Tá tuarascáil chinniúnach ar mhíchumas a thomhas foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (an 20 Samhain 2026) roimh an gcéad Suirbhé um Míchumas in Éirinn (SMÉ) a bheidh á reáchtáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ó 2006, a chuirfidh sonraí samplacha náisiúnta ar fáil ar shaol daoine faoi mhíchumas in Éirinn.
Chun cabhrú le húsáideoirí tuiscint a fháil ar an méid a thomhaistear agus, atá tábhachtach, tuiscint a fháil ar an méid nach dtomhaistear san SMÉ atá le teacht in 2028, tá tuarascáil ar mhíchumas a thomhas foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Míchumais.
Tá sé tábhachtach d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcastacht a bhaineann le míchumas a thomhas. Clúdaítear sa tuarascáil seo an chaoi ar féidir míchumas a shainmhíniú, a choincheapú agus a thomhas go staitistiúil, sna hailt seo a leanas den tuarascáil:
Is í samhail chaidreamhach an mhíchumais an tsamhail is forleithne a úsáidtear chun eolas a chur ar fáil do thomhas míchumais i staitisticí oifigiúla ar fud an AE agus i suirbhéanna CSO.
| R-phost | nds@cso.ie |
|---|---|
| R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Príomhthuarascáil ar Mhíchumas a Thomhas foilsithe roimh an gcéad Suirbhé um Míchumas in Éirinn ón bPríomh-Oifig Staidrimh ó 2006
Leagtar amach sa tuarascáil ar Mhíchumas a Thomhas, ar tuarascáil í ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ón Údarás Náisiúnta Míchumais, an cur chuige a ghlacfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh chun míchumas a thomhas san SMÉ in 2028 agus ar fud staitisticí míchumais na Príomh-Oifige Staidrimh ar bhonn níos ginearálta. Leagtar amach go soiléir sa tuarascáil an chaoi a ndéanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh míchumas a shainmhíniú, a choincheapú agus a thomhas.
Tá an cumas duine a chatagóiriú mar dhuine faoi mhíchumas nó mar dhuine nach bhfuil faoi mhíchumas mar chuid lárnach dár gcumas líon na ndaoine atá faoi mhíchumas a chónaíonn in Éirinn a chomhaireamh, agus tá sé casta míchumas a thomhas i suirbhéanna. Is casta an scéal é mar gheall gur focal amháin é míchumas ar iomaí brí atá leis. Is é an buntáiste is mó a bhaineann leis an tuarascáil seo ná go bhfeidhmíonn sí mar fhoinse aonair eolais ar an gcaoi a thomhaistear míchumas sa Phríomh-Oifig Staidrimh.
Chun go gcomhlíontar na caighdeáin a theastaíonn ón bPríomh-Oifig Staidrimh chun sonraí staidrimh ardchaighdeáin a chur ar fáil, bainfear úsáid sa suirbhé atá le teacht as samhail chaidreamhach an mhíchumais chun míchumas a thomhas. Leis an tsamhail sin, is féidir tionchar an mhíchumais ar an saol laethúil a chur i leith éifeacht an lagaithe féin, an chaoi a bhfreagraíonn an tsochaí don lagú sin, nó iad araon. Tá sé seo ríthábhachtach chun a chinntiú go mbeidh sonraí ardchaighdeáin a bheidh úsáideach chun eolas a chur ar fáil do bheartais a bhaineann le míchumas mar thoradh ar cheisteanna an SMÉ. Tá cur síos ar na bealaí éagsúla a ndéantar míchumas a choincheapú mar aon le sainmhínithe reachtacha agus anailís mhionsonraithe ar na creataí agus na cineálacha catagóirithe a úsáideann eagraíochtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta leagtha amach sa tuarascáil.
Ag labhairt di faoin tuarascáil, dúirt an Dr Katie O'Farrell, Staitisteoir Sinsearach sa Phríomh-Oifig Staidrimh agus Ceann na Rannóige um Staidreamh Leanaí agus Míchumais, go bhfuil “sonraí míchumais riachtanach chun tacú le cinntí beartais atá bunaithe ar fhianaise do shochaí na hÉireann. Bhí lúcháir orainn comhoibriú leis an Údarás Náisiúnta Míchumais ar an tuarascáil thábhachtach seo roimh an Suirbhé um Míchumas in Éirinn atá le teacht.
Focal amháin is ea míchumas a bhféadfadh iomaí brí a bheith i gceist leis ag brath ar an duine, agus leagtar amach sa tuarascáil seo cur chuige na Príomh-Oifige Staidrimh maidir le míchumas a thomhas lena chinntiú go bhfuil na staitisticí a chuirimid ar fáil láidir agus go gcuireann siad guth daoine atá faoi mhíchumas i gcroílár ár sonraí.”
Ag labhairt di ar an tuarascáil freisin, dúirt an Dr Aideen Hartney, Stiúrthóir san Údarás Náisiúnta Míchumais, “Tá méid agus cáilíocht na sonraí míchumais ag fás go leanúnach agus chuir straitéisí nua amhail an Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an Straitéis Náisiúnta Sonraí Comhionannais béim ar acmhainn a fhorbairt chun sonraí míchumais a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu. Cuirfidh sonraí an tSuirbhé um Míchumas in Éirinn go mór le fás na fianaise chun eolas a chur ar fáil do bheartas míchumais a d’fhéadfadh athruithe fiúntacha a dhéanamh do shaol daoine atá faoi mhíchumas.
Cabhraíonn an tuarascáil seo le míniú a thabhairt ar na roghanna agus ar chuid de na comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil maidir le sonraí míchumais a bhailiú, agus chuireamar fáilte roimh an gcomhoibriú leis an bPríomh-Oifig Staidrimh chun í a fhorbairt.”
Maidir leis an Suirbhé um Míchumas in Éirinn
Tabharfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi shuirbhé náisiúnta nua ar mhíchumas in 2028, trína gcuirfear sonraí samplacha náisiúnta ar fáil ar shaol daoine atá faoi mhíchumas in Éirinn den chéad uair le breis agus 20 bliain. Is gné lárnach den Straitéis Náisiúnta um Chearta an Duine do Dhaoine faoi Mhíchumas 2025-2030 (NHRSDP) é an suirbhé seo. Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é an SMÉ, agus tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag obair go dlúth leis an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (RLMC) chun a chinntiú go léireoidh an suirbhé leibhéal an mhíchumais in Éirinn agus go bhfreastalóidh sé ar riachtanais sonraí na bpáirtithe leasmhara go léir.
D’oibrigh an Phríomh-Oifig Staidrimh le hionadaithe ar fud an rialtais, sa saol acadúil, in earnáil an mhíchumais, agus in Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas ar an méid ar cheart don SMÉ a chur ar fáil, mar atá leagtha amach sa Tuarascáil Réamhphíolótach. Tá sé beartaithe an príomhbhailiúchán sonraí a dhéanamh in 2028 agus reáchtálfar suirbhé píolótach roimhe sin a thosóidh i ndeireadh mhí na Samhna 2026. Tabharfaidh an suirbhé píolótach deis don Phríomh-Oifig Staidrimh gach gné den SMÉ a thástáil, agus díreofar ach go háirithe ar thástáil a dhéanamh ar ár gcur chuige maidir le míchumas a thomhas, roimh an bpríomhshuirbhé in 2028.
Tríd an NHRSDP, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an tÚdarás Náisiúnta Míchumais ag tnúth le leanúint lena gcomhpháirtíocht láidir agus tacú le comhchuibhiú tomhais míchumais ar fud na hearnála poiblí.