Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Fógra maidir le Ceapachán Ard-Stiúrthóra 2024

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Ard-Stiúrthóir nua na Príomh-Oifige Staidrimh

Tar éis próiseas den Choiste Ceapacháin Ardleibhéil (CIC), agus tar éis ainmniúchán a fháil ón Taoiseach, tá Jennifer Banim ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi Alt 12(1) den Acht Staidrimh, 1993 le héifeacht ón 31 Bealtaine 2024.

Beidh sé 75 bliain i mbliana ó bunaíodh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus is í Jennifer Banim Uasal an chéad Ard-Stiúrthóir mná ar an bPríomh-Oifig Staidrimh ó bunaíodh í ar an 1 Meitheamh 1949.

Tá sí ina comhalta de Bhord Bainistíochta na Príomh-Oifige Staidrimh ó 2013 i leith agus sular ceapadh ina hArd-Stiúrthóir í, bhí sí ina hArd-Stiúrthóir Cúnta ar an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a bhí freagrach as Staidreamh Eacnamaíoch. Thosaigh sí ag obair sa Phríomh-Oifig Staidrimh ina Staitisteoir i mí Dheireadh Fómhair 1991, agus d'oibrigh sí i roinnt réimsí lena n-áirítear Comhardú na nÍocaíochtaí agus Staitisticí Airgeadais, Modheolaíocht Staidrimh, agus Teicneolaíocht. Tá Jennifer ina comhchathaoirleach faoi láthair ar Bhord Feidhmiúcháin Ghrúpa Ardleibhéil Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) um Nuachóiriú Staidrimh.

Rinne sí staidéar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, bhain sí céim BSc amach sna hEolaíochtaí Matamaitice Feidhmeacha agus chríochnaigh sí Dioplóma i bhForbairt Straitéise agus Nuálaíocht le déanaí i Scoil Ghnó Michael Smurfit an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Maidir lena ceapachán ina hArd-Stiúrthóir ar an bPríomh-Oifig Staidrimh, dúirt Jennifer:  “Is cúis áthais dom an ról tábhachtach seo a ghlacadh i m’Ard-Stiúrthóir ar an bPríomh-Oifig Staidrimh.  Is foinse neamhspleách iontaofa léargais í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus is gné fhíor-riachtanach í i sochaí dhaonlathach eolasach. Anois agus í 75 bliain ar an bhfód, tá ceangal láidir bunaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh le muintir na hÉireann bunaithe ar ár bprionsabail neamhchlaontachta, rúndachta, cháilíochta agus ionracais.   Tá an caidreamh iontaofa seo i gcroílár gach rud a dhéanaimid, agus táim ag tnúth le bheith i gceannas ar an bPríomh-Oifig Staidrimh, agus ar a foireann thiomanta agus dhúthrachtach, sa chéad chéim eile dá seirbhís do mhuintir na hÉireann. Táim ag súil go mór le forbairt a dhéanamh ar na deiseanna tagtha le ról athraitheach na Príomh-Oifige Staidrimh, ina measc siúd, léargas níos fearr a sheachadadh trí foinsí sonraí nua, agus níos mó seirbhísí staitistiúla a sholáthar ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí, iad go léir chun tacú le léargas neamhspleách agus cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt don obair mhór a rinne mo réamhtheachtaí Pádraig Dalton, a d’éirigh as an státseirbhís an tseachtain seo.  Le linn a ghairmréime mór le rá, léirigh Pádraig ceannaireacht, fís straitéiseach agus léargas gairmiúil. Is léiriú é tiomantas Phádraig do léargas na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) a roinnt leis an lucht spéise is leithne agus is féidir ar an tuiscint atá aige ar an luach a bhaineann le staitisticí oifigiúla agus ar cheart an phobail maireachtáil i sochaí eolasach. Aithnítear go forleathan ceannaireacht agus comhoibriú Phádraig ar chúrsaí staidrimh ar leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí na Náisiúin Aontaithe agus Eurostat, agus tá ardmheas air.  Thar ceann na Príomh-Oifige Staidrimh, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis as an méid atá bainte amach aige agus guím gach rath air amach anseo.”

Íomhá

Tá cead ag na meáin an íomhá seo a úsáid ach an Phríomh-Oifig Staidrimh a lua leis.

Teagmhálaithe

R-phost pressoffice@cso.ie
R-phosteolas@cso.ie

-- CRÍOCH --