23 Samhain 2017
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil leathdheireanach ar thorthaí Dhaonáirimh 2016 inniu (Déardaoin 23 Samhain), Próifíl 10 - Oideachas, Scileanna agus an Ghaeilge.Sa bhfoilseachán cuirtear mionsonraí faoi oideachas agus scileanna pobal na hÉireann mar aon le heolas faoin nGaeilge i láthair. Taispeántar inti go raibh cáilíocht tríú leibhéil ag 42.0% (1,216,945) den bpobal os cionn 15 bliana d’aois in 2016 agus go ndúirt 1.76 miliún duine a bhí trí bliana d’aois nó níos sine gur féidir leo Gaeilge a labhairt.
Thug Deirdre Cullen, Staitisteoir Sinsearach, an tuairim seo a leanas: “Taispeánann an tuarascáil seo laghdú leanúnach ar líon na luathfhágálaithe scoile agus méadú ar líon na ndaoine ag a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéil. Déantar scrúdú agus anailís ar athruithe sna réimsí seo chomh maith leis an gcaidreamh idir an leibhéal oideachais atá bainte amach agus stádas fostaíochta agus eacnamaíoch. Lena chois sin féachtar i bPróifíl 10 ar an úsáid a bhainimid as ár dteanga náisiúnta, ár gcumas an Ghaeilge a labhairt mar aon leis na háiteanna ina labhraítear an teanga agus cé chomh minic a labhraítear í.”
Tá fáil ar thuarascáil an lae inniu ar shuíomh gréasáin na hOifige anseo: Daonáireamh 2016: Próifíl 10 - Oideachas, Scileanna agus an Ghaeilge
Oideachas agus Scileanna
Cáilíochtaí tríú leibhéil de réir inscne agus geografaíochta
Tá feabhas mór tagtha ar an leibhéal oideachais in Éirinn ó bhí 1991 ann. Díobh siúd a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine i mí Aibreáin 2016, bhí cáilíocht tríú leibhéil ag 42.0% i gcomparáid le 13.6% in 1991. Is léir ó Dhaonáireamh 2016 go raibh, go ginearálta, oideachas níos fearr ar mhná ná mar a bhí ar fhir. Bhí cáilíocht tríú leibhéil ag 43.2% de mhná dar aois 15 bliana nó níos sine i gcomparáid le 40.7% d’fhir. Ba iad na contaetha riaracháin ina raibh na rátaí ab airde oideachais tríú leibhéil críochnaithe Dún Laoghaire-Rath an Dúin (61.1%%), Cathair na Gaillimhe (55.2%) chomh maith le Cathair Bhaile Átha Cliath agus Fine Gall a raibh 48.7% acu araon.
Aois ag a gcríochnaíonn oideachas ag dul in airde
In 2016, tháinig méadú foriomlán ar an aois mheánach ag a gcríochnaítear an t-oideachas lánaimseartha i measc an phobail dar aois 15 bliana nó níos sine go 19.9 mbliana i gcomparáid le 19.1 mbliana in 2011. Bhí an aois mheánach a b’óige ag a críochnaítear an t-oideachas i Muineachán (18.8 bliana). Sna sáile ar sin bhí an Cabhán, Loch Garman agus Dún na nGall le haois mheánach críochnaithe 18.9 bliana acu go léir.
Nasc idir leibhéal oideachais na dtuismitheoirí agus rannpháirtíocht san oideachas
Ag féachaint orthu siúd atá 20 bliain d’aois, taispeántar i nDaonáireamh 2016 gur dóichí go bhfuil na daoine siúd a bhfuil ardleibhéil oideachais bainte amach ag a dtuismitheoirí i mbun oideachais i gcónaí. Ar an iomlán, ba mhic léinn iad 60.6% díobh siúd a bhí 20 bliain d’aois agus in aonad clainne in 2016.
Ina measc siúd a raibh oideachas go leibhéal íochtarach meánscoile ar a mhéid ar a dtuismitheoirí, bhí 44.9% ina mic léinn lánaimseartha. Sciar níos airde, 65.2%, a bhí ann i gcás daoine a raibh oideachas go leibhéal uachtarach meánscoile ag an mbeirt tuismitheoir. Maidir leo siúd a raibh céim ag an mbeirt tuismitheoir, ba mhic léinn lánaimseartha 87.5% díobh a bhí 20 bliain d’aois.
Nasc idir grúpáil shocheacnamaíoch agus rannpháirtíocht san oideachas
Bhí seans níos mó ann páistí ag daoine i ngrúpaí shocheacnamaíocha níos airde a bheith i mbun oideachais. Bhí 2,008 nduine dar aois 20 bliain sa chatagóir ‘gairmithe ar ardghrád’. Díobh seo ba mhic léinn iad 94.4% agus is é seo an céatadán is airde de ghrúpa socheacnamaíoch ar bith. Bhí ardleibhéil rannpháirtíochta san oideachas ag páistí le daoine sa chatagóir ’fostóirí agus bainisteoirí’ (5,969 nduine dar aois 20 bliain) agus sa chatagóir ’gairmithe ísle’ (3,991), is é sin 92.2% agus 88.7% faoi seach. Seachas páistí le feirmeoirí agus le hoibrithe féinchuntais, ní raibh aon ghrúpaí shocheacnamaíocha eile ag a raibh leibhéil rannpháirtíochta os cionn 75.0%.
Cáilíochtaí tríú leibhéil agus fostaíocht
Bhí an ráta dífhostaíochta ba mhó acu siúd ag a raibh cáilíocht sna hEalaíona acu in 2016, ag11.6% (laghdúó17.1% in 2011). Idir 2011 agus 2016 ba mhó an laghdú a tháinig ar an ráta dífhostaíochta i gcás daoine ag a bhfuil cáilíochtaí in Innealtóireacht, Déantúsaíocht agus Foirgníocht, ó 15.7% go 6.0%. Is acu siúd ag a bhfuil cáilíocht san Oideachas a bhí an ráta dífhostaíochta ba lú in 2016, is é sin, 3.1%.
Líon na nDochtúireachtaí ag dul i méid i gcónaí
Méadú 30.9% ar líon na bliana 2011 agus méadú 99.5% i gcomparáid le 2006 ab ea an 28,759 duine a dúirt go raibh cáilíocht ag leibhéal dochtúireachta (Ph.D) acu. Bhí dochtúireacht ag níos mó fir (16,016) ná mar a bhí ag mná (12,743). Bhí 23,296 duine ag obair sa ghrúpa seo agus ráta dífhostaíochta 3.4% ina measc.
An Ghaeilge
I mí Aibreáin 2016 dúirt 1,761,420 duine (3 bliana d’aois agus níos sine) gur féidir leo Gaeilge a labhairt. Is 39.8% den daonra é seo. Laghdú beag ab ea é seo i gcomparáid le 2011 (-13,017; -0.7%). Dúirt níos mó mná agus cailíní (968,777) ná fir agus buachaillí (792,643) gur féidir leo Gaeilge a labhairt.
Cumas Gaeilge a labhairt de réir contae (riaracháin)
I gContae na Gaillimhe a taifeadadh na céatadáin ab airde de dhaoine a raibh ar a gcumas Gaeilge a labhairt, is é sin, 49.0%. Ina diaidh seo bhí an Clár (45.9%), Contae Chorcaí (44.9%) agus Maigh Eo (43.9%). I gcomórtas leis seo ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a fuarthas na céatadáin ab ísle ag 29.2%. Ina dhiaidh seo bhí Lú agus Baile Átha Cliath Theas (34.1% acu araon) agus an Cabhán (34.6%).
An mhinicíocht a labhraítear Gaeilge
Den 1,761,420 duine a dúirt gur féidir leo Gaeilge a labhairt dúirt beagnach duine as ceathrar (418,420, ionann le 23.8%) nach labhraíodh siad am ar bith í. Chuir 558,608 (31.7%) eile in iúl nach labhraíodh siad í ach amháin laistigh den gcóras oideachais.
I measc an ghrúpa atá fágtha labhair 586,535 duine (33.3%) Gaeilge níos lú ná uair sa tseachtain ach labhair 111,473 (6.3%) go seachtainiúil í. Ba é 73,803 líon na ndaoine a labhraíodh Gaeilge go laethúil. Is ionann sin agus 1.7% den bpobal. Laghdú 3,382 (4.4%) é seo i gcomparáid le 2011.
Cainteoirí laethúla Gaeilge
Orthu siúd a labhraíodh Gaeilge go laethúil bhí cónaí ar 14,903 (20.2%) i gCathair Bhaile Átha Cliath agus sna bruachbhailte. Ba mhéadú 674 duine (4.7%) é seo i gcomparáid le 2011. Ba i gcathracha Chorcaí, na Gaillimhe agus Luimnigh le chéile a bhí 6,034 (8.2%) de chainteoirí Gaeilge laethúla. Lasmuigh de na cathracha seo bhí cónaí ar na dearbhlíonta ba mhó de chainteoirí laethúla i mBun Beag-Doirí Beaga (771). Sa dara áit bhí Leitir Ceanainn (525) agus sa tríú áit Sord (487).
Ba ionann líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gceantair Ghaeltachta Chontae na Gaillimhe agus Contae Dhún na nGall agus trí cheathrú, nach mór, d’iomlán na gcainteoirí laethúla i gceantair Ghaeltachta: 9,445 (45.9%) i nGaillimh agus 5,929 (28.8%) i nDún na nGall.
1Sainítear ‘teaghlach’ mar chlann nó aonad teaghlaigh. Sainítear ‘líon tí’ mar ghrúpa daoine atá ag cur fúthu in aonad cónaithe amháin.
Declan Smyth (+353) 1 895 1305 nó Fiosruithe Daonáirimh (+353) 1 895 1460
nó seol ríomhphost chuig census@cso.ie
-- CRÍOCH --