21 Lúnasa 2018
Breathnaigh ar an eisiúint: Críochnú Aonad Cónaithe Nua R2 2018 [EN]
Tá figiúirí eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (21 Lúnasa 2018) maidir le críochnú aonad cónaithe nua sa dara ráithe de 2018. Is í eisiúint an lae inniu an dara eagrán i sraith ráithiúil ina sonraítear tógáil aonad cónaithe nua in Éirinn ó 2011 i leith.
Ag trácht ar an eisiúint, dúirt Laura Flannelly, Staitisteoir; “Sa dara ráithe de 2018, críochnaíodh 4,419 n-aonad cónaithe nua i gcomparáid le 3,295 aonad sa tréimhse chéanna anuraidh, méadú 34.1%. Seasann comhaireamh na n-aonad nua críochnaithe sa chéad leath de 2018 ag 7,909.
“Críochnaíodh 2,761 aonad scéime in R2 2018, ionann le méadú 54.4% ar an líon 1,788 n-aonad a tógadh in R2 2017.
“Aonaid aonair ab iad 26.2% den iomlán a críochnaíodh in R2 2018, an sciar ba lú ó thús na sraithe sa bhliain 2011.
“Sna ceantair Baile Átha Cliath agus an Lár-Oirthir a taifeadadh móramh na n-aonad cónaithe nua críochnaithe in R2 2018, le 60.5% den iomlán. Ba é Baile Átha Cliath 15 an ceantar Éirchóid ba ghníomhaí le linn na ráithe, áit ar críochnaíodh 308 aonad nua.”
Laura Flannelly (+353) 1 498 4230 nó Kieran Culhane (+353) 1 498 4364
nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie
-- CRÍOCH --