Thit líon na leanaí a thosaigh sna naíonáin bheaga ó thart ar 60,000 sa bhliain acadúil 2024-2025 go timpeall is 58,000 sa bhliain acadúil 2025-2026.
Thuairiscigh beagnach duine as gach cúigear (18.6%) de dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois gur chaith siad galtoitín gach lá in 2024.
In 2023, mhothaigh 4% de dhaoine óga idir 20 agus 24 bliana d’aois agus thart ar 9.4% de dhaoine óga idir 15 agus 19 mbliana d’aois uaigneach go minic nó i gcónaí.
Tháinig méadú ar chéatadán na leanaí 15 bliana d’aois a thuairiscigh gurb í an léitheoireacht an caitheamh aimsire ab fhearr leo ó 30.8% in 2018 go 35.8% in 2022.
In 2022, bhí sé níos éasca ag céatadán níos airde leanaí 17 mbliana d’aois labhairt lena máthair ná lena n-athair dá mbeadh rud éigin ag cur isteach orthu (82% i gcomparáid le 66%).
I mí Aibreáin 2026, b’ionann an líon measta daoine faoi 18 mbliana d’aois in Éirinn agus thart ar 1.22 milliún agus b’ionann líon na ndaoine idir 18 agus 24 bliana d’aois agus díreach os cionn 477,000.
Sheol an CSO Mol Leanaí agus Daoine Óga [EN] i mí Feabhra 2025. Tugann an Mol rochtain éasca d’úsáideoirí ar na staitisticí is déanaí ar raon príomhthéamaí a bhaineann le leanaí agus daoine óga de réir mar a fhoilsítear iad ar ár dtairseach sonraí oscailte. Úsáideann an Mol ár dtairseach sonraí oscailte, PxStat, a chuireann ar chumas úsáideoirí sonraí atá ábhartha dóibh a chuardach, a íoslódáil agus léirithe grafacha a chruthú ar an mbealach is fearr leo. Cuireann struchtúr an Mhoil solúbthacht ar fáil chun sonraí nua a chur leis de réir mar a bheidh siad ar fáil, topaicí nua a chur san áireamh, agus nuashonruithe níos rialta a dhéanamh.
| Dianne Hillery | (+353) 1 498 5085 |
|---|---|
| R-phost | cyphub@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Mol Leanaí agus Daoine Óga
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis nuashonrú ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar ár Mol Leanaí agus Daoine Óga [EN] a fhoilsiú inniu (20 Samhain 2026). Feidhmíonn an Mol mar fhoinse aonair príomhfhaisnéise ar shaol leanaí agus daoine óga in Éirinn, agus úsáideann sé na sonraí is déanaí ón CSO agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile.
Trácht an Staitisteora
Ag caint di ar an Mol Leanaí agus Daoine Óga, dúirt Dianne Hillery, Staitisteoir i Rannóg Leanaí agus Míchumais na Príomh-Oifige Staidrimh: “Déanann na Náisiúin Aontaithe ceiliúradh ar Lá Domhanda na Leanaí ar an 20 Samhain gach bliain. Is éard atá mar aidhm leis an lá leas leanaí a chur chun cinn agus a fheabhsú. Cuireann Mol Leanaí agus Daoine Óga na Príomh-Oifige Staidrimh ionad ilfhreastail ar fáil d’úsáideoirí atá ag lorg staitisticí ar shaol agus ar fholláine leanaí in Éirinn.
Áiríodh le nuashonrú a rinneadh ar an Mol le déanaí léirshamhlú pictiúr [EN] de phríomhphointí sonraí a chur leis. Is féidir le daoine eolas a fheiceáil anois go gasta agus go héasca thar ábhair éagsúla ó fhoinsí iomadúla sonraí ar leathanach amháin. Léiríonn an léargas dúinn na difríochtaí sna hábhair seo idir inscne, tréimhsí ama, agus aoisghrúpaí. Mar shampla, in 2024, bhí 7.6% de dhaoine fásta idir 18 agus 24 bliana d’aois ag caitheamh tobac gach lá, i gcomparáid le 18.6% a bhí ag caitheamh galtoitíní gach lá. Feictear dúinn freisin go ndearnadh idirdhealú ar chéatadán níos airde díobh siúd idir 18 agus 24 bliana d’aois ná díobh siúd idir 55 agus 64 bliana d’aois (30% i gcomparáid le 16%).
Leanfar de shonraí nua agus nuashonraithe a chur leis an Mol. Cuireann an CSO fáilte roimh thuairimí agus roimh mholtaí ó úsáideoirí maidir leis an Mol, agus is féidir iad a sheoladh chuig cyphub@cso.ie.”