Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Costais Lá Fhéile Vailintín 2026

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Seacláidí is cúis le rómánsúlacht Lá Fhéile Vailintín níos daoire i mbliana

Roimh Lá Fhéile Vailintín, rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh scrúdú inniu (12 Feabhra 2026) na costais athraitheacha a bhaineann le cuid de na hearraí atá sa Praghasinnéacs Tomhaltóirí (CPI) a bhaineann leis an ócáid. Tá na praghsanna seo mar chuid den CPI foriomlán, a thomhaiseann boilsciú in Éirinn.

Mar a chonaiceamar ónár n-anailís in 2025, bhí costais na ngníomhartha rómánsúla a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín de ghnáth ag méadú, agus tá na treochtaí sin ag leanúint ar aghaidh in 2026. Tá an anailís seo bunaithe ar chomparáid idir praghsanna a bailíodh i Nollaig 2020, Nollaig 2024, agus Nollaig 2025 (féach Nóta an Eagarthóra thíos).

Athrú Bliantúil

Má tá rún agat do ghean a léiriú trí bhosca seacláidí a bhronnadh i mbliana, tháinig méadú 10.1% ar phraghas bhosca seacláidí sa bhliain ó Nollaig 2024 go Nollaig 2025, rud a chiallaíonn go gcosnaíonn bosca a chosain €10 anuraidh €11 anois.

Bronntanas móréilimh eile ar Lá Fhéile Vailintín is ea bláthanna, agus tháinig méadú 2.5% orthu le linn na bliana, agus chonacthas athrú beag ar bhuidéal fíona, le méadú 0.2%.

Mar a bhíothas ag súil leis, mhéadaigh costais ithe amuigh freisin. Mhéadaigh costas béile i mbialann do dhuine speisialta 2.8% sna 12 mhí go Nollaig 2025, agus má roghnaíonn tú fanacht istigh le haghaidh oíche chluthar agus béile beir leat, d’fhéadfá 3.6% breise a íoc as do bhia.

Dóibh siúd a cheiliúrann an ócáid le turas chuig an bpictiúrlann nó chuig an amharclann, chosnódh an dá chuairt beagnach 4% níos mó an geábh seo.

Athrú Cúig Bliana

Ba ar phraghas bhosca seacláidí a bhí an fás ba mhó – 44% ó Nollaig 2020 go Nollaig 2025, agus tháinig méadú 14% ar bhronntanais eile amhail bláthanna agus 10.3% ar bhuidéal fíona. 

Tá béilí beir leat 30% níos daoire ná mar a chosain siad in 2020, agus tháinig méadú 24.3% ar bhéile i mbialann thar na cúig bliana go 2025.

Ó thaobh na siamsaíochta de, mhéadaigh freastal ar léiriú amharclainne 19% agus mhéadaigh turas chuig an bpictiúrlann 10% idir Nollaig 2020 agus Nollaig 2025.

Nótaí d'Eagarthóirí

Is iad sonraí IPT Nollag 2025 na is déanaí atá ar fáil, toisc go bhfoilseofar eolas Eanáir 2026 ar 19 Feabhra 2026.

Ríomhtar an t-athrú i bpraghsanna gach táirge óna n-innéacsanna praghsanna. Rianaíonn an t-innéacs praghsanna raon leathan praghsanna do réimse earraí laistigh de ghrúpa táirgí gach mí. Is codanna den IPT, a thomhaiseann boilsciú le himeacht ama, iad na hearraí seo go léir.

Is féidir na staidreamh seo a chur i leith an staitisteora Anthony Dawson i Rannóg Praghsanna Tomhaltóirí na Príomh-Oifige Staidrimh.

Teagmhálaithe

R-phost pressoffice@cso.ie
R-phostcpi@cso.ie

-- CRÍOCH --