Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Léargas ar shaol daoine scothaosta in Éirinn ar fáil ar an Mol Eolais CSO maidir le Daoine Scothaosta

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Léargas ar shaol daoine scothaosta in Éirinn ar fáil ar an Mol Eolais CSO maidir le Daoine Scothaosta

  • In 2025, measadh go raibh 861,000 duine 65 bliana d’aois agus níos sine sa daonra, méadú 37% ar 2016, nuair a bhí 629,000 ann.

  • Mhéadaigh an leibhéal ard sástachta saoil i measc daoine 65 bliana d’aois agus níos sine idir 2024 agus 2025, ó 32.3% go 36.5%.

  • Ba é €28,889 an t-ioncam indiúscartha ainmniúil comhionannaithe airmheánach, a chuireann méid agus comhdhéanamh an teaghlaigh san áireamh, do dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine, agus €33,031 do dhaoine idir 18 agus 34 bliana d’aois in 2025.

  • In 2025, ba é 3.4% an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí i measc daoine 65 bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 2.0% bliain roimhe sin.

  • In 2025, ba é 9.8% an ráta díothachta forghníomhaí i measc daoine 65 bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 16% i measc daoine idir 18 agus 34 bliana d’aois.

  • In 2024, bhí ceadúnas tiomána iomlán ag 112,570 duine 80 bliain d’aois agus níos sine, níos mó ná dhá oiread an fhigiúir in 2014, is é sin 54,557.

  • Thuairiscigh níos mó ná duine as gach deichniúr (11%) de dhaoine 75 bliana d’aois agus níos sine go raibh taithí acu ar leithcheal le dhá bhliain anuas. Bhí an céatadán a tuairiscíodh do dhaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois in 2024 trí oiread níos airde, ag 29%.

Mol Eolais CSO maidir le Daoine Scothaosta

Trácht an Staitisteora

D’fhoilsigh an CSO nuashonrú ar an Mol Eolais CSO maidir le Daoine Scothaosta inniu (23 Aibreán 2026). Soláthraítear leis an Mol Eolais léargas ar shaol daoine scothaosta in Éirinn, agus leagtar béim ann ar tháscairí sóisialta agus eacnamaíocha ó raon leathan foilseachán de chuid CSO agus ó fhoinsí ar fud an chórais rialtais.

Ag trácht ar an Mol Eolais maidir le Daoine Scothaosta, dúirt Sarah Crilly, Staitisteoir sa Rannóg um Chomhtháthú Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe den CSO: “Tá daonra na hÉireann ag dul in aois, agus tá daoine scothaosta fós ina gcuid ghníomhach agus bhríomhar dár bpobal.  In 2025, mheas níos mó ná aon trian (36.5%) de dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine go raibh a sástacht saoil fhoriomlán ard, i gcomparáid le níos mó ná duine as gach cúigear (22.1%) de dhaoine idir 25 agus 49 bliana d’aois.

Thuairiscigh beagnach ceathrar as gach deichniúr (37.5%) de dhaoine idir 65 agus 74 bliana d’aois, agus triúr as gach deichniúr (31.4%) de dhaoine 75 bliana d’aois agus níos sine, go ndearna siad gníomhaíochtaí neartaithe matán ar a laghad uair sa tseachtain in 2024. In 2024, d’úsáid 92.0% de dhaoine 75 bliana d’aois agus níos sine cógais ar oideas, cógais gan oideas nó vitimíní sa dá sheachtain roimh an agallamh, i gcomparáid le 59.9% de dhaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois. Chaith duine as gach fiche (4.9%) de dhaoine 65 bliana d’aois agus os a chionn táirgí tobac gach lá (seachas toitíní leictreonacha), i gcomparáid le 12.6% de dhaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois in 2024.

In 2025, d’úsáid 63% de dhaoine 75 bliana d’aois agus níos sine an t-idirlíon sna trí mhí roimh an agallamh, i gcomparáid le gach freagróir (100%) idir 30 agus 44 bliana d’aois. I measc na ndaoine a d’úsáid an t-idirlíon sna trí mhí roimhe sin, sheol nó fuair 86% de mhná 75 bliana d’aois agus níos sine ríomhphoist, i gcomparáid le 96% d’fhir 75 bliana d’aois agus níos sine.

In 2025, measadh go raibh 861,000 duine 65 bliana d’aois agus níos sine sa daonra, méadú 37% ar 2016, nuair a bhí 629,000 ann. Meastar go ndúblóidh líon na ndaoine 65 bliana d’aois agus níos sine sna tríocha bliain amach romhainn, ó 916,000 measta in 2027 go 1,879,000 in 2057. Dá bhrí sin, meastar go ndúblóidh an cóimheas spleáchais seanaoise (a léiríonn an daonra 65 bliana d’aois agus níos sine mar chéatadán den daonra idir 15 agus 64 bliana d’aois) i bpointí céatadáin sna tríocha bliain amach romhainn, ó 25.0% in 2027 go 49.8% in 2057. (Féach Nótaí Cúlra EN)

Bhí méadú 31% ar an gcéatadán de dhaoine 65 bliana d’aois agus os a chionn i bhfostaíocht, ó 103,300 i Ráithe 4 (R4) 2022 go 135,300 i R4 2025. D’oibrigh daoine 65 bliana d’aois agus os a chionn i bhfostaíocht 31.6 uair an chloig sa tseachtain ar an meán i R4 2025, méadú ar R4 2023 nuair a bhí sé 30.2 uair an chloig sa tseachtain.

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá go leor bealaí ann chun tuiscint a fháil ar shaol daoine scothaosta: athruithe le himeacht ama a fheiceáil, táscairí a chur i gcomparáid, agus scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar na difríochtaí idirghlúine in Éirinn. Ceann de na haidhmeanna atá ag an Mol ná saoráid inrochtana a chur ar fáil d’úsáideoirí chun na téamaí agus na táscairí seo a scrúdú dóibh féin, chun tuiscint níos fearr a fháil ar shaol daoine scothaosta. Soláthraítear leis an Mol táscairí a fhaightear ó raon  foilseachán agus suirbhéanna  de chuid CSO agus ó eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí.

Clúdaíonn an Mol Eolais maidir le Daoine Scothaosta na téamaí seo a leanas:

  1. Daonra ag Dul in Aois
  2. Sláinte
  3. Coiriúlacht
  4. Tithíocht
  5. Ioncam agus Bochtaineacht
  6. Oideachas
  7. Dearcthaí agus Tuairimí
  8. Taisteal agus Turasóireacht
  9. Gníomhaíocht
  10. Imeachtaí Saoil
  11. Fostaíocht
  12. Cúramóirí Scothaosta agus Tacaíochtaí Sóisialta
  13. Úsáid an Idirlín
  14. Tiománaithe agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Teagmhálaithe

R-phost socialcohesion@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --