Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Léirítear i léargas ar Éirinn do Lá Domhanda Comhshaoil 2026 go bhfuil laghdú á dhéanamh againn ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, go bhfuil tithe níos tíosaí ar fhuinneamh á dtógáil againn, agus go bhfuil níos mó crann á bhfás againn

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh comóradh ar Lá Domhanda Comhshaoil 2026 le Léargas ar Phríomhtháscairí Comhshaoil

Chun Lá Domhanda Comhshaoil, a bheidh ar siúl amárach, a chomóradh, d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (04 Meitheamh 2026) léargas ar phríomhtháscairí comhshaoil in Éirinn ag úsáid sonraí ón CSO.

Cuireann Stiúrthóireacht Aeráide agus Comhshaoil an CSO sonraí neamhspleácha ríthábhachtacha ar fáil maidir le hastaíochtaí, úsáid fuinnimh, agus inbhuanaitheacht chomhshaoil. Cuireann na staitisticí náisiúnta seo sonraí ar fáil faoin idirghníomhú idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol, chomh maith le léargais do lucht déanta beartas agus tagarmharcanna leis an Eoraip.

Ag trácht di ar an bhfoilseachán, dúirt Deirdre Mahony, Ard-Stiúrthóir Cúnta i Stiúrthóireacht Aeráide agus Comhshaoil an CSO: “Roimh Lá Domhanda Comhshaoil, tá léargas curtha le chéile ag an CSO ar phríomhtháscairí comhshaoil d’Éirinn, ag féachaint ar an gcaoi a n-idirghníomhaímid lenár gcomhshaol agus ar an gcaoi a bhfuil ár n-iompar ag athrú.

Ag féachaint ar threochtaí le himeacht ama, is féidir linn an gníomh atá á dhéanamh ag ár sochaí mar fhreagairt ar shaincheisteanna aeráide a fheiceáil, mar shampla trí thithe níos tíosaí ar fhuinneamh a thógáil, níos lú dramhaíola a tháirgeadh, níos mó foraoiseachta a fhorbairt, úsáid lotnaidicídí a laghdú, agus tá teicneolaíocht á húsáid anois ag thart ar aon trian d’fhiontair chun a dtionchar comhshaoil a laghdú. Tugann an foilseachán seo léargas ar réimse leathan na sonraí a tháirgimid sa CSO maidir lenár n-aeráid agus ár gcomhshaol."

Buaicphointí ó Staidreamh Aeráide agus Comhshaoil an CSO

Fuinneamh

  • Tá tithe nuathógtha níos tíosaí ar fhuinneamh. Amhail Aibreán 2026, bhí rátáil A bainte amach ag breis agus 99% de na teaghaisí a tógadh ó 2020 i leith nuair a bronnadh Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) orthu, i gcomparáid le 9% díobh siúd a tógadh sna blianta roimhe sin
  • Idir 2021 agus 2025, mhéadaigh líon na dtithe a raibh fuinneamh gréine in úsáid acu ina BER ó bheagán os cionn 70,000 (8% de na teaghaisí rátáilte iomlána i R1 2021) go beagnach 200,000 (15% den iomlán i R4 2025)  
  • Bhí úsáideoirí móra fuinnimh, catagóir a chuimsíonn mórionaid sonraí agus tomhaltóirí tionsclaíocha suntasacha, freagrach as 31% den tomhaltas iomlán leictreachais mhéadraithe in 2024, suas ó 15% in 2015
  • In 2024, d’úsáid an gnáth-theaghlach 3,246 kWh de leictreachas, síos 5.9% i gcomparáid le 2015, agus thit tomhaltas gáis 21.7% go 7,771 kWh thar an tréimhse chéanna 
  • Bhí ar a laghad teicneolaíocht éifeachtúlacht fuinnimh amháin suiteáilte ina dteach ag níos mó ná aon trian de dhaoine  in 2024, agus d’ardaigh sé sin go 40% i gcás tithe úinéir-áitithe i gcomparáid le 21% dóibh siúd i gcóiríocht ar cíos

Gluaisteáin Leictreacha

  • Mhéadaigh líon na ngluaisteán príobháideach leictreach nua a ceadaíodh i mí Aibreáin 2026 faoi 73% i gcomparáid le hAibreán 2025 (3,089 i gcomparáid le 1,783)
  • Ba é 23% sciar na bhfeithiclí leictreacha (EVanna) i measc gluaisteáin phríobháideacha nua idir Eanáir agus Aibreán 2026 i gcomparáid le 16% sa tréimhse chéanna in 2025

Éiceachórais agus Talmhaíocht

  • Maidir le ham a chaitheamh sa dúlra, dúirt 89% de dhaoine in 2024 gur mhothaigh siad níos sona tar éis am a chaitheamh i spásanna glasa agus nádúrtha i rith an tsamhraidh
  • Mhéadaigh achar ár n-éiceachóras foraoise agus coillearnaí in Éirinn idir 2018 agus 2021 faoi 4,500 heicteár d’fhoraoisí leathanduilleacha duillsilteacha agus measctha, arb ionann é agus 3,800 páirc CLG lánmhéide
  • In 2024, bhí díolacháin lotnaidicídí ag an leibhéal ab ísle ó 2011 i leith, ag 2.1 míle tona
  • Mhéadaigh achar na talún in Éirinn a úsáideadh do lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile faoi 14,500 heicteár idir 2018 agus 2021

Astaíochtaí agus ár nGeilleagar Glas

  • Measadh gurbh ionann caiteachas ar chosaint an chomhshaoil ag an rialtas, ag teaghlaigh agus ag corparáidí agus €3.2 billiún in 2023
  • Thit astaíochtaí gás ceaptha teasa ó theaghlaigh faoi 15% idir 2014 agus 2023. In 2023, tháinig thart ar leath d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó theaghlaigh ó ghluaisteáin phríobháideacha agus tháinig thart ar leath díobh ó bhreoslaí téimh
  • Ó  thaobh cé chomh dian is atá sé ar acmhainní agus ar astaíochtaí, tá geilleagar na hÉireann ag éirí níos lú a úsáid agus a tháirgeadh, agus tá níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa á dtáirgeadh aige in aghaidh an aonaid gníomhaíochta eacnamaíche
  • Ba é €12.1 billiún Olltáirgeacht an Gheilleagair Ghlais in 2023, suas 10% ar 2022. Thacaigh an Geilleagar Glas le 48,400 post Coibhéise Lánaimseartha (FTE), suas 13% ar 2022
  • Bhain 33% d’fhiontair Éireannacha úsáid as TFC in 2025 chun a dtionchar comhshaoil a laghdú, os cionn mheán an AE de 30%
  • In 2025, bhain 27% d’fhiontair úsáid as córais nó réitigh TFC chun tomhaltas fuinnimh a laghdú, agus bhain 18% díobh úsáid astu chun úsáid ábhar a laghdú nó chun úsáid ábhar athchúrsáilte a mhéadú

Dramhaíl

  • In 2023, rinneadh 94% de dhramhaíl phacáistíochta a aisghabháil, suas 2% ar 2022, ach i bhfad níos airde ná an meánfhigiúr bliantúil de 38% idir 2000 agus 2004
  • Mhéadaigh méid na dramhaíola a gineadh in Éirinn faoi 21% idir 2012 agus 2022, den chuid is mó mar gheall ar an méadú ar dhramhaíl a gineadh de thoradh gníomhaíocht mhéadaithe san earnáil Tógála, arbh ionann í agus beagnach dhá thrian (65%) den fhás ar líon na dramhaíola
  • Thit méid na dramhaíola guaisí a gineadh in Éirinn mar chion den dramhaíl iomlán ó 10% in 2010 go 4% in 2022, beagán faoi mheán an AE de 5%
  • Idir 2010 agus 2022, tháinig laghdú ar an dramhaíl a cuireadh i líonta talún in Éirinn ó thaobh toirte de agus mar chion den dramhaíl iomlán a cóireáladh, ó 3.8 milliún tona go 2.6 milliún tona agus ó 40% go 19%

 

Teagmhálaithe

R-phost housing@cso.ie
R-phostPressOffice@cso.ie