Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Buaicphointí ón Mol Tithíochta Samhain 2026

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Buaicphointí ón Mol Tithíochta i mí na Samhna 2026

  • Cuireadh tús le thart ar 29,092 aonad cónaithe nua idir Eanáir agus Deireadh Fómhair 2026

  • 26,833 aonad cónaithe nua a cuireadh i gcrích sna chéad naoi mí de 2026, sin 10.6% níos airde ná an tréimhse chéanna in 2025.

  • Tháinig ardú 4.7% ar an bPraghasinnéacs Réadmhaoine Cónaithe (RPPI) sna 12 mhí go Meán Fómhair 2026, laghdú ón 5.1% a taifeadadh sna 12 mhí go Lúnasa 2026.

  • Bhí 200,500 duine fostaithe san earnáil Tógála i R3 2026. Ina measc sin, d’oibrigh 64% díobh ar fhorbairtí tithíochta nua nó ar athchóirithe den chuid is mó.

  • Ba é 11,912 líon iomlán na n-aonad cónaithe ar tugadh cead pleanála dóibh in R2 2026, sin ardú 60% ó 7,447 aonad in R2 2025.

  • Ba é €34.61 an meánchostas iomlán saothair in aghaidh na huaire san earnáil Tógála i R2 2026, sin ardú ó €33.45 i R2 2025.

  • Ba é €29.88 an meántuilleamh in aghaidh na huaire san earnáil Tógála i R2 2026, sin ardú ó €28.93 i R2 2025.

  • Ba í ola théite (34%), gás príomhlíne (33%), agus leictreachas (26%) ina dhiaidh sin an príomhbhreosla téite spáis ba choitianta a úsáideadh in aonaid chónaithe a raibh Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) acu suas go dtí R3 2026.

Mol Tithíochta

Tá nuashonrú ar an Mol Tithíochta foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (25 Samhain 2026). Baintear úsáid as na sonraí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile sa Mhol chun aon ionad cuimsitheach amháin a chur ar fáil maidir le sonraí tithíochta in Éirinn (féach an Nóta don Eagarthóir thíos chun tuilleadh eolais a fháil).

Ag labhairt dó faoin Mol Tithíochta, dúirt Steven Conroy, Staitisteoir sa Rannóg Tithíochta: “Is é cuspóir an Mhoil Tithíochta seo staitisticí maidir le tithíocht in Éirinn ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus ó eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí a chur i dtoll a chéile in aon áit amháin atá éasca le haimsiú. Tá na sonraí sa Mhol Tithíochta curtha i láthair faoi cheithre phríomhthéama: Tógáil Aonad Cónaithe, Praghsanna agus Cíosanna Maoine, Costais Aonaid Chónaithe a Thógáil, agus Gnéithe Tithíochta.

Ó eisíodh an preasráiteas deiridh, cuireadh dhá chuid nua leis an Mol Tithíochta. Tagann sonraí maidir leis na hábhair nua sin ón aschur maidir le Sraith Cheannródaíoch na rannóige tithíochta nua, a foilsíodh i mí na Samhna 2026. Ar an gcéad dul síos, tugann eisiúint na hEarnála Cíosa in Éirinn [EN] léargas ar an earnáil cíosa in Éirinn ón 31 Nollaig 2024, bunaithe ar mheaitseáil sonraí riaracháin. Cuirtear staitisticí maidir le Réadmhaoine atá ar Cíos, Tiarnaí Talún agus Tionóntaí i láthair astu féin do thionóntachtaí Comhlachta Phríobháidigh Tithíochta agus Comhlachta Ceadaithe Tithíochta (AHB). Ar an dara dul síos, cuireann eisiúint na gCeannaitheoirí Céaduaire faisnéis ar fáil faoi cheannaitheoirí céaduaire i dtéarmaí an phraghais a íocadh, aois, ioncam agus inscne na gceannaitheoirí, luach an mhorgáiste i gcomparáid leis an bpraghas ceannaigh, úsáid an deontais cabhair chun ceannaigh, cineál teaghaise, achar urláir, bliain tógála, agus an rátáil fuinnimh foirgnimh (RFF).

Chomh maith leis na codanna nua seo, cuirtear forléargas ginearálta ar fáil sa Mhol Tithíochta ar na staitisticí tithíochta is cothroime le dáta in Éirinn, a chuireann ar ár gcumas treochtaí atá ag teacht chun cinn a aithint. Mar shampla, a mhéid a bhaineann le Tógáil Aonad Cónaithe, 10,154 Aonad Cónaithe Nua a Cuireadh i gCrích [EN] i mí Iúil, i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair (R3) 2026, sin ardú 10.4% ar na trí mhí chéanna in 2025. Faoi Phraghsanna agus Cíosanna Réadmhaoine, is léir sna sonraí is déanaí ón bPraghasinnéacs Réadmhaoine Cónaithe [EN] gur tháinig ardú 4.7% ar phraghsanna réadmhaoine cónaithe sna 12 mí go dtí mí an Mhárta 2026, sin laghdú 5.1% sa bhliain go dtí mí Feabhra 2026.

Is léir ó na sonraí sa Phraghasinnéacs Tomhaltóirí ón eisiúint is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh Léargas ar Chostais Lín Tí [EN], go bhfuil méadú 36% tagtha ar phraghsanna cíosa le cúig bliana anuas agus go bhfuil méadú 98.3% tagtha ar chostais Úis Mhorgáiste. Nuair a dhéantar comparáid idir mí Dheireadh Fómhair 2026 agus mí Dheireadh Fómhair 2025, is léir go bhfuil ardú 7% tagtha ar chíosanna, agus go bhfuil ardú 10.8 % tagtha ar Ús Morgáiste.

Chomh maith leis sin, is féidir léargais fuinnimh a fháil ó eisiúint na Rátálacha Fuinnimh Foirgneamh Cónaithe [EN]. Mar shampla, fuair níos mó ná 99% de na haonaid chónaithe a ndearnadh iniúchadh orthu a tógadh ó 2020 rátáil A nó A0. Ba é leictreachas an breosla téite spáis ba choitianta a úsáideadh in aonaid chónaithe a tógadh le linn na tréimhse ó 2015 go dtí an lá atá inniu ann, agus ba í ola téite ba choitianta a úsáideadh in aonaid chónaithe rátáilte a tógadh roimh an mbliain 2000."

Maidir leis an Mol Tithíochta

Sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh an Mol Tithíochta in 2024 chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar staitisticí tithíochta agus ar fhaisnéis atá níos tráthúla agus níos éasca le fáil. Is acmhainn aonair sonraí é seo ar ár suíomh gréasáin a bhailíonn staitisticí maidir le tithíocht agus a thugann cothrom le dáta go huathoibríoch iad de réir mar a fhoilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh agus eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí iad trína dtairseach sonraí oscailte, data.cso.ie. Ligeann sé seo d’úsáideoirí sonraí a bhaineann leo féin a chuardach, a íoslódáil, agus léirithe amhairc a chruthú ar an mbealach is fearr a oireann dóibh. 

Tá solúbthacht ag baint le struchtúr an Mhoil chun go mbeifear in ann sonraí nua a chur leis de réir mar a bhíonn siad ar fáil, mar aon le hábhair nua a áireamh, agus nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. Fáiltíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh thuairimí agus moltaí ó úsáideoirí an ardáin seo, ar féidir iad a sheoladh chuig housing@cso.ie.

Gabhann Rannóg Tithíochta na Príomh-Oifige Staidrimh a mbuíochas leis na rannóga inmheánacha éagsúla sa Phríomh-Oifig Staidrimh a chabhraigh le forbairt an Mhoil Tithíochta nua. Tugaimid aitheantas freisin don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) as a gcuid sonraí chur ar fáil lena n-úsáid sa Mhol Tithíochta.

Buaicphointí ón Mol Tithíochta

Tosú Tithíochta

Taisceadh thart ar 2,556 fógra tosaithe le haghaidh árais chónaithe nua i mí Dheireadh Fómhair 2026, sin ardú 77% ar mhí Dheireadh Fómhair 2025.

Praghsanna Tomhaltóirí

Is léir ón bPraghasinnéacs Tomhaltóirí i mí Dheireadh Fómhair 2026, go bhfuil ardú 12.7% tagtha ar chíosanna na nÚdarás Áitiúil ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 agus go bhfuil ardú 5.5% tagtha ar Chíosanna Príobháideacha le bliain anuas.

Costas Ábhar Tógála

Tháinig ardú 24.3% ar phraghas macadam biotúmanach, asfailt agus eibleachtaí biotúmanacha i mí Dheireadh Fómhair 2026, a d’fhág gurbh iad na hábhair thógála seo a raibh an t-athrú céatadáin ba mhó i bpraghas i gceist leo thar 12 mhí sa Phraghasinnéacs Mórdhíola d’ábhair thógála agus fhoirgníochta.

Praghsanna Réadmhaoine

Tháinig ardú 3.9% ar phraghsanna réadmhaoine i mBaile Átha Cliath agus tháinig ardú 5.4% ar phraghsanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i gcomparáid le Meán Fómhair 2025.

Fostaíocht san Earnáil Tógála

Bhí 200,500 oibrí fostaithe san earnáil tógála i R1 2026, i gcomparáid le 177,500 i R3 2025.

Rátálacha Fuinnimh Foirgnimh (RFF)

Faoi dheireadh R3 2026, bhí rátáil RFF faighte ag níos mó ná 1.4 milliún aonad cónaithe. As sin fuair 19% rátáil A0 nó A, 18% rátáil B agus 30% rátáil C. Fuair os cionn 12,000 aonad cónaithe an rátáil A0 ó tugadh isteach é an 24 Bealtaine 2026.

Críochnú Aonad Cónaithe Nua (NDC)

Léiríonn sonraí NDC R1 2026:

  • Gur tháinig ardú 9.8% ar líon na n-árasán a cuireadh i gcrích i R3 2026 i gcomparáid le  R3 2025, sin ardú ó 3,154 go 3,464.
  • Gur tháinig  ardú 2.1%  ar líon na n-aonad cónaithe aonair a cuireadh i gcrích ó 1,496 i R3 2025 go 1,527 i R3 2026.
  • Gurb ionann aonaid chónaithe scéime agus 51% de na haonaid chónaithe nua a cuireadh i gcrích i R3 2026, agus gurb ionann árasáin agus 34% agus aonaid chónaithe aonair agus 15%.

Ceadanna Pleanála

Tithe a bhí in 53% de na haonaid chónaithe ar fad ar tugadh cead pleanála dóibh i R2 2026, agus árasáin a bhí sa 47% eile.

Saintréithe Ceannaitheoirí Réadmhaoine Cónaithe

Bhí beagnach aon trian de na daoine (32%) a cheannaigh aonad cónaithe in 2024 35 bliana d’aois nó níos óige. Bhí thart ar 11% de na ceannaitheoirí 60 bliain d'aois nó níos sine.

Ceannaitheoirí Céaduaire

Ba é €82,600 an t-ioncam airmheánach a bhí ag gach ceannaitheoir céaduaire in Éirinn in 2024. Tabhair faoi deara, i gcás beirt a cheannaigh réadmhaoin le chéile, gur ionann an figiúr ioncaim agus an dá ioncam. Ba i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an t-ioncam ceannaitheora céaduaire airmheánach ab airde, ba é sin €120,100. Ba i gCill Mhantáin a bhí an dara ioncam ab airde, ba é sin €96,800, agus ba i mBaile Átha Cliath Theas a bhí an tríú ioncam ab airde, ba é sin €95,600.

An Earnáil Cíosa

Is é is dóichí go mbeadh Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) C ag Maoin atá ar Cíos san earnáil cíosa phríobáidigh in 2024. Bhí ollioncam iomlán de níos ísle ná €60,000 ag thart ar 62% de thiarnaí talún ó gach foinse ioncaim in 2024. Is léir ó na sonraí maidir le tionóntaí go raibh an tUalach Cíosa is airde do thionóntaí a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus timpeall air in 2024.

Folúntas Cónaithe Bunaithe ar Thomhaltas Méadraithe Leictreachais

Ba é 3.2% an ráta folúntais náisiúnta measta bunaithe ar thomhaltas íseal leictreachais i R4 2024. Ba iad na hÚdaráis Áitiúla leis na rátaí folúntais ba airde sa tréimhse seo ná Liatroim (7.8%), Dún na nGall (6.3%), agus Maigh Eo (6.0%).

Teagmhálaithe

R-phost housing@cso.ie
R-phostPressOffice@cso.ie

-- CRÍOCH --