Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

14 Nollaig 2017

Torthaí Dhaonáireamh 2016: Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht

2,006,641  duine ag obair in Éirinn i mí Aibreáin 2016 

Inniu, (Déardaoin an 14 Nollaig), foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh an tuairisc (théamach) dheireanach de Dhaonáireamh 2016, Próifíl 11 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht.

Is léir ó Phróifíl 11 go raibh méadú ar líon na ndaoine a bhí ag obair in Éirinn i mí Aibreáin 2016, suas go beagáinín os cionn 2 milliún (+11.0%). Bhí líon na ndaoine i mbun cúram tí/teaghlaigh ag titim i gcónaí, 10.1%  síos go  305,556 . Ag an am céanna méadaíodh ar líon na ndaoine a bhí ar scor go 545,407. Sin ardú 88,013 (19.2%) i gcomparáid le 2011.

Thug Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach, an tuairim seo a leanas: “ Sa tuairisc seo déantar anailís ar shaol na hoibre in Éirinn in 2016 agus dírítear go háirithe ar athruithe ar an líon daoine a bhí ag obair, de réir gairmeacha agus earnálacha tionscail. Lena chois sin féachtar ar phróifíl an phobail nach náisiúnaigh na hÉireann iad sa lucht saothair. Le Próifíl 11 críochnaítear an tsraith de thorthaí Daonáirimh 2016 lenar áiríodh dhá thuairisc achoimre, aon cheann déag de thuairiscí mionsonraithe agus Staidreamh Daonra i gCeantair Bheaga. I dteannta a chéile tugann na torthaí seo léargas cuimsitheach ar Éirinn mar a bhí cúrsaí i mí Aibreáin 2016. Tá na sonraí ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh anois.

Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Daonáireamh 2016: Próifíl 11 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht

Buaicphointí ó Phróifíl 11 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht

An lucht saothair

Ba ionann an 2,304,037 duine sa lucht saothair i mí Aibreáin 2016 agus méadú 71,834 (3.2%)i gcomparáid le hAibreán 2011. Tá tionchar ag an méadú mór ar dhaoine scortha (ardú 19.2%  go 545,407) ar an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair. Thit sé seo go 61.4%.

Méadú ar fhostaíocht, laghdú ar dhífhostaíocht

Bhí 2,006,641 duine ag obair in Éirinn i mí Aibreáin 2016, i gcomparáid le 1,807,360 cúig bliana roimhe sin. Is méadú 199,281 (11.0%) é seo thar an tréimhse.

Ba é 12.9% an ráta dífhostaíochta a tomhaiseadh sa Daonáireamh, síos ó 19.0% a bhí ann i mí Aibreáin 2011. Ba é  12.0% an ráta dífhostaíochta i measc na mban agus 13.7% i measc na bhfear. Tháinig laghdú  breis is 100,000 (37.7%) ar líon na bhfear dífhostaithe idir 2011 agus 2016 agus tháinig laghdú 24,050 (16.0%) ar líon na mban dífhostaithe sa tréimhse céanna.

Dífhostaíocht na n-Óg

Ba é an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg (líon na ndaoine dífhostaithe idir 15 agus 24 bliana d’aois, arna thabhairt mar chéatadán de lucht saothair na n-óg) ná 25.6%. Is laghdú ó 38.7% i mí Aibreáin 2011 é seo. Tháinig laghdú 34,125 nó 41.5% ar líon na ndaoine óga dífhostaithe.

Athruithe ar fhostaíocht in earnálacha tionscail

Thaispeáin ghníomhaíochtaí ríomhchláraithe an méadú ba mhó sa mhéid gur tháinig ardú 21,262 (beagnach 56.0%) air. Shroich sé 59,376 in 2016. Sa dara háit  bhí Cúram cónaithe agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta, obair ar tháinig méadú 24.0% uirthi ó 82,900 go 102,700.  Tháinig alaghdú ba mhó ar ghníomhaíochtaí sna seirbhísí airgeadais, síos ó 54,027 go 46,674 in 2016 agus ar Riarachán Poiblí, réimse inar tharla titim  5,000, nach mór, go 83,687. 

Na Príomh-Ghairmeacha in 2016

Sa tuairisc a eisítear inniu tugtar sonraí faoin líon daoine a bhí ag obair agus iad rangaithe de réir 328 gcatagóir ar leith. Ba é catagóir na gCúntóirí díolacháin agus miondíolacháin, airgeadóirí agus oibreoirí cuntair amach an grúpa gairme ba mhó. Bhí 90,746 duine sa ghrúpa seo. Bhí Feirmeoirí sa dara grúpa gairme ba mhó. Bhí 3.5% den lucht saothair ann. Is ionann sin agus 69,375 oibrí. Ba iad Gairmeacha Riaracháin eile an chéad chatagóir eile ba mhó. Bhí  59,392 oibrí ann. Ba ionann líon na n-Altraí agus na mban cabhrach agus 53,910 oibrí nó 2.7% den lucht saothair.

Tháinig an méadú ba mhó ar an gcatagóir “Gairmeacha riaracháin eile” idir 2011 agus 2016. Ardú ó 47,465  go 59,392 oibrí a tháinig air.  Ba é Ríomhchláraitheoirí agus gairmithe forbartha bogearraí an grúpa ar a dtáinig an dara méadú ba mhó, is é sin, méadú 6,873 suas go 20,113 oibrí.

Náisiúnaigh nach Éireannaigh iad i bhfostaíocht agus dífhostaithe

Bhí 347,233  náisiúnach nach Éireannaigh iad sa lucht saothair i mí Aibreáin 2016, agus ráta rannpháirtíochta 73.9% acu. Idir 2011 agus 2016 tháinig méadú 9.6% suas go 293,830 duine ar líon na ndaoine fostaithe nach Éireannaigh iad. Ag an am céanna tháinig laghdú  31.0% ar líon na ndaoine nach Éireannaigh iad a bhí dífhostaithe, síos ó 77,460 go 53,403 duine.

Maidir le hinimircigh a tháinig le déanaí, ba náisiúnaigh tíortha eile seachas Éire iad 47,651 den 82,346 duine a tháinig go hÉirinn chun cónaí a ghlacadh anseo sa bhliain roimh dhaonáireamh 2016.  I ngrúpa na nÉireannach ba é 76.8% an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair ach i ngrúpa na ndaoine nach Éireannaigh iad ba é 67.4% é. Is féidir cuid den ráta rannpháirtíochta níos ísle seo a chur i leith líon mac léinn níos airde atá sa ghrúpa seo: is mic léinn iad beagnach 22.0% i gcomparáid le beagáinín os cionn 10.0% d’inimircigh Éireannacha.

Maidir le háit oibre na n-inimirceach seo a tháinig le déanaí,  bhí beagnach 5,000 díobh ag obair san earnáil Seirbhís lóistín agus bia  agus ba náisiúnaigh tíortha eile seachas Éire iad 4,070 díobh seo.  Ba í gníomhaíochtaí Faisnéise agus cumarsáide an chéad earnáil eile is mó. Bhí 4,300 duine ag obair inti; ba náisiúnaigh tíortha eile breis is 77% díobh seo. San earnáil Foirgníochta, áit a raibh 2,323  inimirceach ag obair a tháinig le déanaí, bhí náisiúnaigh na hÉireann chun tosaigh - ba ionann iad agus 66.6%.

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Is é Próifíl 11 – Fostaíocht, Slite Beatha agus Tionsclaíocht an tríú tuairisc déag agus an tuairisc dheireanach ó Dhaonáireamh 2016 (11 thuairisc phróifíle agus dhá thuairisc achoimre). Tá na tuairiscí go léir ar fáil ag http://www.cso.ie/en/baile/daonaireamh.Ar na tuairiscí áirítear réimse táblaí gréasáin idirghníomhacha ar féidir le húsáideoirí a gcuid táblaí féin a thógáil tríd na sonraí siúd a roghnú a bhfuil suim acu iontu, agus iad a íoslódáil i bhformáid éasca chun anailís a dhéanamh orthu. 
  • I gcomhar leis an an Ionad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag OÉ Mhaigh Nuad cuirtear sonraí daonáirimh achomair ar fáil i léarscáileanna téamacha maidir le Toghcheantair agus Ceantair Bheaga ar shuíomh gréasáin an AIRO. Tá teacht air seo tríd an nasc ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Lena chois sin tá suíomh gréasáin Sonraí Oscailte seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) ar a gcuirtear Staitisticí Daonra Cheantair Bhig an Daonáirimh 2016 ar fáil mar Shonraí Oscailte geografacha den chéad uair. Is féidir torthaí Daonáirimh 2016 thar 15 théama lena n-áirítear inscne, aois agus stádas pósta; teaghlaigh; an Ghaeilge agus oideachas a amharcléiriú i bhfoirm léarscáile thar 31 Chontae Riaracháin, 95 Cheantar Uirbeacha, 3,409 dToghroinn agus 18,641 Cheantar Bheaga. Is cuid den ardán GeoHive de chuid an tSuirbhéireacht Ordanáis (http://www.geohive.ie) agus tá sé ar fáil ag http://census2016.geohive.ie/
  • Tugann torthaí an tSuirbhé Náisiúnta Ráithiúil ar Theaghlaigh bunús do shraith oifigiúil meastachán ráithiúil ar an lucht saothair. Tá an lucht saothair agus na figiúirí a ghabhann leis, a thaispeántar sa tuairisc seo bunaithe go díreach ar an daonáireamh. Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar an eolas go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith idir faisnéis a díorthaíodh ó na ceisteanna san daonáireamh ar an taobh amháin agus sa Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil ar Theaghlaigh sa bhliain céanna ar an taobh eile. Is iad na catagóirí is mó ina dtarlaíonn a leithéid na comhábhair na ceiste ar phríomhstádas eacnamaíoch agus meastacháin fhostaíochta atá rangaithe de réir tionscail agus gairme.  Tá tuilleadh eolais ar fáil in Aguisín 2 den tuairisc.
  • Ar an lucht saothair áirítear daoine dar aois 15 bliana agus os a cionn i mbun fostaíochta, ag cuardach an chéad phoist nó dífhostaithe. Glaoitear an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair ar an gcéatadán de dhaoine dar aois 15 bliana agus os a cionn atá rannpháirteach sa lucht saothair seachas stádas eile a bheith acu, cosúil le macléinn, duine ar scor nó cúramaí baile. Déantar é a thomhas mar an líon daoine sa lucht saothair (ag obair nó dífhostaithe) a luaitear mar chéatadán d’iomlán an daonra dar aois 15 bliana nó os a cionn.
  • Ní bhaineann an téarma tionscal leis an tionscal déantúsaíochta amháin má úsáidtear chun críche Daonáireamh Daonra é. Is comhchiallach leis an téarma “earnáil gníomhaíochta eacnamaí” é. I gcás fostaithe is é gnó nó gairm an fhostóra an bunús atá leis an aicmiú tionscail. Más más daoine féinfhostaithe atá i gceist is é an cineál gnó nó gairme atá acu féin an bunús atá leis an aicmiú. I nDaonáireamh 2016 baineadh úsáid as an gcódú NACE, is é sin an Aicmiú Tionsclaíoch Ginearálta a úsáidtear sna Comhphobail Eorpacha. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Aguisín 2 den tuairisc.
  • Rangaíodh an pobal ar fad le ceann de dheich sainghrúpa sóch-eacnamaíoch (arna thabhairt isteach in 1996). De bhreis air seo úsáideadh grúpa iarmharach dar teideal. “Gach duine eile a bhfuil luach saothair aige/aici as a c(h)uid oibre agus nach bhfuil eolas air/uirthi” i gcásanna nár cuireadh dóthain sonraí ar fáil. Is é is cuspóir don rangú ná daoine a thabhairt le chéile ag a bhfuil stádais shóisialta agus eacnamaíoch chosúla ar bhonn an leibhéal scile nó an leibhéal gnóthachtáil oideachais atá riachtanach. Agus grúpa sóch-eacnamaíoch á shainmhíniú ní dhéantar aon iarracht chun grúpaí a chur in ord tábhachta sóch-eacnamaíoch. Tá tuilleadh eolais ar fáil in Aguisín 2 den tuairisc.
  • Lena chois sin tá rangú déanta ar an daonra ar fad i gceann de sheacht ngrúpa aicme sóisialta  (a tugadh isteach in 1996) atá sainmhínithe ar bhonn gairme. Roghnaíodh na gairmeacha atá i ngach grúpa ar shlí chun daoine a thabhairt le chéile, an oiread agus is féidir, ag a bhfuil an leibhéal scil ghairme céanna. Agus aicme shóisialta á socrú ní ghlactar difríochtaí idir daoine aonair san áireamh ar bhonn tréithe eile, mar shampla oideachas. Dá réir sin rangaíonn aicme shóisialta gairmeacha de réir an leibhéal scile atá riachtanach ar scála aicme sóisialta idir 1 (an leibhéal is airde) go 7 (an leibhéal is ísle). Tá tuilleadh eolais ar fáil in Aguisín 2 den tuairisc.
  • Baineann na figiúirí daonáirimh leis an bpobal de facto, is é sin, seasann an pobal a taifeadadh i ndáil le gach ceantar d’iomlán na ndaoine ar fad a bhí i láthair laistigh dá teorainneacha oíche Dé Domhnaigh, 24 Aibreáin 2016 in éineacht leis na daoine uile a tháinig isteach sa cheantar sin maidin Dé Luain, 25 Aibreáin 2016 nár áiríodh in áit eile. Tá daoine a bhí ar bord loinge i gcalafoirt san áireamh le pobal na gceantar in aice leo. Dá bhrí sin áirítear cuairteoirí a bhí i láthair Oíche an Daonáirimh chomh maith leo siúd atá ina gcónaí ann. Ar an taobh eile, fágtar gnáthchónaitheoirí a bhí as láthair go sealadach ar lár.
  • Ba é 4,761,865 an líon de facto den pobal a áiríodh in Aibreán 2016 ach is é 4,689,921 iomlán na gcothaitheoirí de ghnáth. Difríocht 71,944 nó 1.5% é seo. Baintear úsáid as áireamh na ngnáthchonaitheoirí agus anailís á déanamh ar thopaicí ar nós pátrúin chomaitéireachta, náisiúntacht agus líonta tí agus teaghlaigh.
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brendan Murphy (+353) 1 895 1305 nó Fiosruithe Daonáirimh (+353) 1 895 1460

nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie

-- CRÍOCH --