Tá an-áthas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) searmanas bronnta a óstáil inniu (Dé Máirt 20 Deireadh Fómhair 2025) do dhaltaí ó gach cearn den tír a ghlac páirt inár gcomórtais i rith na bliana.
Inniu déantar ceiliúradh ar na buaiteoirí den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe, an Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana agus den Chomórtas Póstaer Staidrimh John Hooper. Tá an searmanas ar siúl san RDS inniu ó mheán lae.
Is as Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath é Eoghan Conroy, atá 18 mbliana d’aois agus sa séú bhliain i gColáiste na mBráithre Críostaí, Páirc Bhaile na Manach, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath. Anailís ar cé chomh maith is atá líonta tí na hÉireann maidir lena gcuid infheistíochtaí airgeadais a bhainistiú a bhí ina thionscnamh. Úsáidtear samhail stocastach chumtha le luaineacht a athraíonn ó thaobh ama de chun punanna líonta tí a thagann ó shonraí CSO a ionsamhlú agus a chur i gcomparáid lena macasamhail bharrmhaith theoiriciúil.
Dúirt sé gur mhéadaigh an tionscadal a thuiscint ar anailís staitistiúil, eacnaiméadracht agus ríomhchlárúchán. Ba thaithí thar a bheith luachmhar é an togra ar an bpróiseas atriallach a bhaineann le taighde anailíseach ina iomláine.
Agus an gradam á bhaint amach aige, dúirt sé: “Ba eispéireas iontach agus an-tairbheach aitheantas a fháil ón CSO de bharr mo chuid anailíse, chomh maith le deis léargas a fháil ó staitisteoirí faoin dtogra, agus labhairt leo faoi conas tuilleadh feabhais a chur air.”
Tá suim ag Eoghan tabhairt faoi ghairm sa réimse eacnaiméadrachta agus/nó staitisticí.
Bhuaigh Kate Meehan, Sephie Hamilton, Alexandra Borza, agus Reuben Sadat, daltaí sa séú bhliain san Institiúid Oideachais, BÁC, an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte ag Comórtas an Eacnamaí Óg na Bliana 2026. Is í an cheist a scrúdaigh ina dtogra ná an fáth nár tháinig an leibhéal feabhais céanna ar sholáthar agus inacmhainneacht tithíochta, agus líon na ndaoine gan dídean in ainneoin méadú ar caiteachas an rialtais ar thithíocht in Éirinn. Bhain siad úsáid as sonraí náisiúnta, suirbhéanna, agallaimh, agus chaith siad súil ar chur chuige na Fionlainne.
Ag labhairt dóibh faoin mbua, dúirt siad “Bhí sé dochreidte Gradam an CSO a bhuachan, go háirithe toisc go raibh ról lárnach ag sonraí CSO inár dtogra. Bhí sé go deas aitheantas a fháil de bharr ár gcuid oibre ar an dtogra.”
Ag féachaint chun cinn, ba mhaith le Kate agus Alexandra araon dul le gairm sa earnáil airgeadais, tá sé ar intinn ag Sephie tabhairt faoi ghairm bheatha mar phíolóta agus tá suim ag Reuben dul leis an bhfiaclóireacht.
Is dalta sa chúigiú bhliain sa Institiúid Oideachais BÁC í Katie Zheng, agus is as An Inse i gCo. na Mí í. Bhain sí amach Bonn Staidrimh John Hooper dá póstaer dar teideal “Policy vs Practice: Projected Impact of Ireland’s Vape Tax and Flavour Ban”. Bronnadh bonn airgid uirthi agus duais airgid €1,000. Bhain sí amach €1,000 dá scoil freisin.
Ag labhairt di faoin mbua, dúirt Katie: “Ní raibh mé ag súil leis an mbua in aon chor, agus bhí ríméad orm gur éirigh chomh maith sin liom sa chomórtas, go háirithe toisc gur chaith mé an méid sin ama ar an anailís”
Anailís réamh-mheasta a bhí ina togra rathúil ar thoradh an Bhille Rialtais beartaithe chun srian a chur ar tháirgí leachta toitíní leictreonacha, ar nós galtoitíní. An t-ábhar a bhí á phlé aici sa togra ná an mbeadh tionchar ag na pleananna chun cáin ar ghaltoitíní a mhéadú agus cosc a chur ar bhlasanna galtoitíní ar thorthaí sláinte poiblí, cosúil le laghdú ar cheannach galtoitíní. Mar thoradh ar a mbua ag leibhéal náisiúnta bhí sí incháilithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa Chatagóir Shinsearach de Chomórtas Staidrimh na hEorpa.
Ba bhreá le Katie dul le gairm bheatha sa dlí, go háirithe sa réimse dlí-eolaíochta.
Bhain Susie Hynes agus Lily Casey ó Mheánscoil Mhuire gan Smál i Lios Dúin Bhearna an dara áit amach sa chomórtas John Hooper dár bpóstaer “Quartz in the Burren”. Roinn siad duais airgid €650, agus bhain siad amach €650 dá scoil freisin.
Bronnadh an tríú duais sa chomórtas John Hooper ar Grace Dolan, Ciara Lappin, agus Ellen Madden ó Phobalscoil na Móta, Co. na Mí dá bpóstaer dar teideal “More than Make Up – the Struggle of Female Athletes”. Bhuaigh siad duais airgid €400 eatarthu agus bhain siad amach €400 dá scoil.
Tugadh teastas frámáilte do na buaiteoirí inniu freisin mar aitheantas don méid atá bainte amach acu i mbliana.
Agus í ag bronnadh na ngradam, mhol Ardstiúrthóir Cúnta an CSO, Maria Hurley, gach duine a ghlac páirt sna comórtais as a smaointeoireacht nuálach maidir le bealaí nua chun a léiriú conas is féidir sonraí agus staidreamh a úsáid chun eolas a dhéanamh dár saol.
“Gach bliain feicimid caighdeán an-ard iontrálacha do Chomórtais agus Gradaim an CSO. Léiríonn na daltaí acmhainneacht, cruthaitheacht agus smaointeoireacht cheannródaíoch go seasta trí réimse leathan ábhar a fhiosrú, an tosca a thugann le chéile iad ná úsáid sonraí agus staitisticí chun léargas a fháil ar an domhain mórthimpeall orainn.
Titeann an searmanas bronnta ar Lá Staidrimh na hEorpa, rud atá an-tráthúil, ós rud é gur chuid lárnach dár sprioc ‘Léargas Neamhspleách do Chách’ é an plé le daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí maidir le húsáid sonraí CSO. Is údar misnigh againn an úsáid a bhaineann daltaí as sonraí CSO agus is deis thábhachtach iad na comórtais seo chun aitheantas a thabhairt ar an obair seo. Táimid buíoch de na daltaí as a gcuid iontrálacha, agus táimid buíoch de na múinteoirí agus na tuismitheoirí a thug tacaíocht dá gcuid oibre chomh maith.
Agus na comórtais ag dul ó neart go neart, táimid ag ullmhú don bhliain seo chugainn cheana féin, agus mholfainn d’aon duine a bheadh suim acu páirt a ghlacadh dul chuig CSO.ie chun teacht ar na sonraí iontrála.”
Is é is príomhchuspóir ag an CSO le Comórtas John Hooper ná feabhas a chur ar inniúlachtaí daltaí chun cur síos a dhéanamh ar a dtimpeallacht, chun breathnú thart air agus chun é a iniúchadh. Tá an comórtas náisiúnta seo, atá ar an bhfód le sé bliana déag, oscailte do dhaltaí aonair nó foirne de bheirt nó triúr dalta, atá 19 mbliana d’aois nó níos óige.
Tá an comórtas seo ainmnithe in ómós don Chorcaíoch a ceapadh ina chéad Stiúrthóir Staidrimh ar Shaorstát Éireann in 1923. Idir sin agus an tráth ar cailleadh é, gan choinne, in 1930 agus é díreach 51 bliain d’aois, chuaigh John Hooper i bhfeidhm go mór ar fhorbairt ábhar staidrimh oifigiúil de chuid an Stáit. Is le linn a shaol oibre a forbraíodh ábhair úra staidrimh (m.sh. an chéad Daonáireamh agus an chéad Mhóráireamh ar Tháirgeadh Tionscail don stát úr, sa bhliain 1926 araon) agus ar achtaíodh an tAcht Staidrimh, 1926.
Is í seo an 12ú bhliain den Ghradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO ag Taispeántas an Eolaí Óig. Tá sé mar aidhm leis an ngradam daoine óga a spreagadh chun sonraí oscailte a úsáid. Is éard is ciall le sonraí oscailte ná sonraí gur féidir a rochtain, a úsáid, nó a roinnt. Is féidir le daoine aonair agus gnólachtaí leas a bhaint as sonraí oscailte chun críche sóisialta, comhshaoil nó geilleagracha.
Bronntar an gradam as ucht an úsáid, nó an úsáid féideartha, is nuálaí de shonraí an CSO, bíodh sin in anailísí staitistiúla, próisis staitistiúla nó aschur staitistiúil; in uirlis léirmhínithe nó léarscáil sonraí léirmhínithe; i bhforbairt ghléis; i bhfeidhmchlár bogearra nó in úsáid sonraí an CSO ar bhealach nuálach eile.
Tá na Gradaim Náisiúnta d’Eacnamaí Óg na Bliana eagraithe ag Oide. Tá an CSO an-bhródúil as urraíocht a chur ar fáil don Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte in éineacht le hEacnamaí Óg na Bliana. Spreagann an Comórtas Eacnamaí Óg na Bliana daltaí chun saincheisteanna gnáthshaol a iniúchadh trí dul i mbun tionscadal ar chúrsaí eacnamaíochta a bhaineann le ceann amháin de Spriocanna um Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (Spriocanna eacnamaíochta, Sochaí nó Timpeallachta).
-- CRÍOCH --
Nótaí d'Eagarthóirí
I gcomhair tuilleadh eolais nó iarratais agallamh, déan teagmháil le:
Ken Kennedy, Bainisteoir Imeachtaí, Margaíochta agus Dearadh Grafaic
021 453 5036
nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie