Sna chéad trí mhí de 2026, cuireadh tús le tógáil 8,408 teach.
Críochnaíodh 7,856 teaghais nua i mí Eanáir, mí Feabhra agus mí an Mhárta (R1) 2026, méadú 32.9% ar an tréimhse chéanna in 2025 agus an líon críochnuithe ab airde don chéad ráithe ó cuireadh tús leis an tsraith in 2011.
Tháinig méadú 6.5% ar an Innéacs Náisiúnta Praghsanna Maoine Cónaithe (RPPI) sna 12 mhí go Márta 2026, síos ón 6.7% a taifeadadh sa bhliain go Feabhra 2026. D’íoc teaghlaigh meánphraghas €392,000 ar mhaoin chónaithe sa tréimhse seo.
In R1 2026, bhí 195,600 oibrí fostaithe san earnáil tógála, suas ó 177,800 in R1 2025.
I mí Aibreáin 2026, tháinig méadú 10.3% ar phraghas macadam biotúmanach agus asfalt, rud a d’fhág gurbh iad na hábhair thógála seo a raibh an t-athrú céatadáin ba mhó i bpraghas orthu thar 12 mhí san Innéacs Praghsanna Mórdhíola d’ábhair thógála agus fhoirgníochta.
Bhí méadú bliantúil 7.9% ar líon iomlán na n-aonad teaghaise ar tugadh cead pleanála dóibh, ó 32,401 aonad in 2024 go 34,974 in 2025. Tá sé seo i gcomparáid le laghdú bliantúil 21.4% idir 2023 agus 2024.
Ba é €33.39 an meánchostas iomlán saothair in aghaidh na huaire san earnáil Tógála i R1 2026, suas ó €32.11 i R1 2025.
Ba é €29.00 an meántuilleamh in aghaidh na huaire san earnáil Tógála i R1 2026, suas ó €28.13 i R1 2025.
Cuirtear sonraí mionsonraithe faoin tithíocht a bhaineann le réimse téamaí ar fáil ar an Mol Tithíochta. Déantar athnuachan ar shonraí na Príomh-Oifige Staidrimh ar an Mol de réir mar a fhoilsítear eisiúintí nua agus déantar uasdátú ar na sonraí ó fhoinsí eile go huathoibríoch de réir mar a bhíonn siad ar fáil. Úsáideann an Mol ár dtairseach sonraí oscailte, data.cso.ie nó PxStat, a ligeann d'úsáideoirí sonraí atá ábhartha dóibh a chuardach, iad a íoslódáil agus íomhánna a chruthú astu ar an mbealach is fearr a oireann dóibh.
Tá solúbthacht ag baint le struchtúr an Mhoil chun go mbeifear in ann sonraí nua a chur leis de réir mar a bhíonn siad ar fáil, mar aon le hábhair nua a áireamh, agus nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. Fáilteoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh mholtaí nó ráitis ó úsáideoirí an ardáin seo. Is féidir iad a sheoladh chuig Housing@cso.ie.
Ba í Fine Gall (1,048) an t-údarás áitiúil inar cuireadh tús leis an líon ba mhó aonad sna chéad trí mhí de 2026, agus Cathair Bhaile Átha Cliath ina diaidh sin (721).
B’ionann aonaid árasáin agus 41%, nó 3,378 aonad, de líon iomlán na n-aonad teaghaise ar deonaíodh cead pleanála dóibh i R4 2025, méadú 16% i gcomparáid leis na 2,922 aonad ar deonaíodh cead dóibh i R4 2024.
Léiríonn sonraí Críochnuithe Teaghaisí Nua R1 2026:
Sna 12 mhí go Márta 2026, tháinig méadú 5.1% ar phraghsanna tithe i mBaile Átha Cliath agus tháinig méadú 7.8% ar phraghsanna árasán. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, tháinig méadú 6.8% ar phraghsanna tithe agus tháinig méadú 12.0% ar phraghsanna árasán.
Ag féachaint ar an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí, bhí méadú 5.6% ar chíosanna údaráis áitiúla sna 12 mhí go Nollaig 2025.
I R1 2026, ba é 195,600 líon na n-oibrithe a bhí fostaithe san earnáil Tógála. Ina measc sin, d’oibrigh 62% díobh go príomha ar fhorbairtí tithíochta nua nó ar athchóirithe.
I 2025, bhí rochtain idirlín ag formhór na dteaghlach (95%), go príomha trí leathanbhanda fosaithe (87%).
Bhain níos mó ná aon trian (35%) de theaghaisí a raibh Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) acu rátáil A nó B amach faoi R1 2026.
Níor athraigh aois airmheánach na gceannaitheoirí idir 2022 agus 2024 agus bhí sí fós ag 40 bliain thar gach cineál idirbhirt. I measc ceannaitheoirí aonair, thit an aois airmheánach ó 43 go 42 sa tréimhse chéanna, ach thit aois airmheánach na gcomhcheannaitheoirí ó 39 go 38.
I R4 2024, ba é 3.2% an ráta folúntais náisiúnta measta bunaithe ar thomhaltas íseal leictreachais. Ba iad na hÚdaráis Áitiúla leis na rátaí folúntais ba airde sa tréimhse seo ná Liatroim (7.8%), Dún na nGall (6.3%), agus Maigh Eo (6.0%).
| R-phost | housing@cso.ie |
|---|---|
| R-phost | PressOffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Mol Tithíochta
D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) nuashonrú inniu (28 Bealtaine 2026) ar an Mol Tithíochta. Úsáideann an Mol na sonraí is déanaí ón CSO agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile chun ionad ilfhreastail cuimsitheach a chur ar fáil do shonraí tithíochta in Éirinn (féach an Nóta don Eagarthóir thíos chun tuilleadh eolais a fháil).
Ag trácht dó ar an Mol Tithíochta, dúirt Steven Conroy, Staitisteoir sa Rannóg Tithíochta:“Is é cuspóir an Mhoil Tithíochta ná staitisticí tithíochta in Éirinn ón CSO agus ó eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí a thabhairt le chéile in aon suíomh amháin atá éasca le haimsiú. Tá na sonraí sa Mhol Tithíochta roinnte ina gceithre phríomhthéama: Tógáil Tithe, Praghsanna agus Cíosanna Maoine, Costas Tithe a Thógáil, agus Gnéithe Tithíochta. Is féidir linn staitisticí agus treochtaí spéisiúla faoi gach ceann de na téamaí seo a anailísiú.
Cuireann an Mol Tithíochta forléargas ginearálta ar na staitisticí tithíochta is cothroime le dáta in Éirinn ar fáil, rud a chuireann ar ár gcumas treochtaí atá ag teacht chun cinn a aithint. Mar shampla, maidir le Tógáil Tithíochta, bhí 7,856 críochnú teaghaise nua i R1 2026. Ba mhéadú 32.9% é seo i gcomparáid leis na 5,911 críochnú teaghaise i R1 2025. Is ionann é seo agus an líon críochnuithe is airde don chéad ráithe ó cuireadh tús leis an tsraith in 2011.
Faoi Phraghsanna agus Cíosanna Maoine, léiríonn na sonraí is déanaí gur tháinig méadú 6.5% ar phraghsanna maoine cónaithe sna 12 mhí go Márta 2026, síos ón méadú 6.7% a taifeadadh sa bhliain go Feabhra 2026. Tháinig méadú 5.7% ar phraghsanna maoine i mBaile Átha Cliath agus tháinig méadú 7.2% ar phraghsanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i gcomparáid le Márta 2025.
Ag féachaint ar Chostais Tithe a Thógáil agus ag úsáid staitisticí ón eisiúint is déanaí ón CSO maidir le Tuilleamh agus Costais Saothair , feicimid gurbh ionann an meánchostas iomlán saothair in aghaidh na huaire san earnáil tógála agus €33.39 i R1 2026, suas ó €32.11 i R1 2025.
Maidir le Gnéithe Tithíochta, léiríonn an eisiúint is déanaí maidir le Clúdach agus Úsáid Idirlín in Éirinn go raibh nasc idirlín ag formhór mór (95%) na dteaghlach in Éirinn in 2025. Ag féachaint ar rochtain idirlín ar bhonn réigiúnach, ba i réigiún Bhaile Átha Cliath ba airde an nascacht idirlín i measc teaghlach (97% de theaghlaigh), i gcomparáid le 93% de theaghlaigh sna réigiúin Teorann (an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach), an Lár-Iarthair (an Clár, Luimneach agus Tiobraid Árann), agus an tOirdheisceart (Ceatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge agus Loch Garman).
Maidir leis an Mol Tithíochta
Sheol an CSO an Mol Tithíochta in 2024 chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar staitisticí tithíochta agus ar fhaisnéis atá níos tráthúla agus níos éasca le fáil. Is acmhainn aonair sonraí é seo ar ár suíomh gréasáin a bhailíonn agus a nuashonraíonn go huathoibríoch staitisticí maidir le tithíocht de réir mar a fhoilsítear iad ag an CSO agus ag eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí trína dtairseach sonraí oscailte, data.cso.ie. Ligeann sé seo d’úsáideoirí sonraí atá ábhartha dóibh a chuardach, a íoslódáil, agus léirithe amhairc a chruthú ar an mbealach is fearr a oireann dóibh.
Cuireann struchtúr an Mhoil solúbthacht ar fáil chun sonraí nua a chur leis de réir mar a bhíonn siad ar fáil, chun ábhair nua a chur san áireamh, agus chun nuashonruithe níos rialta a dhéanamh. Cuireann an CSO fáilte roimh thuairimí agus moltaí ó úsáideoirí an ardáin seo, ar féidir iad a sheoladh chuig housing@cso.ie.
Gabhaíonn Rannóg Tithíochta an CSO a mbuíochas leis na rannóga inmheánacha éagsúla san CSO a chabhraigh le forbairt an Mhoil Tithíochta nua. Aithnímid freisin an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) as úsáid a gcuid sonraí sa Mhol Tithíochta.