Skip navigation

22 Meán Fómhair 2017

Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh - Ráithe 2 2017

Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh - Ráithe 2 2017
  • Ardú 2.4% (48,100 duine) go 2,063,000 tagtha ar líon na bhfostaithe le linn na bliana go R1 2017
  • Titim 24.7% (46,300 duine) go 141,500 tagtha ar líon na ndaoine dífhostaithe le linn na bliana go R1 2017
  • Laghdú tagtha ar an ráta dífhostaíochta coigeartaithe de réir séasúir ó 6.8% in R1 2017 go 6.2% in R2 2017

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh - Ráithe 2 2017 [EN]

Tá torthaí eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (22ú Meán Fómhair 2017) ón Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh (QNHS) do Ráithe 2 2017. Léirítear sa tuairisc seo na torthaí do R2 2017 taobh le sonraí inchomparáide do bhlianta roimhe seo.

Ag tagairt don eisiúint, deir Jim Dalton, Staitisteoir: “Is í an QNHS an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn.

Léiríonn na príomhthorthaí do R2 2017 gurbh ionann líon iomlán na bhfostaithe agus 2,063,000, méadú de 2.4% nó 48,100 duine i gcomparáid leis an ráithe céanna in 2016. Le coigeartú déanta de bharr tionchair shéasúracha, tháinig méadú 0.2% nó 3,300 duine ar líon na ndaoine i bhfostaíocht ó R1 2017.

Bhí 141,500 duine dífhostaithe ann i R2 2017 - laghdú de 24.7%, ionann le 46,300 duine, ó bhí R2 2016 ann. Coigeartaithe de réir séasúir, tháinig laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 6.8% go 6.2% le linn na ráithe. B’ionann líon na ndaoine dífhostaithe don ráithe is déanaí seo, coigeartaithe de réir séasúir, agus 136,700 – an líon ba lú ó bhí R2 2008 ann, tráth a raibh figiúir inchomparáide de 127,200 duine dífhostaithe.

B’ionann le dífhostaíocht fhadtéarmach, a shainítear mar an líon daoine dífhostaithe ar feadh bliana nó tréimhse níos faide, agus 48.7% den dífhostaíocht iomlán i R2 2017, i gcomparáid le sciar 51.1% an tréimhse céanna aon bhliain roimhe sin.

Ar deireadh, is ionann an líon daoine atá sa lucht saothair agus 2,204,500 duine, méadú 0.1% nó 1,800 duine ó bhí R2 2016 ann. Tá 1,477,400 duine nach bhfuil sa lucht saothair, méadú 3.0% nó 42,500 ar an dtréimhse chéanna aon bhliain roimhe sin.”

Tabhair aird, le bhur dtoil, go mbeidh suirbhé úr, Suirbhé ar an Lucht Saothair, ag teacht isteach in ionad an Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh ó R3 2017 ar aghaidh. Féach an nóta faisnéise ábhartha i dteannta an phreasráitis seo chun teacht ar a thuilleadh eolais.

PríomhthorthaíRáithe 2 2017Athrú bliantúil
Fostaithe2,063,000 +48,100
Dífhostaithe141,500-46,300
Sa Lucht Saothair2,204,500 +1,800
Gan a bheith sa Lucht Saothair1,477,400 +42,500
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --