Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

An Costas a bhaineann leis an Rómánsúlacht ag Ardú

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

An Costas a bhaineann leis an Rómánsúlacht ag Ardú

Is gearr uainn anois Lá Fhéile Vailintín agus tá an costas athraitheach a bhaineann leis an rómánsúlacht ríofa inniu (Déardaoin an 13 Feabhra 2025) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh trí úsáid a bhaint as praghsanna roinnt de na hearraí a bhailímid mar chuid de chiseán an Phraghasinnéacs Tomhaltóirí. Tá na praghsanna sin ina gcuid den Phraghasinnéacs Tomhaltóirí Foriomlán a dhéanann tomhas ar bhoilsciú in Éirinn.

Fuarthas amach le linn na hanailíse go bhfuil ardú tagtha ar an gcostas atá ar bhronntanais a thugtar go minic Lá Fhéile Vailintín nó ar an gcostas a bhaineann le dul amach i gcomhair na hoíche le cúig bliana anuas, bunaithe ar chomparáid atá déanta idir na praghsanna a bailíodh i mí Feabhra 2020 agus i mí na Nollag 2024 (Féach Nóta an Eagarthóra thíos). 

Bronntanais a thugtar de Ghnáth

Má tá tú ag iarraidh an cion atá agat ar do ghrá geal a léiriú amárach, beidh sé níos costasaí i mbliana ort ná mar a bhí sé cúig bliana ó shin.

Cé nach bhfuil ach ardú 0.9% tagtha an gcostas atá ar bhuidéal fíona sa tréimhse sin, tá praghas bosca seacláidí ardaithe 1.6% agus tá dornán bláthanna 12.1% níos costasaí anois.

Oíche Amach le do Ghrá Geal

Daoibhse a bhfuil sé ar intinn agaibh bhur ngrá geal a thabhairt amach i gcomhair na hoíche agus atá ag cuimhneamh dul le haghaidh béile, nó dul ag an bpictiúrlann nó ag an amharclann, beidh sé i bhfad níos costasaí ort i mbliana le hais cúig bliana ó shin.

Má tá sé i gceist agat dul le haghaidh béilí i mbialann, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil ardú 30.7% tagtha ar an gcostas a bhaineann leis sin sa tréimhse 58 mí.  Tá ardú 3.1% tagtha ar an bpraghas a bhaineann le dul chuig an bpictiúrlann agus tá ardú 14.6% i gceist le dul chuig an amharclann.

Nótaí d'Eagarthóirí

Is iad sonraí mhí na Nollag 2024 na sonraí ón Phraghasinnéacs Tomhaltóirí is cothroime le dáta atá ar fáil, ós rud é go bhfoilseofar faisnéis mhí Eanáir 2025 ar an 20 Feabhra 2025. 

Déantar an t-athrú ar phraghsanna do gach táirge a ríomh óna bpraghasinnéacsanna. Rianaíonn an praghasinnéacs praghsanna réimse leathan earraí éagsúla laistigh de ghrúpa táirgí gach mí. Tá na hearraí seo go léir ina gcuid den Phraghasinnéacs Tomhaltóirí, [EN] faoina ndéantar an ráta boilscithe a thomhais le himeacht ama.

Teagmhálaithe

R-phost pressoffice@cso.ie
R-phostcpi@cso.ie

-- CRÍOCH --