean gan sásamh ar fhoghlaim feadh an tsaoil
  • Ba í an deacracht is mó rochtain a dhéanamh ar oideachas ná easpa ama de bharr dualgais teaghlaigh
  • Ag Éirinn atá an séú ráta is airde rannpháirtíochta i bhfoghlaim feadh an tsaoil ar fud an AE

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Oideachas Aosach 2017 [EN]

Tá torthaí an tSuirbhé ar Oideachas Aosach 2017 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (29 Lúnasa 2018).  Is é is cuspóir leis an suirbhé seo ná rátaí rannpháirtíochta iontaofa maidir le breisoideachas an daonra fásta a chur ar fáil. Foinse faisnéise é chomh maith maidir leis na deacrachtaí a bhíonn ann rochtain a dhéanamh ar oideachas. Léirítear staitisticí i dtuarascáil an lae inniu maidir le ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) mar a bhaineann sé le rátaí rannpháirtíochta lárnacha.

Agus í ag tagairt don tuarascáil, dúirt Helen McGrath, Staitisteoir:

"Tá sé soiléir ón tuarascáil seo nach dtagann deireadh leis an bhfoghlaim nuair a chríochnaítear in oideachas lán-aimseartha – ghlac os cionn leath de dhaoine fásta (54%) páirt in oideachas feadh an tsaoil lena n-áirítear oideachas foirmiúil, oideachas neamhfhoirmiúil, nó an dá cheann sa mbliain 2017. Rinne triúr as cúigear duine fásta (62%) foghlaim neamhfhoirmiúil, m.sh. foghlaim ó chara nó ball teaghlaigh, sa tréimhse chéanna.

Bhí beagán le cois duine as dáréag (9%) ag tabhairt faoi oideachas foirmiúil le linn an 12 mhí seo. Ba mhó seans daoine dífhostaithe (28%) ná daoine i bhfostaíocht (8%) a bheith páirteach sa chatagóir seo.

Ainneoin na rátaí arda rannpháirtíochta, thug díreach faoi bhun aon trian de dhaoine fásta (33%) le fios nár sásaíodh go hiomlán an t-éileamh ar bhreisoideachas.

Ar bhonn náisiúnta, aithníodh easpa ama de bharr dualgais teaghlaigh mar an deacracht nó bac ba choitianta i rochtain a dhéanamh ar oideachas, é luaite ag ceathrar as gach naonúr duine fásta (44%).

Seasann ráta rannpháirtíochta foghlama na hÉireann ag 54%, an séú ráta is airde san AE ina raibh meánráta de 45%."

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Helen McGrath (+353) 21 453 5108 nó Paul M Crowley (+353) 21 453 5090

nó seol ríomhphost chuig education@cso.ie

-- CRÍOCH --