Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Léargas ón bPríomh-Oifig Staidrimh ar na hainmneacha leanaí ba mhó tóir i Nollaig 2023

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Holly ar an ainm ba mhó tóir i measc ainmneacha do chailíní a rugadh i mí na Nollag

  • Ba í Holly an t-ainm ba mhó tóir nó ag roinnt an chéad áit do chailíní a rugadh i mí na Nollag le deich mbliana anuas. 

  • Bhí Holly agus Noah i measc na n-ainmneacha ba mhó tóir do leanaí a rugadh i mí na Nollag 2023.

  • Rugadh 38 leanbh níos lú ar Lá Nollag 2023 le hais an lá céanna in 2013. 

Ainmneacha Leanaí Nollaig 2023

Tá an preasráiteas seo á chur ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (24 Nollaig 2024). Tugtar eolas ann faoi na hainmneacha a roghnaítear do leanaí aimsir na Nollag.

Rugadh 75 leanbh ar Lá Nollag 2023, 38 buachaill agus 37 cailín. Cé nach féidir na hainmneacha a roghnaíodh don líon beag leanaí seo a thabhairt le fios, dealraíonn sé go bhfuil tionchar na féile Nollag i bhfeidhm agus ainmneacha á roghnú do chailíní a rugadh i mí na Nollag.

Ba iad na hainmneacha ba choitianta a tugadh ar chailíní i mí na Nollag 2023 ná Holly agus Éabha (30 araon) sa chéad áit, Sadie (28), agus Sophie agus Grace (27 araon).

Ba iad na hainmneacha ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí i mí na Nollag 2023 ná Jack (53), ag teacht le treochtaí don chuid eile den bhliain; Noah (46), Liam (33), Cillian (31), le Theo agus Rían sa chúigiú háit (28 araon). Bhí bunús sa Bhíobla le ceithre as na cúig ainm buachalla ba mhó tóir i mí na Nollag 2022, ach ba é Noah an t-aon ainm amháin leis an nasc sin i mí na Nollag 2023.

2023 le hais 2013

Ag féachaint siar 10 mbliana, tá difríochtaí áirithe ann, go háirithe ag baint leis an líon linbh a rugadh ar Lá Nollag. Rugadh 113 leanbh ar Lá Nollag 2013, 65 buachaill agus 48 cailín.

Chomh fada is a bhain sé le hainmneacha buachaillí a rugadh i mí na Nollag 2013, ba iad na hainmneacha ba mhó tóir ná Jack (69); James (55); Noah (54); Conor (50); agus Daniel (49).

Ba iad na hainmneacha ba choitianta a tugadh ar chailíní i mí na Nollag 2013 ná Holly (83); Sophie (50); Ella (45); Emily (42); agus Lucy agus Amelia (38 araon).

Déanann Seán O’Connor, Staitisteoir sa Rannóg Staitisticí Beatha, trácht ar na figiúirí: “Ag breathnú ar na hainmneacha ba mhó tóir do leanaí a rugadh i mí na Nollag 2023, feicimid tionchar an tséasúir go soiléir ó thaobh ainmneacha na gcailíní de.

Le linn 2023, bhí 104 cailín leis an ainm Holly, an 50ú hainm ba choitianta, ach bhí Holly, chomh maith le hÉabha sa chéad áit ar na hainmneacha ba mhó tóir i mí na Nollag 2023, le 30 leanbh. Ba í Holly sa chéad áit, nó ag roinnt an chéad áit ó thaobh ainmneacha na gcailíní de, do chailíní a rugadh i mí na Nollag le 10 mbliana anuas.”

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi Ainmneacha Leanaí na hÉireann in 2023 anseo: https://www.cso.ie/en/baile/eisiuinti/epi/p-ibn/ainmneachaleanainaheireann2023/

Foilseofar figiúirí i leith Ainmneacha Leanaí na bliana 2024 i bhFeabhra 2025.

Teagmhálaithe

R-phost pressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --