Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Suirbhé Sciobtha CSO nua ar líne: COVID-19 – Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Suirbhé Sciobtha nua COVID-19 – Ár Saol Cúig Bliana ar Aghaidh seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag iarraidh ar dhaoine a bheith páirteach inniu (17 Eanáir 2025) inár Suirbhé Sciobtha gearr ar líne is déanaí: COVID-19 – Ár Saol Cúig Bliana ar Aghaidh.

Beidh sé cúig bliana i mí an Mhárta 2025 ó d’athraigh bagairt COVID-19 saol mhuintir na hÉireann in aon oíche amháin nach mór.  Tá sé mar aidhm ag ár suirbhé gearr an tionchar a bhí ag na hathruithe, má bhí tionchar ar bith acu, ort féin nó ar do theaghlach le linn na tréimhse sin a thomhas. 

Tá an Suirbhé Sciobtha seo ón bPríomh-Oifig Staidrimh ag dul beo inniu agus is féidir teacht air ar ár gcainéil meán sóisialta nó ar ár suíomh gréasáin. Is féidir le duine ar bith atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus a bhfuil cónaí orthu in Éirinn a bheith páirteach sa suirbhé. Cuirfear clabhsúr leis an suirbhé ag meán oíche an 3 Feabhra 2025 agus foilseofar na torthaí i mí an Mhárta, i gcomhthráth leis an am ar tugadh isteach na srianta in Éirinn mar fhreagairt ar an bpaindéim.

Dúirt Fiona O’Riordan, ceann rannóg Bailithe Sonraí Sóisialta na Príomh-Oifige Staidrimh:  “Sa suirbhé seo, iarraimid ort insint dúinn faoin athrú atá tagtha ar do shaol le cúig bliana.  An bhfuil tionchar forleathan ag cianobair ar do shástacht poist, ar do chothromaíocht oibre is saoil, nó ar do dheiseanna le haghaidh ardú céime? An raibh tionchar ag dúnadh scoileanna nó coláistí ar d’oideachas agus forbairt shóisialta féin nó ar oideachas agus forbairt shóisialta do leanaí? An raibh tionchar aige ar do chaidrimh phearsanta, nó an bhfuil athrú tagtha ar do dhearcadh maidir le haclaíocht nó na meáin shóisialta? 

Má shocraíonn tú páirt a ghlacadh sa suirbhé gairid seo, tabharfaidh tú léargas luachmhar ar thionchar na paindéime ar shaol na ndaoine in Éirinn. Níor chóir go nglacfadh sé níos mó ná 10 nóiméad an suirbhé a líonadh amach agus is féidir é a dhéanamh ar aon chineál gairis, fón póca san áireamh.

Trí pháirt a ghlacadh sa Suirbhé Sciobtha seo tugtar deis duit do ghuth a chur leis an taifead tábhachtach seo ar an gcaoi ar fhreagair muid mar náisiún don phaindéim agus mar a dhéileáil muid leis an bpaindéim

Eolas faoi Shuirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh

Is suirbhéanna gearra agus rialta ar líne iad Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh a ghlacann ‘cuisle’ an náisiúin faoi ábhar ar leith ag pointe ama ar leith.  Is iondúil go gcuirtear ceisteanna de chineál tuairimíochta iontu nó go bhféachtar le dearcadh an phobail i leith imeachtaí nó saincheisteanna áirithe a thomhas iontu. Cuidíonn Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh, atá mar chuid d’Fheachtas Glac Páirt na Príomh-Oifige Staidrimh, leis an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí ábhartha tráthúla a chur ar fáil maidir le hábhair a mbíonn tionchar acu orainn go léir.  Tugann Suirbhéanna Sciobtha tuiscint níos fearr dúinn ar an gcaoi a mbraitheann daoine faoi shaincheisteanna a théann i bhfeidhm orainn ar fad sa saol. 

Tá Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh difriúil ó shuirbhéanna líonta tí agus fiontraíochta eile a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO).  Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) go leor cineálacha éagsúla suirbhéanna i rith na bliana ar ábhair cosúil le sláinte, taisteal, coireacht agus folláine, a chabhraíonn le heolas a thabhairt don phobal agus do lucht déanta beartas. Cé go roghnaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh na daoine aonair agus na líonta tí a ghlacann páirt sna cineálacha sin suirbhéanna go randamach, tugann Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh deis do dhaoine páirt a ghlacadh sa suirbhé dá ndeoin féin. Ba mhaith linn do scéalsa a bheith mar chuid de scéal na hÉireann.

Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, bíodh tú ag glacadh páirt i Suirbhé Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh nó ceann atá á dhéanamh ag ár bhFoireann Suirbhéanna, go bhfuil do chuid rúndachta a chosaint ag croílár gach rud a dhéanaimid. Tá do rúndacht faoi chosaint ag an dlí, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid.  Ní úsáidimid na sonraí a chuireann tú ar fáil ach chun críocha staidrimh agus sin amháin. 

Chun níos mó a fháil amach faoin údar ar féidir leat muinín a bheith agat as an bPríomh-Oifig Staidrimh le do chuid faisnéise, féach ar an gcuid Iontaoibh agus Trédhearcacht ar ár suíomh gréasáin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Fheachtas Glac Páirt na Príomh-Oifige Staidrimh agus faoin gcur chuige atá againn i leith Shuirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh, féach ar na Ceisteanna Coitianta.

Teagmhálaithe

Fiona O’Riordan (+353) 21 453 5277
R-phost CSOTakePart@cso.ie
R-phostPressOffice@cso.ie

-- CRÍOCH --