Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Léargas ar Chúrsaí Folláine in Éirinn Meitheamh 2026

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Léargas dearfach foriomlán ar chúrsaí folláine in Éirinn, agus formhór na dtáscairí tar éis feabhsú nó fanacht seasta sa mheántéarma.

  • Bhí thart ar cheathrar as gach cúigear (79%) de dhaoine 15 bliana d’aois agus níos sine sásta leis an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas in Éirinn, i gcomparáid le meán an AE de 58% in 2025.

  • Sa bhliain 2025, mheas níos mó ná aon trian (37.5%) de dhaoine a raibh sláinte ghinearálta an-mhaith acu go raibh a sástacht saoil fhoriomlán ard, i gcomparáid le 7.8% de dhaoine a raibh sláinte ghinearálta dhona nó an-dona acu.

  • Maidir le tithíocht, críochnaíodh 7,856 aonad cónaithe nua i R1 2026, méadú 33% ar R1 2025, nuair a críochnaíodh 5,911 aonad cónaithe nua.

  • Ba é  45.2% ráta riosca na bochtaineachta tar éis cíos agus ús morgáiste a chur san áireamh do líonta tí ar cíos, i gcomparáid le 6.3% do líonta tí úinéir-áitithe a raibh morgáiste gan íoc acu in 2025.

  • Ba é an ráta fostaíochta i R1 2026 ná 73.3% i measc na bhfear agus 69.3% i measc na mban.

  • D’fhan glanfhiúchas an rialtais ghinearálta diúltach ag -€88 billiún i R4 2025, laghdú 30% ar luach R4 2023, -€127 billiún.

Trácht an Staitisteora

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) nuashonrú inniu (18 Meitheamh 2026) ar an Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine, a thuairiscíonn ar fholláine an náisiúin.

Ag trácht di ar Mhol Eolais ar Chúrsaí Folláine an CSO, dúirt Sarah Crilly,  Staitisteoir sa Rannán um Chomhtháthú Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe: “Tá 35 tháscaire sa Mhol Eolais ar Chúrsaí Folláine thar 11 réimse, lena n-áirítear an geilleagar, an timpeallacht agus ár sochaí, mar aon le gnéithe comhionannais agus inbhuanaitheachta. Déantar iarracht ceisteanna ríthábhachtacha a fhreagairt amhail mar atá ag éirí linn mar thír, mar phobail agus mar dhaoine aonair. Cuireann an nuashonrú is déanaí seo ar Mhol Eolais ar Chúrsaí Folláine an CSO léargas dearfach den chuid is mó ar fáil ar an saol in Éirinn, agus formhór na dtáscairí ag feabhsú nó ag fanacht seasta sa mheántéarma. Ar an iomlán, bhí comparáid mhaith idir na táscairí agus táscairí coibhéiseacha an Aontais Eorpaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi a bhaineann an Rialtas úsáid as na táscairí folláine, féach ar an gCreat Folláine d’Éirinn  ar gov.ie.

Buaicphointí ón Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine

Táscairí Sóisialta

Sa bhliain 2025, mhothaigh 17.2% de dhaoine 25 go 49 mbliana d’aois uaigneach uair éigin sa choicís roimh an agallamh, i gcomparáid le 12.8% de dhaoine 50 go 64 bliana d’aois. Sa bhliain 2025, mheas 27.7% d’fhir agus 25.5% de mhná go raibh a sástacht saoil fhoriomlán ard. Ba lú ná dhá thrian (62.4%) de dhaoine 45 go 54 bliana d’aois a raibh triúr nó níos mó duine acu a bhféadfaidís brath orthu dá mbeadh fadhb thromchúiseach acu, i gcomparáid le 72.5% de dhaoine 75 bliana d’aois agus níos sine.

Tomhaiseann Blianta Sláinte tráth breithe líon na mblianta a bhfuiltear ag súil go mairfidh duine i ndea-shláinte ó bhreith.  Sa bhliain 2023, bhí líon na mBlianta Sláinte comhchosúil i gcás fear agus ban, ag 66.0 bliain agus 66.2 bhliain faoi seach.

Táscairí Eacnamaíocha

I R1 2026, ba é 12.3% an ráta úsáide saothair i measc daoine 15 bliana d’aois agus níos sine. Bhí an ráta níos ísle i measc na bhfear, ag 10.3%, agus níos airde i measc na mban, ag 14.4%. Áirítear sa ráta líon na ndaoine a aicmítear mar dhaoine dífhostaithe, chomh maith leo siúd a aicmítear mar dhaoine tearcfhostaithe páirtaimseartha agus leo siúd atá lasmuigh den lucht saothair agus ar fáil chun oibre ach nach bhfuil obair á lorg acu, mar sciar céatadáin den lucht saothair iomlán. I R1 2026, ba ghnách le 11.7% d’fhir agus 3.0% de mhná a bhí i bhfostaíocht níos mó ná 49 n-uair an chloig sa tseachtain a oibriú ina bpríomhphost. Ba i measc daoine san earnáil Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Iascaireachta a bhí an céatadán ab airde, ag 39.9%.

Ba é 45.2% ráta riosca na bochtaineachta tar éis cíos agus ús morgáiste a chur san áireamh do líonta tí ar cíos, i gcomparáid le 6.3% do líonta tí úinéir-áitithe a raibh morgáiste gan íoc acu in 2025. Ba é €62,722 ioncam indiúscartha airmheánach firinneach an lín tí nuair a bhí ceann an lín tí fostaithe, i gcomparáid le €29,176 nuair nach raibh ceann an lín tí in ann obair a dhéanamh mar gheall ar fhadhbanna sláinte fadtéarmacha in 2025.

Sa bhliain 2025, bhí deacracht mhór ag 19.8% de líonta tí ina raibh duine fásta amháin agus leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois deireadh a chur le chéile, i gcomparáid le 2.6% de líonta tí ina raibh beirt daoine fásta agus duine amháin acu 65 bliana d’aois nó níos sine.

An Comhshaol

Maidir le tithíocht agus an timpeallacht thógtha, cuireadh 7,856 aonad cónaithe nua i gcrích i R1 2026, méadú 33% ar R1 2025, nuair a cuireadh 5,911 aonad cónaithe nua i gcrích. I R1 2026, cuireadh 6,713 aonad cónaithe i gcrích i limistéir uirbeacha agus 1,143 aonad cónaithe i gcrích i limistéir thuaithe.

Thit iomlán na ngás ceaptha teasa (i gcoibhéis CO2), gan úsáid talún, athrú ar úsáid talún ná foraoiseacht a áireamh, faoi 11% idir 2018 agus 2023, ó 61.6 milliún tona go 54.9 milliún tona. Ba é 21.6% an céatadán dramhaíola a cuireadh chuig láithreán líonta talún i 27 dtír an AE, i gcomparáid le 14.4% in Éirinn in 2023. 

Nótaí d'Eagarthóirí

Baineadh na staitisticí i Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine an CSO ó raon leathan foinsí, ón CSO den chuid is mó, ach ó fhoinsí ar fud chóras an rialtais freisin. Is féidir eolas níos mionsonraithe ar gach táscaire a fháil sna táblaí agus sna foilseacháin ábhartha. Mar gheall ar nádúr fadtéarmach na dtáscairí, d’fhéadfadh sé nach bhfuil cuid acu reatha.

Áirítear na réimsí seo a leanas i Mol Eolais ar Chúrsaí Folláine an CSO:

  • Folláine Shuibiachtúil
  • Sláinte Mheabhrach agus Choirp
  • Ioncam agus Maoin
  • Eolas, Scileanna agus Nuálaíocht
  • Tithíocht agus an Timpeallacht Thógtha
  • An Comhshaol, an Aeráid agus an Bhithéagsúlacht
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Obair agus Caighdeán Oibre
  • Úsáid Ama
  • Naisc, Pobal agus Rannpháirtíocht
  • Comhpháirteachas Poiblí, Iontaofacht agus Léiriú Cultúir

Teagmhálaithe

Sarah Crilly (+353) 21 453 5085
R-phost socialcohesion@cso.ie
R-phostPressOffice@cso.ie