Inniu (Dé Máirt, 24 Samhain 2026), tá feachtas earcaíochta náisiúnta seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) chun 3,850 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh a earcú a chuideoidh léi Daonáireamh 2027 a chur i gcrích. Beidh deiseanna oibre solúbtha i bpobail áitiúla ar fud na tíre ar fáil leis na róil, agus beifear áblata iarratas a dhéanamh as seo go dtí an 4 Nollaig.
Beidh na hOifigigh Tacaíochta Allamuigh do Dhaonáireamh 2027 ag obair 18 n-uair an chloig sa tseachtain ar feadh tréimhse ocht seachtaine i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2027. Beidh solúbthacht acu maidir leis an uair a oibreoidh siad na huaireanta sin. Beidh na róil seo bunaithe i bpobail na n-iarratasóirí féin nó ina bpobail áitiúla agus beidh deis acu os cionn €3,000 a shaothrú agus iad ag glacadh páirt i dtionscadal tábhachtach náisiúnta.
Tugtar léargas ar scéal na hÉireann tríd an Daonáireamh gach cúig bliana, léargas orainn féin mar dhaoine agus ar an gcaoi a gcaitheann muid an saol, fad a chuidíonn sé linn na seirbhísí agus an bonneagar a theastóidh i bpobail na tíre amach anseo a threorú. Beidh athrú mór i nDaonáireamh 2027 ar an gcaoi a dtaifeadfar an scéal sin, agus athruithe móra á ndéanamh ar an gcaoi a líonfaidh daoine isteach a bhfoirm Dhaonáirimh, lena n-áirítear an rogha an fhoirm a líonadh isteach ar líne.
Tiocfaidh Oifigigh Tacaíochta Allamuigh in áit ghnáthról an Áiritheora Daonáirimh agus tabharfaidh siad tacaíocht do theaghlaigh tuiscint a fháil ar an gcaoi le foirm an Daonáirimh a líonadh isteach, ar an áit a mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh agus faoin uair a bheidh siad in ann é a dhéanamh.
Is éard a dúirt Eileen Murphy, Ceann Riaracháin an Daonáirimh agus an Chlaochlaithe Dhigitigh sa Phríomh-Oifig Staidrimh: “Ócáid thábhachtach a bheidh i nDaonáireamh 2027 agus táimid ag lorg 3,850 duine ar fud na tíre chun cuidiú linn é a chur i gcrích ina bpobail féin.
Is róil sholúbtha ocht seachtaine iad seo a thugann deis do dhaoine obair a dhéanamh ina gceantar féin, a gcuid uaireanta oibre a chur in oiriúint do na ceangail eile atá orthu agus cur le tionscnamh a bhfuil tábhacht leis ina bpobal.
Beidh Daonáireamh 2027 difriúil ó dhaonáirimh roimhe seo, agus beidh ról tábhachtach ag ár nOifigigh Tacaíochta Allamuigh maidir le cuidiú le teaghlaigh na hathruithe sin a thuiscint agus páirt a ghlacadh sa Daonáireamh. Táimid ag moladh d’aon duine a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh.”
Beidh léargas tábhachtach ar Éirinn, ar mhuintir na tíre agus ar phobail na tíre mar thoradh ar Dhaonáireamh 2027. Cuidíonn an fhaisnéis a bhailítear tríd an Daonáireamh le pleanáil agus le cinnteoireacht amach anseo ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil araon, mar sin, tá sé tábhachtach go nglacfadh pobail ar fud na tíre páirt ann.
Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar na 3,850 post Oifigigh Tacaíochta Allamuigh. Is é an 04 Nollaig nó an dáta a bhfaighfear 12,000 iarratas an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, cibé acu is túisce. Moltar, dá bhrí sin, d’aon duine a bhfuil suim acu iarratas a dhéanamh sin a dhéanamh go luath chun nach mbeidh díomá orthu.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bheith i d’Oifigeach Tacaíochta Allamuigh do Dhaonáireamh 2027 agus chun iarratas a dhéanamh, téigh chuig census.ie.
| Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
|---|---|
| R-phost | censuspublicity@cso.ie |
| R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Nótaí d'Eagarthóirí