Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

20 Léargas Oideachais ó Staitisticí chun 20 Bliain de Fás Aníos in Éirinn a Chomóradh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Léiríonn léargas ó 20 bliain den staidéar Fás Aníos in Éirinn an chaoi a mhúnlaíonn eispéiris luatha agus dearcthaí i leith na scoile torthaí oideachais

  • Bhain beagnach gach leanbh 5 bliana d’aois (96%) a ndearnadh suirbhé orthu ó Chohórt ’08 leas as an mbliain réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE)

  • Idir Chohórt ’98 agus Chohórt ’08, bhí beagnach 80% de thuismitheoirí ag súil go mbainfeadh a leanbh céim nó cáilíocht níos airde amach

  • Thaitin an scoil i gcónaí le níos mó ná 40% de chailíní ag 9 mbliana d’aois i gCohórt ‘08, i gcomparáid le 25% de bhuachaillí

Trácht an Staitisteora

Agus leanaí agus daoine óga ar fud na hÉireann ag filleadh ar sheomraí ranga, ar choláistí agus ar ionaid oiliúna i mí Mheán Fómhair seo, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag comóradh 20 bliain ó cuireadh tús leis an staidéar fadaimseartha is faide atá ar bun sa tír ar leanaí agus ar dhaoine óga, Fás Aníos in Éirinn (FAÉ), trí aird a tharraingt ar 20 príomhléargas oideachais a fuarthas le linn na tréimhse sin.

Tá FAÉ á bhainistiú i gcomhpháirt ag an bPríomh-Oifig Staidrimh agus ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais agus tugann sé deis uathúil scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar tháinig athrú le himeacht ama ar eispéiris agus ar thorthaí oideachais leanaí agus daoine óga in Éirinn, ón réamhscoil agus ón mbunscoil go dtí an t-ardoideachas agus luathbhlianta na haosachta.

Tá níos mó ná 30,000 leanbh agus duine óg san áireamh sa staidéar thar chohóirt chomhleanúnacha a rugadh in 1998, 2008 agus 2024. Chuir na léargais bonn eolais faoi fhorbairt beartais i réimsí an oideachais, an chúraim leanaí, na folláine, an neamhionannais agus an chuimsithe shóisialta, agus chuir siad fianaise uathúil ar fáil ar an gcaoi ar féidir le heispéiris le linn na hóige tionchar a imirt ar thorthaí níos déanaí sa saol.

Léiríonn na torthaí a bhfuil aird á tarraingt orthu inniu gur féidir le scileanna luathlitearthachta, eispéiris dhearfacha ar scoil, ionchais tuismitheoirí agus cúinsí socheacnamaíocha tionchar a imirt ar mhianta oideachais, ar rannpháirtíocht agus ar ghnóthachtáil i bhfad isteach san aosacht.

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Katie O'Farrell, Staitisteoir Sinsearach sa CSO agus Ceann Rannóige do Shuirbhé Fás Aníos in Éirinn: “Is ionann mí Mheán Fómhair agus filleadh ar scoil – bíodh sé sin ar an gcéad lá sna naíonáin shóisearacha, ag aistriú go dtí an mheánscoil, nó ag tosú bliain scrúdaithe. Is deis mhaith é machnamh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha againn ó 20 bliain de Fás Aníos in Éirinn faoi aistir oideachais leanaí.

Ceann de na teachtaireachtaí is soiléire ón staidéar is ea an tábhacht a bhaineann le hoideachas na luathbhlianta. I gCohórt ’08, bhain beagnach gach leanbh 5 bliana d’aois (96%) leas as an mbliain réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige, agus mheas a dtuismitheoirí go raibh formhór na leanaí 5 bliana d’aois (85%) réidh don scoil. Léiríonn na torthaí freisin gur féidir le scileanna luathlitearthachta tionchar fadtéarmach a imirt, agus gur mhó an seans go ndéarfadh leanaí a d’éirigh go maith i dtrialacha stór focal ag 5 bliana d’aois go léidís ar mhaithe le pléisiúr gach lá ag 9 mbliana d’aois.

Bhí ionchais na dtuismitheoirí go mbainfeadh a leanbh cáilíocht ar leibhéal céime ar a laghad amach beagnach uilechoiteann: bhí beagnach 80% de thuismitheoirí sa dá chohórt ba shine againn ag súil go mbainfeadh a leanbh céim nó cáilíocht níos airde amach. Ag léiriú an tionchair a bhí ag an meon sin, de réir sonraí Chohórt ’98, bhí céim bainte amach faoi 25 bliana d’aois ag beagnach 70% de na daoine óga fásta a raibh a dtuismitheoirí ag súil leis sin nuair a bhí siad 9 mbliana d’aois.

Is féidir iad siúd atá fós leochaileach inár sochaí a aithint ach breathnú níos géire ar na sonraí: ba lú an seans go mbainfeadh leanaí ó líonta tí ar ioncam níos ísle i gCohórt ’08 príomhchlocha míle teanga amach ag 5 bliana d’aois agus ba mhó an seans nach mbeadh fáil acu ar ghléas oiriúnach, amhail ríomhaire glúine nó táibléad, don fhoghlaim sa bhaile le linn na hógántachta.  Nuair a cuireadh ceist orthu faoina gcumas acadúil féin ag 13 bliana d’aois, bhí 37% de leanaí a rugadh in 1998 a raibh Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) orthu ag súil le céim a bhaint amach, i gcomparáid le 54% díobh siúd nach raibh RSO orthu.

Agus Fás Aníos in Éirinn ag comóradh 20 bliain ar an bhfód, léiríonn na torthaí seo luach na fianaise fadtéarmaí maidir le tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir le heispéiris óige agus teaghlaigh tionchar a imirt ar mhianta, ar rannpháirtíocht agus ar thorthaí oideachais isteach san aosacht.”

20 Léargas Oideachais ó 20 Bliain de Fás Aníos in Éirinn

Na Luathbhlianta Scoile

  • Faoi 2013, bhain beagnach gach leanbh cúig bliana d’aois (96%) leas as an mbliain réamhscoile saor in aisce faoin Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (Cohórt ’08).
  • Dúirt thart faoi aon cheathrú cuid de na teaghlaigh a raibh a leanaí rugadh in 2008 nach mbeadh sé d’acmhainn acu a leanbh a chur chuig réamhscoil in éagmais na scéime um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige.
  • D’aontaigh an chuid is mó de Phríomhchúramóirí (85%) go raibh na scileanna réamhléitheoireachta agus réamhscríbhneoireachta riachtanacha don scoil ag a leanbh ag 5 bliana d’aois (Cohórt ’08).
  • Dúirt níos mó ná 40% de na leanaí a fuair na scóir is airde i dtrialacha foclóra ag 5 bliana d’aois go raibh siad ag léamh ar mhaithe le spraoi gach lá ag 9 mbliana d’aois, i gcomparáid le 22% díobh siúd a fuair na scóir is ísle sa triail (Cohórt ’08).

Mothúcháin faoin Scoil

  • Le himeacht ama mhéadaigh an céatadán leanaí ar thaitin an scoil leo ag 9 mbliana d’aois: thaitin an scoil i gcónaí a le 27% díobh siúd a rugadh in 1998 agus le 33% díobh siúd a rugadh in 2008.
  • Ba mhó an seans go ndéanfadh páistí a rugadh in 1998 a bhí 9 mbliana d'aois agus a dúirt ag 9 mbliana d’aois nár thaitin an scoil ná a múinteoir leo riamh iad féin a mhí-iompar ar scoil ag 13 bliana d’aois.
  • Bhí seans i bhfad níos lú ann go rachadh daoine a rugadh in 1998 agus nár thaitin an scoil dara leibhéil leo ag 17 nó 18 mbliana d’aois ar aghaidh chuig an ardoideachas, i gcomparáid leo siúd ar thaitin an scoil dara leibhéil leo (52% i gcomparáid le 77%).

Difríochtaí Inscne

  • Thuairiscigh thart faoi 14% de Phríomhchúramóirí go raibh sé deacair ar a leanbh suí go socair agus éisteacht sa rang ag 7 nó 8 mbliana d’aois. Bhí sé seo ina dheacracht níos mó do bhuachaillí (19%) ná do chailíní (8%) (Cohórt ’08).
  • Thaitin an scoil i gcónaí le níos mó ná 40% de chailíní ag 9 mbliana d’aois, i gcomparáid le 25% de bhuachaillí (Cohórt ’08).
  • Bhí níos mó ná an tríú cuid de chailíní a rugadh in 2008 ag léamh ar mhaithe le spraoi gach lá ag 9 mbliana d’aois, i gcomparáid le 27% de bhuachaillí.
  • Bhí difríochtaí inscne ann maidir le caidrimh dhiúltacha a thuairisciú. Dúirt níos mó cailíní (73%) ná buachaillí (52%) a rugadh in 2008 nár dhóchúil go dtabharfaí amach dóibh mar gheall ar mhí-iompar ag 13 bliana d’aois.

Uaillmhianta Oideachais

  • Bhí ionchais tuismitheoirí go mbainfeadh a leanbh céim ollscoile nó cáilíocht níos airde amach sách láidir. Bhí beagnach 80% de Phríomhchúramóirí na leanaí a rugadh in 1998 agus a bhí 13 bliana d'aois ag súil go mbainfeadh siad céim amach, agus bhí an céatadán céanna ag súil leis sin do na leanaí a rugadh in 2008 nuair a bhí siad 9 mbliana d’aois.
  • I measc na ndaoine i gCohórt ‘98 agus nár thaitin an scoil leo riamh ag 9 mbliana d’aois, bhí sé mar uaillmhian ag 36% acu dul ar aghaidh chun céim a bhaint amach nuair a cuireadh ceist orthu ag 13 bliana d’aois, i gcomparáid le níos mó ná leathchuid díobh siúd ar thaitin an scoil leo i gcónaí nó cuid den am.
  • Nuair a cuireadh ceist orthu faoina gcumas acadúil féin ag 13 bliana d’aois, bhí 37% de leanaí a rugadh in 1998 a raibh Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) orthu ag súil le céim a bhaint amach, i gcomparáid le 54% díobh siúd nach raibh RSO orthu.

Gnéithe Socheacnamaíocha

  • Bhí difríochtaí ann maidir le príomh-chlocha míle a bhaint amach ag 5 bliana d’aois ag brath ar shaintréithe an líon tí. Ní raibh príomh-chlocha míle teanga bainte amach ag beagnach 40% de na leanaí a thosaigh ar an scoil faoi Mheán Fómhair 2012 agus a tháinig ó na teaghlaigh ar ioncam ab ísle, i gcomparáid le 19% de na leanaí ó na teaghlaigh ar ioncam ab airde (Cohórt ’08).
  • Bhí éagsúlacht ann de réir shaintréithe líonta tí maidir le fáil ar ghléas (ríomhaire glúine, ríomhaire nó táibléad le méarchlár san áireamh) a bhí oiriúnach don fhoghlaim sa bhaile ag 13 bliana d’aois. Ní raibh fáil ar ghléas oiriúnach sa bhaile ag beagnach aon trian (32%) de na leanaí a rugadh in 2008 ó na teaghlaigh ar ioncam ab ísle, i gcomparáid le 23% de na leanaí ó na teaghlaigh ar ioncam ab airde nach raibh fáil acu ar ghléas.
  • Bhí sé an-tábhachtach do 31% díobh siúd a rugadh in 1998 a bheith in ann cónaí sa bhaile agus iad ag staidéar ag 20 bliain d’aois, go háirithe dóibh siúd ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste (44%) ina raibh oideachas dara leibhéal níos ísle nó níos lú ag tuismitheoir.

Torthaí Oideachais

  • Bhí beagnach 70% de dhaoine 20 bliain d’aois i mbun oideachais nó oiliúna, agus bhí sé sin níos coitianta i measc na ndaoine a raibh céim nó cáilíocht níos airde ag a dtuismitheoir (81%) nuair a bhí an duine óg 17 nó 18 mbliana d’aois, i gcomparáid leo siúd ó chúlraí oideachais níos ísle (52%) (Cohórt ’98).
  • Bhí céim nó cáilíocht chomhionann bainte amach ag thart faoi 60% de na leanaí a rugadh in 1998 agus a ghlac páirt sa suirbhé faoi 25 bliana d’aois.
  • I measc na ndaoine a raibh a dtuismitheoirí ag súil go mbainfidís céim amach ag 9 mbliana d’aois, bhí beagnach 70% tar éis céim a bhaint amach faoi 25 bliana d’aois. I gcomparáid leis sin, bhí cáilíocht ar leibhéal céime bainte amach ag 37% de na freagróirí nach raibh an meon sin ag a dtuismitheoirí faoi 25 bliana d’aois (Cohórt ’98).

Nótaí d'Eagarthóirí

Is é Fás Aníos in Éirinn an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí agus ar dhaoine óga in Éirinn. Tá an staidéar, a sheol an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais in 2006 agus a bhíodh á dhéanamh ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, á bhainistiú anois i gcomhpháirt ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais agus ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Tá níos mó ná 30,000 leanbh agus duine óg san áireamh ag an staidéar thar cohóirt éagsúla a rugadh in 1998, 2008 agus 2024.

Tá na figiúirí san eisiúint seo bunaithe ar fhreagraí a thug rannpháirtithe i suirbhé Fás Aníos in Éirinn. Tá tuilleadh eolais faoin staidéar ar fáil ar shuíomh gréasáin an CSO. Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis na freagróirí rannpháirteacha agus lena dteaghlaigh as a gcomhoibriú leanúnach, as aontú páirt a ghlacadh i suirbhé FAÉ agus as bailiú na sonraí ábhartha a éascú.

Teagmhálaithe

R-phost gui@cso.ie
R-phostPressOffice@cso.ie